‘Ní dhéanfadh aon fhocal Gaeilge aon chreimeadh ar mo chuid aontachtais’

Deir Diane Dawson, príomhoide Scoil Braniel in oirthear Bhéal Feirste, go bhfuil brón agus fearg uirthi nár osclaíodh Naíscoil na Seolta ar láthair a scoile

‘Ní dhéanfadh aon fhocal Gaeilge aon chreimeadh ar mo chuid aontachtais’

Deir príomhoide a bhí sáinnithe i lár na conspóide faoi bhunú na chéad naíscoile Gaeilge in oirthear Bhéal Feirste nach aon dochar an Ghaeilge dá cuid aontachtais.

Dúirt Diane Dawson, príomhoide Scoil Braniel chomh maith gur údar “díomá” agus “bróin” di nár osclaíodh Naíscoil na Seolta ar láthair a scoile.

Bhí Naíscoil na Seolta, an chéad naíscoil imeasctha Ghaeilge ó thuaidh, le lonnú i seomra ranga de chuid Scoil Braniel in Oirthear Bhéal Feirste ach chinn lucht na naíscoile láthair nua a aimsiú de bharr feachtas fuatha ar na meáin shóisialta in aghaidh a bunaithe.

In agallamh leis an BBC, dúirt Príomhoide scoil Braniel, Diane Dawson, nach raibh “aon bhagairt” i gceist le páistí a bheith ag foghlaim na Gaeilge.

“Is aontachtach mé agus ní dhéanfadh aon fhocal Gaeilge aon chreimeadh ar mo chuid aontachtais, nó ní bhainfeadh sé de ar dhóigh ar bith, go háirithe i gcás leanaí ag foghlaim na ndathanna ar shuíomh Braniel.

“Tá brón orm, tá samhnas orm, tá fearg orm agus tá éadóchas orm faoin dóigh a bhogfaimid Tuaisceart Éireann ar aghaidh,” a dúirt sí

Ag labhairt di leis an BBC, dúirt Diane Dawson, go raibh lucht bainistíochta Scoil Braniel, pobal na scoile agus tuismitheoirí “iontach tógtha” leis an naíscoil a bheith ar shuíomh na scoile.

“An rud is mó a ghoilleann orm ná na páistí beaga. Ní dhéanann sé ciall ar bith dom go mbeadh aon bhagairt i gceist le páiste ar láthair scoile ar bith.

“Ba cheart do na daoine sin a rinne uirlis pholaitiúil den scéal féachaint orthu féin go cúramach,” a dúirt Diane Dawson.

Sa ráiteas a chur Scoil Braniel amach faoin naíscoil Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste dúradh gur  “dea-chomhartha” a bhí sa tionscadal don “athmhuintearas” agus gur léirigh an scéal go bhfuil tuiscint “ag bláthú sa Tuaisceart go mbaineann an Ghaeilge le cách”.

Ceathrar daltaí a thosaigh ar an naíscoil nua Ghaeilge an mhí seo agus beidh ceathrar eile ag teacht ag tús na míosa seo chugainn.

Is in ionad Eaglais an Chomhbhráithreachais Chríostaí ar Bhóthar Belmont i mBéal Feirste atá an naíscoil nua lonnaithe.

Cé go raibh gach áit sa chéad bhliain líonta ag Naíscoil na Seolta ag tús an tsamhraidh, bheartaigh roinnt teaghlach a gcuid leanaí a thógáil as an naíscoil de bharr na conspóide a bhain lena bunú.

Tá spásanna ann anois do leanaí sa cheantar ar mian leo freastal ar Naíscoil na Seolta i mbliana.

Tugadh le fios an tseachtain seo go bhfuil cainteanna ar bun chun an chéad Ghaelscoil imeasctha Ghaeilge a bhunú ó thuaidh.

Is í an fhís atá ann go mbeadh ‘Scoil na Seolta’ réidh le hoscailt faoi cheann dhá bhliain in oirthear Bhéal Feirste, nuair atá daltaí na naíscoile in aois bunscoile.

Fág freagra ar '‘Ní dhéanfadh aon fhocal Gaeilge aon chreimeadh ar mo chuid aontachtais’'