Ní dhearna Cré na Cille ciníoch díom

Seachain nach bhfágtar sinn le litríocht lán de chacamas ceartchreidmheach ceartasphrofáilte fáiscthe as domhan nach ann

Ní dhearna Cré na Cille ciníoch díom

Is aisteach an saol é – saol nua dár bhformhór an taobh seo domhan.

Agus mé ag caint le fear an lá cheana a bhfuil scéin ann ag an víreas seo, is ea a meabhraíodh dom arís an t-athrú mór atá ar an saol.

Nuair a thagadh drochaimsir, triomach nó aicíd fadó, a deir mo dhuine, ghabhadh na daoine ag an Aifreann agus deirtí ualach paidreacha ag iarraidh ar Dhia fóirithint orthu agus d’fhaigheadh siad faoiseamh intinne agus misneach.

An uair seo dúradh linn fanacht sa mbaile, nach i dteach an phobail ná ó Dhia a thiocfadh faoiseamh ach ó uisce is galaoireach agus an pobal a sheachaint.

Ar ndóigh cuireann an fear díomhaoin cathú ar an diabhal agus le cúpla mí anuas braithim an dúil agus an mhuinín sa gcinsireacht ag borradh arís sa bhfolús diamhair seo.

Athléamh á dhéanamh ar na saothair is mó a mbíonn ráchairt is cáil orthu agus profáil chine is inscne á déanamh orthu.

Is maith sin, ní hionann pléisiúr na dea-litríochta agus adhradh an ainghnímh. Is ón litríocht agus na meáin eile a fhaigheann ár bhformhór léargas ar shaol eile seachas ár gcarn aoiligh beag féin.

Ní deas linn cuid mhaith di ach an cóir mar sin í a cheilt orainn?

Más cóir, cén fáth ar ghoill an chinsireacht chomh mór sin ar scríbhneoirí a bhíodh ag scríobh faoina siosúr? Cén fáth gur bhraitheadar gur croimeasc a bhí inti a bhí á dtachtadh agus á bplúchadh?

Ní maith liom an foréigean. Ar cheart gach amhrán, dán, leabhar agus scannán a mholann an doirteadh fola a chosc ar fad, amhrán náisiúnta ‘na ngunnaí scréach’ ina measc? The Quiet Man agus na westerns lena n-íomhá mhíchuí den fhearachas agus den bheanachas le díothú go brách?

Ní deas liom ainmhithe a mharú ar mhaithe le goile nó cóir leighis an duine. Ar chóir gach leabhar ina ndéantar seilg, búistéireacht ná iascach a scrios? Ní maith liom foréigean is díspeagadh ar mhná, ar fhir, ar an aois, ar an easlán, ar ghasúir, ar ainmhithe.  Slán le Cochaillín Dearg agus an Damhán Alla ‘a ndearnadh scraith dó anuas faoin talamh’.

Ní maith liom an coilíneachas. An bhfuil litríocht uilig na gcoilíneach ar fud an domhain le cur sa gcarn athchúrsála agus sliocht agus teangacha uilig na gcoilíneach le séanadh is le damnú?

Ní maith liom an sclábhaíocht. An bhfuil díchuimhne le cothú ar na daoine ar fad a thit i bpeaca a linne?

Ní maith liom an steiréitíopáil inscne. Sin Peig Sayers bhocht agus an Bíobla díliostáilte chomh maith le formhór chlasaicí mór le rá na bpáistí.

Ní maith liom daoine a bhíonn i mbun na gadaíochta cultúir, go háirithe ar mhaithe le magadh.

Ar chóir An Béal Bocht a chur sa mbruscar?

Ní maith liom forainmneacha inscnedheimhneacha. Faightear réidh leis na scríbhneoirí nach seachnaíonn na peacaí sin ina saothar.

Cré na Cille lán le ciníochas, Deoraíocht lán le méideachas is meáchanachas, tá An Direánach lán le fearachas, Mac an tSaoi lán le beanachas agus RTÉ lán le haicmeachas.

Sin gan saol pearsanta na bhfilí, na scríbhneoirí agus na n-ealaíontóirí a phrofáil in aon chor, agus ós daoine seachas déithe iad, chuirfinn geall go bhfuil siad féin agus a saol chomh crosach céanna liom féin.

Caithfidh mé a rá nach é saol príobháideach Mhichelangelo a bhí i mo chloigeann sa Séipéal Sistíneach, nach ndearna Cré na Cille ciníoch díom, agus nach fuath do chléir shantach na huilechumhachta a ghin saothar an Fhlaitheartaigh ionam.

Ní dóigh go bhfuil dalta ná léitheoir sa tír nár phléigh na ‘achasaí’ seo ar fad agus go raibh de mheabhair ag daoine stuama an ceart agus t-éigeart a mheá agus a anailísiú de réir a luachanna féin.   

Cinneann orm féin an peaca i saothar cruthaitheach dea-scríofa a léiríonn tréithe is fuath liom a aithint. Ach tá daoine ann a chreideann go láidir gur mithid gortghlanadh is párghlanadh is físghlanadh a dhéanamh fiú más scáthán ar an tráth ar scríobhadh iad na saothair.

Ach céard a bheas fágtha, má scriostar na suáilcí agus na duáilcí? Damnú is breithiúnas na meán sóisialta agus litríocht lán de chacamas ceartchreidmheach ceartasphrofáilte gan blas ná dath a fháiscfear as domhan nach ann?

Agus ealaíontóirí seasca.

Fágtar ag na scríbhneoirí a gcuid aiteas agus a gcuid daonnachta agus aithnítear a saothar agus a saoithiúlacht mar obair duine beag suarach daonna.

Fágtar agamsa litríocht na ngoiríní is na daonnachta, duine beag suarach mé féin.

Fág freagra ar 'Ní dhearna Cré na Cille ciníoch díom'

  • Lelia Ní Chinnéide

    Is breá liom an alt seo!

  • alan titley

    An-phíosa go deo! Má ghéilleann tú don léirmheastóireacht ar bhonn cheartchreideamh na huaire, is ionann é agus go raibh an ceart ar fad ag an eaglais agus ag an bpuschinsireacht a déanadh ar scríbhneoirí agus ar scannáin na hÉireann ar feadh leathchéad bliain. Níl ann ach gur athraigh na gardaí mórálta, sin an méid.

  • Eilis Ní Anluain

    Sár phíosa scríbhneoireachta!