Ní cumhacht na Dála ach a mhalairt a léirigh ceisteanna Catherine Murphy

Tá lánchead cainte sa Dáil slán ó amhras arís, agus tá moladh tuillte ag Catherine Murphy. Ach tá mí-éifeacht Dháil Éireann soiléir

18/9/2012 Dail Scenes

Dheimhnigh an Breitheamh Binchy cumhacht na Dála nuair a dúirt sé san Ard-Chúirt Dé Máirt nach raibh sé ar aon intinn aige riamh ordú a eisiúint a mbeadh tionchar ar bith aige ar chead cainte i nDáil Éireann, ná ar chearta tuairisceoireachta na meán.

Bhí an ceart ó thús, mar sin, ag Pat Rabbitte, a shéan go raibh géarchéim bhunreachtúil buailte linn, fiú má shíl go leor daoine go raibh ar a laghad géarchéim ag bagairt. Tugadh léargas san Ard-Chúirt, ní ar laige ach ar chumhacht an Oireachtais.

Is ag an rialtas ar ndóigh atá an chumhacht is mó ó thaobh polasaithe agus caiteachais de. Ach ní beag an chumhacht a shonraítear in Airteagal 15.12 den Bhunreacht, ar follasaí a scóp do chách:

Gach tuarascáil agus foilseachán oifigiúil ón Oireachtas agus ó gach Teach de, maille le caint ar bith dá ndéantar in aon Teach díobh, táid saor ar chúrsaí dlí cibé áit a bhfoilsítear.

Fiú sarar thug an breitheamh le fios go raibh an cead cainte seo slán ón urghaire a d’eisigh sé in aghaidh RTE, bhí a ndúirt an Teachta Catherine Murphy sa Dáil léite nó cloiste go forleathan. Mar shampla, bhí an taifeadadh dá hóráid a cuireadh ar YouTube íoslódáilte 31,267 uair roimh an éisteacht san Ard-Chúirt, agus ag breis agus 36,000 agus an colún seo á scríobh.

Bhí ráitis an Teachta Dála as Cill Dara Thuaidh sa Dáil faoi chúrsaí Siteserv agus IBRC tomhaiste. Níor chuir sí mí-iompar ná camchleachtais i leith dhuine ar bith agus diancheisteanna á gcur aici. Ach beidh cathú ar Theachtaí Dála eile aird an phobail a tharraingt orthu féin idir seo agus lá an olltoghcháin, gan a bheith chomh teoranta b’fhéidir ina ráitis.

Ní cumhacht na Dála ach a mhalairt a léirigh go leor ceisteanna a chuir Catherine Murphy. Freagraí seachantacha a thug an tAire Airgeadais Michael Noonan ar mhórán acu. Is de thoradh na n-iarratas a rinne sí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) a fuair sí amach nach raibh státseirbhís sa Roinn Airgeadais sásta le díol Siteserv le Denis O’Brien i 2012.

Is dlúthchuid de shaothar Teachta Dála ceisteanna a chur, ach is eiseamláir an cás seo de cheistiú gan toradh ar feadh i bhfad.

Léirigh dhá chinneadh rialtais a rinneadh le gairid easpa cumhachta na Dála arís. Dhiúltaigh an rialtas d’iarratais an fhreasúra go bhfiosródh duine neamhspléach díolacháin IBRC. Agus dhiúltaigh an rialtas d’iarratais an fhreasúra go reachtálfaí seisiún speisialta, in ionad saoire seachtaine mar a bhí beartaithe. Bhí mórcheist (cead cainte an Oireachtais) le plé, ach b’ionann neamhthoil an rialtais agus diúltiú.

Tá mórcheist eile fós le réiteach ag an Dáil, tar éis soiléiriú an bhreithimh. Níl aon amhras faoi lánchead cainte a bheith ag Teachtaí Dála, ach níl aon chóras éifeachtach lena rialú i bhfeidhm.

Rialaigh an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí gur sháraigh Mary Lou McDonald pribhléid na Dála anuraidh nuair a léigh sí amach os ard ainmneacha iarairí rialtais a luadh i gcáipéis a bhain le héalú ó cháin a íoc.

Shéan an cúigear go raibh cuntais Ansbacher thar sáile acu, mar a dúradh sa cháipéis. Níor gearradh pionós ar bith ar Leas-Cheannaire Shinn Féin. Tá riail sa leabhar mar sin, ach níl téagar lena chur i bhfeidhm.

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Ní cumhacht na Dála ach a mhalairt a léirigh ceisteanna Catherine Murphy'