‘Ní de thaisme atá an Ghaeilge ag dul in éag in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh…’

Mothaíonn go leor in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh gur snámh in aghaidh easa atá ann a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn ann, a deir mac léinn amháin

NUIGI ndiaidh dom alt Sheosaimh Uí Chuaig a léamh maidir leis an Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, alt a foilsíodh ar Tuairisc.ie, spreagadh mé chun dul i mbun pinn. Brathaim gur ceart dom cur leis an díospóireacht i bhfianaise na taithí atá agam féin ar an ollscoil.

Tá mé ag déanamh staidéir ar na Dána in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le trí bliana anuas. Tháinig mé aniar as Béal Feirste agus mé ag súil go bhféadfainn leanúint le mo chuid oideachais trí Ghaeilge in áit a shíl mé a bhí ina hollscoil dhátheangach Ghaelach. Tuigim anois cén fáth gur chreid mé an méid sin. Tá foireann bolscaireachta den scoth ag Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.

Tá straitéis chliste ar bun san ollscoil seo le tamall anuas. Cuirtear roinnt cúrsaí léinn, fíorbheagán i ndáiríre, ar fáil trí Ghaeilge sa chéad bhliain. Agus sa chéad bhliain amháin. Feictear dom nach ndéantar aon fhógraíocht cheart ar na cúrsaí sin, agus dá bhrí sin, gur beag rath a bhíonn orthu. Ag deireadh na bliana, bíonn sé de mhisneach ag cuid de lucht na hollscoile a rá ‘nach mbíonn aon éileamh ar na cúrsaí trí Ghaeilge’.

Bíodh is go bhfuil fáil ar chúrsaí Gaeilge, ní dóigh liomsa go bhfuil an caighdeán céanna ag na cúrsaí sin agus atá ag na cúrsaí Béarla. Cén mhaith é mura bhfuil na deiseanna céanna ann dúinne atá ag iarraidh oideachas trí Ghaeilge?

Tá aithne agam ar dhaoine san ollscoil seo, idir scoláirí agus an lucht teagaisc, atá mar chuid den chóras lochtach seo agus mothaíonn siad gur snámh in aghaidh easa atá ann. Lagmhisneach amháin atá mar thoradh ar aon iarracht chun feabhais.

Ní de thaisme atá an Ghaeilge ag dul in éag san ollscoil.

Gan trácht ar an oideachas, is ar éigean is féidir plé le seirbhísí na hollscoile trí Ghaeilge.

Dá bhrí sin, bíonn drogall ar aon duine déileáil leis an ollscoil i nGaeilge- mé féin san áireamh.

Níl mé ag caitheamh anuas ar na hoibrithe san ollscoil. Tá roinnt oibrithe agus léachtóirí den scoth inti a thapaíonn an deis i gcónaí a gcuid Gaeilge a úsáid agus a chur chun cinn. Ach is mionlach iad siúd agus is ón bharr anuas a thagann an fhadhb seo.

Níl aon leigheas agamsa ar an scéal, ach tá rud amháin cinnte. Níl Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag feidhmiú mar is ceart agus is cinnte nach ollscoil dhátheangach í. Faraor, fágtar ar leataobh an Ghaeilge, de bharr ansmacht an bhrabúis, neamhshuim na hollscoile agus neart an Bhéarla.

Céard is fiú 14 bliana d’oideachais trí Ghaeilge a chur díot agus ansin iompú ar an Bhéarla don ollscoil?

Tá sé thar am againn plé a dhéanamh ar ‘Ollscoil lánGhaeilge’. Tuigtear dom go bhfuil Acadamh na hOllscolaíochta ann ar an gCeathrú Rua, ach tchítear domsa nach leor é sin. Má táimid ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge ina teanga fheidhmeach ag an tríú leibhéal, caithfidh muid smaoineamh ar ollscoil lánGhaeilge a bhunú in áit éigin.

Bheadh deis againn cur chuige úr a chur chun cinn ach a leithéid a bheith ann. Thiocfadh linn áit a thógáil ina mbeimis ábalta staidéar a dhéanamh ar ábhair éagsúla i nGaeilge agus ina bhféadfaimis fás agus forbairt mar dhaoine agus an Ghaeilge mar phríomhtheanga againn. Bheadh áit againn ina bhféadfaimis a bheith i mbun plé agus díospóireachta lena chéile inár dteanga féin.  Bheadh áit againn ina bhféadfaimis cead a cinn a tabhairt dár samhlaíocht i dtimpeallacht nádúrtha Ghaelach a bheadh saor ó bhrú an Bhéarla.

