Ní dhéanann 85% de dhaoine fásta ó dheas aon iarracht feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge tar éis an scoil a fhágail

Céatadán beag de daoine ó thuaidh agus ó dheas a rinne iarracht ‘uair amháin’ feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus tá deacrachtaí go leor leis an teanga fiú ag cainteoirí ‘ardlíofa’

reading-216862_1280

Ní dhéanann 85% de dhaoine fásta ó dheas ná 89% de dhaoine fásta ó thuaidh aon iarracht bhreise feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge i ndiaidh dóibh an scoil a fhágail, de réir na tuarascála nua ón ESRI ar dhearcadh a phobail i leith na Gaeilge.

Céatadán beag (5% ó dheas agus 4% ó thuaidh) a rinne iarracht ‘uair amháin’ feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge mar dhaoine fásta agus timpeall a dhá oiread sin (10% ó dheas agus 9% ó thuaidh) a rinne ‘cúpla iarracht’.

Tugtar le fios sa taighde nach measann ach 3% de phobal an deiscirt go bhfuil ‘cumas an chainteora dúchais’ acu ach ní chreideann ach 1% ó thuaidh go bhfuil an cumas sin acu. Os a choinne sin, bhí 11% de dhaoine fásta ó dheas a mheas go dtuigfidís ‘an chuid is mó de chomhráití’ i nGaeilge; 2% a raibh an tuairim sin acu ó thuaidh.

Deirtear sa taighde go bhféadfaí ‘tuilleadh iarrachtaí’ a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn taobh amuigh den Ghaeltacht ‘trí ghníomhaíochtaí fóillíochta ag leibhéal áitiúil’. Moltar go mbunófaí ‘caiféanna ina labhraítear Gaeilge’, chomh maith le ‘tithe tábhairne, ionaid chultúir, ionaid súgartha, clubanna óige, clubanna do sheanóirí agus ionaid fóillíochta do dhaoine fásta agus d’ógánaigh’.

Measann údar an taighde go mbeadh ‘tábhacht ar leith lena leithéid i dTuaisceart Éireann’, áit a bhfuil áiseanna den chineál seo ‘níos teoranta’ ná mar atá ó dheas.

Rinneadh scagadh sa taighde ar na deacrachtaí a bhíonn ag daoine a bhfuil bunlíofacht nó ardlíofacht acu maidir le húsáid na teanga.

Mheas 70% acu sa Phoblacht agus 80% ó thuaidh go raibh ‘méid áirithe’ deacrachtaí nó ‘a lán’ deachrachtaí acu iad féin a chur in iúl trí Ghaeilge. Bhí fabhnanna foghraíochta ag sciar suntasach den phobal freisin; dúirt 42% den phobal – thuaidh agus theas – go raibh ‘méid áirithe’ deacrachtaí acu sa réimse sin agus bhí ‘a lán’ deachrachtaí foghraíochta ag 14% ó dheas agus ag 27% ó thuaidh.

Bhí an scéal níos measa ó thaobh na gramadaí de – ní raibh ach duine amháin as gach ceathrar ó thuaidh a chreid nach raibh ‘deacracht ar bith’ acu leis an ngramadach agus bhí an céatadán beagán níos airde (28%) ná sin ó dheas.

Ó tharla an Ghaeilge a bheith mar ábhar riachtanach i gcóras oideachais na Poblachta agus ina hábhar roghnach i scoileanna áirithe ó thuaidh, ní haon ionadh é go bhfuil leibhéil líofachta i bhfad níos airde i bPoblacht na hÉireann. De réir an taighde, tá bunlíofacht ag 43% ó dheas agus ardlíofacht ag 14% eile ach i dTuaisceart Éireann, níl bunlíofacht ach ag 14% agus ardlíofacht ag 3%. Dá bhrí sin, bíonn an Ghaeilge á labhairt níos minice ag pobal na Poblachta (33% am éigin; 13% uair nó níos mó in aghaidh na seachtaine) i gcomparáid le muintir an Tuaiscirt (12% am éigin; 2% uair nó níos mó in aghaidh na seachtaine).