‘Ní den riachtanas é go mbeadh Gaeilge líofa ag duine d’aon phost sa Roinn seo’ – an tAire Caiteachais Phoiblí

Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go léiríonn cás na Roinne Caiteachais Phoiblí ‘an cur i gcéill’ a bhaineann le polasaí earcaíochta na státseirbhíse i dtaobh na Gaeilge

‘Ní den riachtanas é go mbeadh Gaeilge líofa ag duine d’aon phost sa Roinn seo’ – an tAire Caiteachais Phoiblí

Paschal Donohoe. Pictiúr: RollingNews.ie

Ní den riachtanas é go mbeadh Gaeilge líofa ag duine d’aon phost sa Roinn Caiteachais Phoiblí, an roinn atá freagrach as a chinntiú go bhfuil dóthain daoine le Gaeilge sa státseirbhís, dar leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe.

Dúirt an tAire go bhfuil dóthain státseirbhíseach le Gaeilge ina Roinn agus nach gá dá réir aon phost inti a aithint mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leis.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn, áfach, gur “amaidí” a bhí i maíomh an Aire i bhfianaise an scéil go ndúirt státseirbhíseach sa Roinn Caiteachais Phoiblí nach raibh sé de chumas ag a rannóg litir ón gCoimisinéir Teanga a thuiscint ná a fhreagairt i nGaeilge.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur léirigh caint an Aire Donohoe an “cur i gcéill” a bhain le ceist na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta sa státseirbhís agus go raibh sé “craiceáilte” a bheith ag maíomh nár ghá post ar bith sa Roinn Caiteachais Phoiblí a aithint mar phost a raibh sé riachtanach Gaeilge a bheith ag an té a bheadh ina bhun.

Dúirt de Spáinn gur “tromchúisí” an scéal ó tharla gurb í an Roinn sin atá freagrach as a chinntiú go bhfuil dóthain daoine le Gaeilge sa státseirbhís uile agus a bhfuil mar chúram uirthi ranna eile a spreagadh chun poist le riachtanas Gaeilge a shainaithint.

Chosain an tAire Donohoe polasaí teanga a Roinne agus ceist á freagairt aige ón Teachta Dála Éamon Ó Cuív, ceist a bhí bunaithe ar scéal a foilsíodh ar an suíomh seo an mhí seo caite faoin moill a bhain le leagan Gaeilge a chur ar fáil don Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN) a foilsíodh i mBéarla amháin ar an 16 Feabhra i mbliana.

Léirigh cáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise nach raibh aon soláthar déanta ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe d’aistriú an phlean go Gaeilge ag tráth a sheolta agus go raibh orthu tabhairt faoi phróiseas tairisceana poiblí le seirbhís aistriúcháin a earcú.

Léirigh na cáipéisí céanna gur mhol státseirbhíseach sa Roinn do chomhghleacaí léi go dtabharfaí gealltanas don Choimisinéir Teanga go ndéanfaí iarracht feasta a chinntiú go bhfoilseofaí cáipéisí go comhuaineach i mBéarla agus i nGaeilge i gcomhréir le dualgais na Roinne faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. 

Mar fhreagra ar an moladh sin, thug an státseirbhíseach a bhí ag plé le foilsiú an phlean le fios nach bhféadfaí a leithéid de ghealltanas a thabhairt, nach raibh ar chumas a rannóige litir i nGaeilge a scríobh agus nach bhféadfaí fiú sonraí an ghearáin ón Choimisinéir Teanga a dheimhniú ó tharla gur i nGaeilge a rinneadh é. 

“We just don’t have a capacity to deliver a letter in Irish, and can’t validate the detail of the complaint made (as it is in Irish). We also can’t particularly undertake that efforts will be undertaken to ensure this won’t recur, as presumably the Commissioner will expect a DPER corporate response to that effect.”

Ina ainneoin sin, dúirt an tAire Donohoe go raibh sé sásta go raibh dóthain státseirbhísieach sa roinn chun déileáil le fiosrúcháin agus comhfhreagras i nGaeilge.

Dúirt sé gurb é “nádúr” na hoibre a bhíonn ar bun ag an Roinn nach mbíonn mórán teagmhála aici go díreach leis an bpobal agus dá bharr sin nár ghá aon phost a shainaithint mar phost le riachtanas Gaeilge. Dúirt sé go raibh “liosta” oibrithe ann a bhfuil Gaeilge acu agus go bhféadfaidís siúd “cabhrú” le seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil nuair a bheadh a leithéid “ag teastáil”.

“Tá seirbhísí á gcur ar fáil ag mo Roinn go príomha trí Bhéarla le seirbhísí teoranta á gcur ar fáil go dátheangach,” a dúirt an tAire Caiteachais Phoibhí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe.

De réir anailís a rinne Tuairisc.ie anuraidh, ní raibh ach 0.15%, nó níos lú ná an cúigiú cuid d’aon faoin gcéad, de phoist na státseirbhíse daingnithe mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena n-aghaidh.

Fág freagra ar '‘Ní den riachtanas é go mbeadh Gaeilge líofa ag duine d’aon phost sa Roinn seo’ – an tAire Caiteachais Phoiblí'

  • Mánus

    Fan anois go mbeidh Ourselves i mbun margaíochta le Race of the Gaels chun rialtas a bhunú. Is cinnte go niarrfaidh Ourselves go mbeidh an Ghaeilge riachtanach do chuile phost Stáit sna 26 condae agus go mbeidh 23% des na bunscoileanna ina nGaelscoileanna…

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Mártan Ó Náraigh

    Tá an ceart ag an tAire Caiteachais Phoiblí. An bhfuil aon Ghaeilgeoir sa tír seo nach bhfuil ábalta an Béarla a thuiscint? Mar sin, cén fáth an cur amú airgid seo gan tairbhe ar bith do éinne? Seafóid agus amaidí!