Ní creatlach rialtais ach cur i gcéill atá sa chuid is mó de chomhcháipéis Fhianna Fáil agus Fhine Gael

Ní bheidh na páirtithe ábalta éalú ón rogha chrua: a bheith páirteach i rialtas nua a theastaíonn go géar nó gan a bheith páirteach ann

Ní creatlach rialtais ach cur i gcéill atá sa chuid is mó de chomhcháipéis Fhianna Fáil agus Fhine Gael

Tá rogha an dá dhíogha ag teannadh leis an gComhaontas Glas, na Daonlathaithe Sóisialta agus Páirtí an Lucht Oibre.

Tá an socrú atá rompu á mheá acu go léir ó chríochnaigh comhaireamh na vótaí tar éis an olltoghcháin, ach níl toradh lándeimhneach fós ar a machnamh: páirt a ghlacadh i gcomhrialtas a dhéanfaidh socruithe crua, nó bac a chur ar bhunú rialtais nua. Cibé rogha a dhéanfaidh siad, is léir an chontúirt gur géar an pionós a ghearrfaidh toghthóirí orthu amach anseo.

Is sampla eile an rogha ghránna seo den chur síos géar a rinne an saoi eacnamaíochta John Kenneth Galbraith ar cheird an pholaiteora. I litir a scríobh chuig Uachtarán Kennedy na Stát Aontaithe i 1962, dúirt sé nach mbaineann an cheird le rogha atá indéanta ach le rogha idir rudaí gránna agus rudaí tubaisteacha.

Is ar fhreagracht an pholaiteora a bhíonn i mbun rialtais a bhí Galbraith ag smaoineamh agus an litir á scríobh aige.

Is léir láithreach áfach gur cur síos maith é freisin ar an rogha atá le déanamh ag na páirtithe ar chuir Leo Varadkar agus Micheál Martin comhcháipéis faoina mbráid Dé Céadaoin.

Ní bheidh aon dul as ag Eamon Ryan, Alan Kelly, Catherine Murphy agus Róisín Shortall agus a gcomrádaithe ach rogha éigin a dhéanamh agus a chosaint. Sin ráite, tá na bearnaí agus na laigí i gcomh-mholtaí Fhine Gael agus Fhianna Fáil chomh follasach go bhfuil deis agus dainséar in éineacht iontu do na mionpháirtithe.

Is éard atá á rá ag an dá phríomhpháirtí i bhfírinne: ‘cuirfimid feabhas as cuimse ar an tseirbhís sláinte, tógfaimid tithe go tréan, agus cuirfimid feabhas as cuimse ar na seirbhísí poiblí a fágadh ar an ngannchuid le fada.’

Tá an freagra réasúnta céanna tugtha ag urlabhraithe sinsearacha ón dá pháirtí ar iriseoirí agus ar dhaoine eile a lochtaigh a saothar toisc nach bhfuil mionsonraí ná sprioc-amanna sa chomhcháipéis.

Ní clár rialtais atá sa cháipéis ach clár d’aidhmeanna ginearálta a dhréachtaigh siad, a dúirt siad, ionas go bhféadfaí é a phlé le páirtithe eile.

Faraor, ní easpa sonraí dá leithéid an locht is mó atá ar an gcáipéis sin ach easpa sonraí agus, níos measa fós, easpa macántachta maidir le maoiniú an rialtais.

Arís, tá an dá pháirtí mhóra ag rá i bhfírinne:

‘Beimid ábalta airgead go leor a fháil ar iasacht chun íoc as an gcaiteachas mór atá beartaithe againn. Gheofar iasachtaí as cuimse freisin chun tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí a bheas faoi bhrú, agus chun cur le caiteachas breise ar shochair dhífhostaíochta.

‘Ní ardóimid cáin ioncaim ná an Táille Shóisialta Uilíoch. Beidh orainn an bille a íoc amach anseo agus gan dabht, beidh roghanna crua le déanamh amach anseo ach féach, ní gá na cúrsaí sin a phlé faoi láthair’ atá á rá dáiríre.

Is féidir doiléire mar seo a chosaint ar bhealach amháin. Tá an dochar a dhéanfaidh géarchéim an choróinvíris, agus an tréimhse a mhairfidh sí, chomh héiginnte faoi láthair nach féidir plean réadúil eacnamaíochta a dhréachtú ar bhonn cuimsitheach.

