Ní dhéanfar maolú ar bith ar na srianta nó go gcuirfear an galar faoi chois sna tithe altranais – Holohan

Tá bás 28 duine eile fógartha ó dheas agus os cionn 20,000 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn, 3,016 cás ó thuaidh agus 17,607 cás ó dheas

Ní dhéanfar maolú ar bith ar na srianta nó go gcuirfear an galar faoi chois sna tithe altranais – Holohan

Ní scaoilfear na srianta a tugadh isteach le dul i ngleic le Covid-19 nó go n-éiríonn leis na húdaráis scaipeadh an ghalair a shrianadh i dtithe altranais agus in ionaid chúraim eile.

Sin a dúradh ag preas-ócáid na Roinne Sláinte tráthnóna, mar a fógraíodh bás 28 duine eile ó dheas.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go gcaithfeadh laghdú suntasach a bheith ar líon na gcásanna in ionaid chúraim chónaithe sula bhféadfaí aon scaoileadh nó maolú a dhéanamh ar na srianta. 

Dúirt an Dr. Holohan go raibh sé riachtanach an slabhra scaipthe a bhriseadh nó go bhféadfadh na hionaid chúraim sin an víreas a scaipeadh in athuair sa bpobal ar fad.

Dúirt an Dr Holohan dá mba inniu a bheadh air an cinneadh a dhéanamh faoi na srianta, nach mbeadh sé ag moladh don Rialtas iad a scaoileadh.

Deimhníodh tráthnóna 936 cás nua den choróinvíreas.

Dúirt an Dr Holohan go raibh an t-ardú mór ar líon na gcásanna nua a fógraíodh inniu á chur síos don ardú mór a bhí tagtha ar líon na dtástálacha atá á ndéanamh i dtithe altranais agus ionaid chúraim eile.

De réir na bhfigiúirí nua, 1,057 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 263 ó thuaidh den teorainn agus 794 ó dheas di.

Triúr ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

Tugadh le fios go raibh téarnamh déanta ag dhá thrian de na daoine a deimhníodh go raibh Covid-19 orthu.

20,623 cás den choróinvíreas atá deimhnithe in Éirinn, 3,016 cás ó thuaidh agus 17,607 cás ó dheas.

Fógraíodh níos luaithe go raibh triúr déag eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe in ospidéil an Tuaiscirt.

Ag preasócáid na Roinne Sláinte tráthnóna, dúradh go raibh ag éirí leis na hiarrachtaí scaipeadh an ghalair a choimeád faoi chois sa phobal ach nárbh amhlaidh an scéal sna hionaid chúraim, cé go raibh dul chun cinn á dhéanamh.

Baineann 2,960 de na cásanna deimhninthe le hionaid chúraim.

Daoine in ionaid chúraim a bhí i gceist le 433 den 794 bás atá deimhnithe go dtí seo, nó 55% den iomlán. 361 cás a bhain le tithe altranais.

Tugadh le fios chomh maith tráthnóna go bhfuil an ráta atáirgthe, nó ráta scaipthe an ghalair, tite go dtí idir 0.5 agus 0.8.

Is ionann sin agus a rá, as gach beirt a tholgann an Covid-19, ní thabharfaidh duine amháin acu d’aon duine eile é agus ní thabharfaidh an dara duine do níos mó ná duine amháin eile é.

Thart ar 100 duine sa lá a bhí á gcur in ospidéal i dtús an Aibreáin agus tá an líon sin tite anois go dtí thart ar 40 duine sa lá.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, go bhféadfaí a rá gur “náid i ndáiríre” an ráta fáis atá i gcásanna nua den Covid-19 ó thús an Aibreáin.

Dúirt Nolan chomh maith, áfach, go gcaithfí an líon othar atá in ionaid chúraim agus in ionaid phobail a laghdú go dtí leibhéal a bhféadfaí á láimhseáil sula ndéanfaí aon mhaolú ar na srianta.

Tugadh rabhadh chomh maith go bhféadfadh an ráta scaipthe athrú.

Dúradh gur éirigh linn an dul chun cinn maidir leis an ráta scaipthe a dhéanamh trí fanacht amach óna chéile ach go raibh sé fíorthábhachtach go leanfaimis leis an scoitheadh fisiciúil.

Dúirt an Dr Holohan go raibh sárú beag á dhéanamh ar na srianta ó thaobh tráchta agus daoine ag bogadh anonn is anall.

Thug an WHO le fios inniu go bhfuil beagnach leath de na daoine ar fad a chuir an coróinvíreas den saol san Eoraip ina gcónaí in ionaid chúraim. Dúirt an Dr Hans Kluge, Stiúrthóir Réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) gur “údar buartha an-mhór” an scéal maidir le daoine a bhí ina gcónaí in ionaid chúraim go fadtéarmach.

“De réir na meastachán atá á gcur ar fáil ag tíortha i réigiún na hEorpa, bhí suas le leath de na daoine a bhásaigh de bharr Covid-19 ina gcónaí go fadtéarmach in ionaid chúraim. Is deacair a shamhlú go dtarlódh a leithéid de thubaiste do dhaoine,” arsa  an Dr Hans Kluge.

Fág freagra ar 'Ní dhéanfar maolú ar bith ar na srianta nó go gcuirfear an galar faoi chois sna tithe altranais – Holohan'