‘Ní dhéanfaí a leithéid don cheol clasaiceach agus dá ndéanfaí bheadh Éirí Amach eile ann’ – Ó Beaglaoich

Cáineadh déanta ar chinneadh na Comhairle Ealaíon maoiniú a bhaint d’fhéilte ceoil traidisiúnta. Cúis ‘náire’ don Chomhairle é, a deir Breanndán Ó Beaglaoich

23086455875_e684a36bde_b

Is cúis ‘náire’ don Chomhairle Ealaíon é nár éirigh le haon fhéile cheoil Ghaeltachta maoiniú a fháil uathu don bhliain 2016, dar leis an gceoltóir Breanndán Ó Beaglaoich, duine de lucht eagraithe Scoil Cheoil an Earraigh.

Tá Scoil Cheoil an Earraigh i measc na gceithre fhéile Ghaeltachta ar baineadh díobh an maoiniú a bhíodh á fháil acu ón gComhairle.

Tuairiscíodh sa Journal of Music an tseachtain seo go bhfuil ciorruithe de 41% déanta ag an gComhairle Ealaíon ar an maoiniú a thabharfar d’fhéilte ceoil traidisiúnta i mbliana – ó €73,815 go €43,254. Anuraidh tugadh maoiniú do 15 féile ceoil traidisiúnta ach ní bhfaighidh ach ocht gcinn maoiniú ón gComhairle i mbliana.

Tá ceithre fhéile Ghaeltachta i measc na seacht gcinn nach bhfaighidh aon mhaoiniú ar chor ar bith do 2016. Is iad na féilte sin ná Éigse an Spidéil, i gCois Fharraige; Cruinniú na bhFliúit i Múscraí; Scoil Cheoil an Earraigh i gCorca Dhuibhne; agus Tionól Niocláis Tóibín sna Déise.

Tugadh €4,000 d’Éigse an Spidéil anuraidh, féile a dhéanann ceiliúradh ar amhránaíocht, damhsa, filíocht agus ealaíona Chois Fharraige. Pingin ní bhfaighidh an fhéile ó chiste na Comhairle Ealaíon i mbliana agus níl “míniú sásúil” faighte ag lucht a heagraithe, a dúirt Deirdre Nic Con Aonaigh, atá ar choiste na féile, le Tuairisc.ie.

“Fuair muid an litir díreach roimh an Nollaig a dúirt nach bhfaighidh muid an tacaíocht i mbliana. Tá ciorruithe á ndéanamh ar an gceol traidisiúnta le blianta anuas agus dáiríre tá muid bréan de.

“Bhíodh muid ag fáil maoiniú ón Údarás faoi scéim mhaith a bhíodh acu sin ach tá sé sin imithe anois. Fuair muid an maoiniú ón gComhairle Ealaíon cheana ach ní bhfaighidh muid i 2016 é agus níl míniú sásúil tugtha acu dúinn.

“D’fhiosraigh muid an scéal agus dúradh linn go ndearnadh moladh tacú leis an Éigse ach gur theip ar ár n-iarracht ina dhiaidh sin agus níl mé cinnte cén fáth,” a dúirt Nic Con Aonaigh.

D’fhaigheadh Scoil Cheoil an Earraigh, atá á reáchtáil le 11 bliain anuas i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, maoiniú ón gComhairle ó cuireadh an fhéile ar siúl den chéad uair i 2005.

“Buille trom” don fhéile, ar cheadaigh an Chomhairle €9,000 anuraidh di, atá i mbaint an mhaoinithe, dar leis an gceoltóir agus láithreoir teilifíse Breanndán Ó Beaglaoich. Dúirt Ó Beaglaoich le Tuairisc.ie go bhfuil an méid atá déanta ag an gComhairle Ealaíon i leith an cheoil traidisiúnta “náireach”.

“Fuaireamar cabhair ón dtús uathu, is iadsan an príomheagras Rialtais a thugann tacaíocht dár leithéid agus b’iadsan ba mhó a thug cabhair dúinn ón uair a thosnaíomar.

“Bhí €9,000 ann agus ansin de gheit tá an bonn bainte dínn. Déantar an-chuid oibre ar bhonn deonach anseo ach tá costais le híoc againn mar sin féin. Is mór an náire é, ní hamháin dúinne ach do na féilte eile traidisiúnta ar fad agus do na féilte Gaeltachta go háirithe. Ní dhéanfaí a leithéid don gceol clasaiceach agus dá ndéanfaí bheadh Éirí Amach eile ann,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin go bhfuil an ceol traidisiúnta in Éirinn “thar n-ais chuig an áit a rabhamar ó thaobh stádais de” is a bhí os cionn 30 bliain ó shin nuair a bhí an lámh go mór in uachtar, dar leis, ag stíleanna eile ceoil, an ceol clasaiceach go háirithe.

Tá feachtas ifundraise.ie tosaithe ag Scoil Cheoil an Earraigh chun an t-airgead nach bhfaighfear ón gComhairle Ealaíon a thiomsú.

Fág freagra ar '‘Ní dhéanfaí a leithéid don cheol clasaiceach agus dá ndéanfaí bheadh Éirí Amach eile ann’ – Ó Beaglaoich'

  • micheal

    Ba cheart do Heather Humphries eiri as a post, is mor an scannal De i. Is leir nach bhfuil tuiscint na baidh ar bith aici le hoidhreacht…go hairithe an oidhreacht aitiuil….. le stair, le ceol na le duchas na hEireann. Ach da olcas i, bhuaigh Jimmy Deenihan uirthi maidir le duire agus aineolas. Ach is macasamhail thar barr i de mheon aigne Fhine Gael agus cuid mhaith da lucht tacaiochta i leith cultur na tire seo. Bhi Ceol an Earraigh i dtus cadhnaiochta mar fheile cheoil, feile a thug ardu meanman do dhaoine i gCorca Dhuibhne e fein agus doibh siud on taobh amuigh a dh´fhreastail ar an ocaid lonnrach, earrachtuil seo agus a leitheidh ag teastail go gear i gceantar ata thios go mor leis an imirce. Pingini beaga suaracha sa chomhtheacs naisiunta an 9000 a baineadh diobh ach suim ghroi sa chomhtheacs aitiuil. Cuirimis ar bhfeirg in iul do Humphreys ach cuirimis ar lamha inar bpocai i gcomhair Fundit chomh maith ceanna. Nar imi Ceol an Earraigh le leabhar chur na habhann agus biodh suil in airde againn gurb i sin an chrioch a bhearfaidh ar Humphries agus a camthai caolaigeanta, cul le cine.

  • Seán

    A chara,
    Ní hé an Comhairle Ealaiona amháin atá ag déanamh ciorraithe i réimse na healaíona tradisiúnta, ach Foras na Gaeilge leis. Bainfear beagnach €35000 de dheontas Oireachtais na Gaeilge do 2016 agus beidh na Ceanneagraiochta nua thíos leis chomh maith.

    le meas
    Seán

    • Feardorcha

      Is iad an rialtas a mhaoiníonn Foras na Gaeilge. Agus táid tar éis buiséad FnaG a laghdú arís eile i mbliana.

  • padraig

    Foc an diabhail iad, votalafaidh caoire na hEireann doibh ina ……….dtreada aris eile.