‘Ní den riachtanas é go mbeadh Gaeilge ag Aire na Gaeltachta’ – Leo Varadkar

Deir ceannaire nua Fhine Gael le Tuairisc.ie gur leor go mbeadh Aire na Gaeltachta sásta iarracht a dhéanamh líofacht sa teanga a bhaint amach agus gur ‘cruthúnas ceart’ é Joe McHugh ar an méid sin

‘Ní den riachtanas é go mbeadh Gaeilge ag Aire na Gaeltachta’ – Leo Varadkar

Leo Varadkar le Heather Humphreys. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá ráite ag ceannaire Fhine Gael Leo Varadkar le Tuairisc.ie nár ghá go mbeadh Gaeilge líofa ag an aire a bheadh i bhfeighil Roinn na Gaeltachta, fad is go mbeadh an duine sin sásta iarracht a dhéanamh líofacht sa teanga a bhaint amach.

“Is í mo thuairim gur cheart dúinn tuilleadh daoine a spreagadh le Gaeilge a labhairt beag beann ar a gcúlra. Is inspioráid mhór domsa mo chomhghleacaí Joe McHugh mar go ndearna sé a mhíle dícheall ag foghlaim na teanga. Domsa, is cruthúnas ceart críochnaithe é [McHugh] nár cheart líofacht sa Ghaeilge a bheith ina réamhchoinníoll don aireacht sin, fad is atá rún agat iarracht a dhéanamh líofacht a bhaint amach.

“Tá geallta agam féin go n-úsáidfidh mé Gaeilge gach lá agus mé i mo Thaoiseach, má thoghfar sa phost sin mé. Níl aon chinneadh déanta agam fós faoi na hairí sinsearacha,” a dúirt Varadkar.

De réir pobalbhreith nua a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge, dúirt 81% den phobal gur chóir go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag aon aire sinsearach a mbeadh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air/uirthi.

Ní raibh Gaeilge líofa ag an aire sinsearach a raibh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air ó 2011 agus bhain conspóid mhór le ceapadh Joe McHugh ina aire stáit don Ghaeltacht in 2014 toisc nach raibh sé líofa sa teanga.

Tá an cheist seo i mbéal an phobail arís agus daoine ag súil go ndéanfaidh Leo Varadkar atheagar ar an gcomh-aireacht ach é a bheith tofa ina Thaoiseach amárach. Tá Conradh na Gaeilge ag súil go dtapóidh Varadkar an deis duine a bhfuil Gaeilge líofa aige a cheapadh mar Aire Sinsearach sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Ní dócha go bhfuil mórán seans ann go dtabharfadh Varadkar ísliú céime don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta Heather Humphreys. Ach tá Humphreys á lua ar dhuine díobhsan a d’fhéadfadh Varadkar í a bhogadh go dtí Roinn eile agus dá ndéanfaí amhlaidh bheadh deis ag an Taoiseach nua aire sinsearach le Gaeilge a cheapadh sa roinn ar a bhfuil cúraimí na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Thug Varadkar le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil sé i gceist aige aon athrú a dhéanamh ar Roinn na Gaeltachta féin.

“Ní mór cuimhneamh go bhfuil teorainn curtha ag an mBunreacht le líon na n-airí sinsearacha agus nach gceadaítear ach 15 acu, agus má chruthaítear aireacht nua ní mór fáil réidh le ceann eile. Cé go gcloisim go minic daoine ag déanamh moltaí i dtaobh aireachtaí nua, is annamh a deir na daoine sin cén aireacht a bhfaighidís réidh léi,” a dúirt ceannaire Fhine Gael.

Tuairiscítear go bhfuil brú ar Varadkar duine as iarthar na tíre a cheapadh ina aire sinsearach, agus tá Michael Ring as Maigh Eo, aire stáit eile sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, ar dhuine de na daoine is mó atá á lua le hardú céime agus ranna éagsúla á lua leis.

Tá gníomhaithe teanga agus fiú polaiteoirí ón bhfreasúra ag súil go bhfágfar cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta faoin Aire Stáit Seán Kyne agus tá imní orthu go dtabharfaí ardú céime do Ring i Roinn na Gaeltachta toisc go bhfuil cáil na guagachta air mar gheall ar a dhearcadh i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Bhain go leor conspóide le cinneadh Enda Kenny, atá ag éirí as mar Thaoiseach inniu, aire sinsearach agus aire stáit nach raibh Gaeilge ag ceachtar acu a cheapadh sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, mar a bhíodh, i mí Iúil 2014. 

I bpobalbhreith a rinne Millward Brown do Tuairisc.ie in 2014, dúirt 61% de dhaoine nár chóir don Taoiseach Enda Kenny duine a cheapadh mar Aire na Gaeltachta nach raibh líofacht sa Ghaeilge aige.

Dúirt 20% de na rannpháirtithe nár bhotún é.

Deir Conradh na Gaeilge gurbh fhearr a d’fhéadfadh Aire Sinsearach dul i bhfeidhm ar an rialtas maidir leis na dúshláin atá roimh an teanga, an titim ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht a léiríodh i nDaonáireamh 2016 agus an gá le tuilleadh infheistíochta sa teanga san áireamh.

Deir an eagraíocht nár chóir go dtarlódh sé go mbeadh ar phobal na Gaeilge ná eagrais Ghaeilge cumarsáid a dhéanamh i mBéarla leis an Aire sinsearach atá freagrach as gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Fág freagra ar '‘Ní den riachtanas é go mbeadh Gaeilge ag Aire na Gaeltachta’ – Leo Varadkar'

  • Moire

    Cara falsa eile don Ghaeilge.

  • mánus

    Cén fáth go mbeadh? Ní theastaíonn ach Béarla chun plé leis an cuid is mó den “Ghaeltacht” oifigiúil.

  • Moire

    Ara eist a dhuine. Fiu mas urlabhra an Bhearla a usaidtear is faoin nGaeilge ata siad ag caint, no faoin airgead is feidir a shniogadh as an seanstriapach, oir is e sin an t-aon raison d’etre ata aici agus ag gach uile rud beo agus ….ahem… neamhbheo ar na saolta seo. Biodh ciall agat! Da bhri sin is teanga idir eatarthu, ‘Gaerla’, an mean cumarsaide ach is Bearla i bpraitic i. Is Gaeilge a bhionn a labhairt ag na ‘pairtithe leasmhara’ biodh gur go fo-choineasach e ach d’aithneodh aon strainseara oibiachtuil a mbeadh cluasa air, cuir i gcas, gur Bearla atathar a labhairt. Glactar leis an gcros-shiolru seo mar an norm .i. gur feidir Gaeilge a labhairt tri mhean an Bhearla. Glacann gach einne sa Ghaeltacht leis seo. Rud a fhagann nach baol don Ghaeilge fad a mhaireann an Ghaerla beo in Eirinn. Agus an duil mhillteach mhallaithe san airgead. Tabhair an leaba ort fein anois agus codail go samh.