Ní hionann sin agus a rá áfach go bhfuil moltaí rialtais a thugann le fios nach mbeidh srian ar chumas an rialtais tabhairt faoi leigheas ar an díobháil as cuimse a fhágfaidh an víreas ina dhiaidh. Chuir Piaras Ó Dochartaigh a mhéar ar phríomhlaige na cáipéise nuair a dúirt sé go mbeadh Fianna Fáil agus Fine Gael ag magadh faoina pháirtí féin dá bhfoilseodh Sinn Féin cáipéis chomh doiléir.

Fiú sular fhógair na Daonlathaithe Sóisialta Dé hAoine go mbeadh soiléiriú á lorg acu ar mholtaí Fhine Gael agus Fhianna Fáil, ba léir nach mbeadh mórán céille leis an soiléiriú a thairgfí mar fhreagra. Is é bun agus barr an scéil nach féidir clár rialtais dáiríre a bhunú sa ghearrthéarma.

Tabharfaidh doiléire na cáipéise deis do na mionpháirtithe moill ar feadh tamaill a chur ar an socrú cinniúnach atá rompu tar éis dóibh ‘soiléiriú’ de chineál éigin a fháil agus/nó a phlé leis an dá phríomhpháirtí.

Ní bheidh siad ábalta áfach éalú ón rogha chrua: a bheith páirteach i rialtas nua a theastaíonn go géar agus a thabharfaidh aghaidh ar mhórdhainséar náisiúnta (gan é a phlé fiú amháin le Sinn Féin), nó gan a bheith páirteach.

Ní chuirfeadh aon duine stuama olltoghchán eile i mbliana as an áireamh.

Fág freagra ar 'Ní creatlach rialtais ach cur i gcéill atá sa chuid is mó de chomhcháipéis Fhianna Fáil agus Fhine Gael'

  • S

    Éist le glór na habhann is gheobhair breac, éist le Micí ‘s Varadkar is gheobhair cac.

  • MacAnRí

    is doiligh le éinne rá cad a tharlóidh i ndiaidh an plá ach ní mór dúinn rialtas seasmhach fá choinne an chúlú geilleagair atá romhainn. Sílim gur ghoid FF/FG na héadaí SF maidir leis na pleanna atá acu faoin gheilleagair agus tá an ceart ar fad ag Piaras dá gcuireadh siad cáipéis gan sonraí mar sin amach go ndéanfadh achan duine magadh orthu.

  • Eoin O Murchu

    An dá phríomhpháirtí? Mar iriseóir tuigim an deacracht faoi cén chaoi tagairt a dhéanamh don bheirt a bhíodh ina bpríomhpháirtithe tráth. Ach tá an príomhpháirtí is mó (ó thaobh líon na vótaí a fuarthas san olltoghchán) fágtha as an scéal. An dá iarphríomhpháirtí, b’fhéidir?

  • Eilís Ui Bhriain

    Pé socrú a bheidh againn mar Rialtas urnua, molaim obair iontach atá curtha isteach acusan atá ag stiúriú chúrsaí I rith úafâis Covid 19,nīlim cinnte an mbeadh an taithí, cumas, spiorad, dearcadh, fadcheann at Sinn Féin ná aon pháirtí, rannpháirtí eile chun sinn a stiurú i gceart, a chosaint.

  • Pól Ó Braoin

    Fágadh as an scéal riamh muid, lucht labhartha na Gaeilge, muintir na gaeltachta, agus gnáthmhuintir na tíre in éindigh linn. Chaith cuid mhór againn vóta ar son an athraithe ach beag beann atá na boic mhóra i FFFG ar an bpáirtí ar thug muidne vóta dó. Tóin an bhuicéid á scríobadh ag FFFG ag iarraidh rialtas a chur le chéile leis na páirtithe beaga eile, na páirtithe eile céanna atá muid tar éis caitheamh amach uair i ndiaidh a chéile. Tá brón orm faoin víreas corónach agus faoi chruachás na tíre, ach mar sin féin tá súil le Dia agam go bhfaighidh muid rialtas a bhíonn gar don rialtas a d’iarr muid san olltoghchán deireanach.