Fág freagra ar '‘Ní de thaisme atá an Ghaeilge ag dul in éag in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh…’'

  • padraig

    ‘ansmacht an bhrabúis’ nó faoi mar a thugtar air sa Guardian ‘the commercialisation of education’ , sin í eithne na faidhbe. Caithfear dul i ngleic leis, é a dhianchomhrac ó thalamh, smaointeoireacht dhoimhin a dhéanamh faoi agus na hrgóintí ina choinne a chíoradh agus a eagrú, caithfidh na mic léinn iad héin a mhúscailt agus dul i mbun feachtasaíochta agus máirseála , rinneadh a leithéid sna 70dí chun Scoil Dhúnchaoin a choimeád ar oscailt. An bhfuil an spiorad ceannairceach sin ionaibh a thuilleadh, an dtuigeann mic léinn na tíre seo cad atá ar bun, an dtuigeann siad gur FÉIDIR RUDAÍ A ATHRÚ, nó an cuma sa tsioc leo? B’fhéidir gur ó shráideanna naofa Bhéal Feirste a thiocfaidh athadhaint an spioraid sin? Ní theastaíonn dáiríre ach ceannródaí, ceannairceach,inspioráideach AMHÁIN chun an smóilín sin a chur ag sclimpireacht arís. Ná géillimís don éadóchas, don mhursaireacht, don leithleachas os meán atá inár dtimpeall agus bainimís macalla as inneoin na daonnachta athuair.

  • padraig

    “Níl aon leigheas agamsa ar an scéal…” Tá agus leigheas!

  • sean

    Ceart agat a Naoise agus corplar an chirt… Se an ollscoil lanGhaelainn an leigheas,deinim amach, ach go hairithe.

  • Deasún ÓSeanáin

    Tá mé ar aon intinn le Naoise . Chaith mé féin 4 bliana in Óllscoil na hÉireann Gaillimh mar mhacléinn aibí idir 2004 agus 2008 agus bhí próifíl an-íseal ag an Gaeilge ansin. Nuair a bhí muid ag clarú,bhí dream óg ag próiseáil na foirmeach agus ní raibh Gaeilge ag cúigear as an seisear acu. Agus ní raibh ach caighdéan bunúsach aige!
    Bhí sé an-deacair seirbhís sa teanga sa mBialann a fháil agus bhí an scéal céanna sa siopa leabhair.

    Níl ach freagra amháin-OLLSCOIL GAEILGE AON-TEANGEACH A BHUNÚ!!

  • Mártan Ó Nára

    Níl ach freagra amháin-OLLSCOIL GAEILGE AON-TEANGEACH A BHUNÚ!!
    Ceart go leor ach cá bhfuil na mic léinn agus cé íochfaidh as?

    • Pól Réamonn

      Más féidir linn teacht ar an t-airgead do na baincéirí ansin is féidir linn teacht ar an t-airgead do ollscoil Gaeilge aon-teangeach a bhunú!

  • Glór Í Eo

    B’fhéidir go bhfuil sé in am dúinn a admháil nach bhfuil oiread is suim soip ag na húdaráis sa nGaeilge, ní hamháin sa gcás seo ach sna páirtí polaitíochta, an rialtas, an stáit seirbhís agus araile. Tá corr dhuine anseo is ansiúd agus tá siad in ann difríocht a dhéanamh ina réimse féin, ach go ginearálta níl an díograis ann a shábhálfadh ár dteanga. Tá na gearáin chéanna ag teacht ó lucht na Gaeilge ó na 60í agus fiú roimhe. Mara bhfuilimid in ann brath ar aon rialtas ní mór dúinn tabhairt faoi muid féin. Tá go leor dea-mhéin sa mbaile agus i gcéin chun, ní amháin Ollscoil Ghaeilge, ach baile Gaelach le meánscoil agus bunscoil, cultúrlann, siopaí, oifigí, tithe, árasáin, ionad fiontair a bhunú. Áit a mbeadh in ann seasamh as a stuaim féin. Tá na háiseanna seo ann cheanna ach tá siad scaipthe ar fud na tíre. Tá suíomhanna ag na hEaglaisí nach bhfuil á n-úsáid mórán a thuilleadh. Tá dea-mhéin ag an CLG agus dreamanna nach iad. Táim cinnte go bhfuil daoine le hairgead ann chomh maith. Ní bheadh leath an mhéid a caitheadh ar Uisce Éireann chun a leithéid a dhéanamh. Ach éirímis as an gearán agus an síor-impí. Bímis Dearg le Díograis!

  • Críostóir

    Má tá aon duine sa tóir ar shampla d’Ollscoil dhátheangach, b’fhiú é súil a chaitheamh ar Ollscoil Ottawa. Feidhmíonn sí i mBéarla agus i bhFraincis. Tá Ollscoil Moncton ann chomh maith a bheadh ina sampla an-mhaith d’Ollscoil lán-Ghaeilge aonteangach.