Níl cothrom na Féinne á fháil ag na daltaí sin nach ndéanann an CAO friotháil ar a mbuanna agus an printíseach i bpurgadóir

Thart ar 6% in Éirinn a thugann faoi phrintíseachtaí ar fhágáil na scoile dóibh i gcomparáid le 60% sa Ghearmáin. Tá sé thar am riaradh agus comhordú náisiúnta a dhéanamh ar chóras na bprintíseachtaí

Níl cothrom na Féinne á fháil ag na daltaí sin nach ndéanann an CAO friotháil ar a mbuanna agus an printíseach i bpurgadóir

Tá an ceiliúradh thart, an dúch triomaithe ar an dara babhta tairiscintí ón CAO agus na deora triomaithe acu siúd nár bhain na ceannlínte amach i gcluiche ceannais na bpointí. Is beag a chloistear faoi na scoláirí cumasacha sin nach roghnaíonn cúrsaí acadúla lena réiteach dá ngairm bheatha.

Léiriú é an líon ard mac léinn nach n-éiríonn leo dul thar an gcéad bhliain ar na cúrsaí tríú leibhéal, duine as seisear ar an meán, (cheal dóthain suime, oibre nó cumais nó de bharr easpa fiúntais an chúrsa féin?) nach ndéantar an cinneadh is fearr minic go maith tráth líonta fhoirm an CAO. Nó nach bhfriothálann an institiúid ar an dalta chomh maith agus a bhíonn súil aige leis.

‘Droichid níos láidre a thógáil idir oideachas agus an pobal níos leithne’ ceann de na spriocanna uaillmhianacha a luann an Roinn Oideachais leis an gcóras a riarann sí. Is léir domsa go bhfuil go leor scoileanna dara leibhéal bailithe ar strae agus in áit a bheith ag friotháil ar na daltaí ar fad agus ar riachtanais an phobail gur minice iad ag friotháil ar na hinstitiúidí tríú leibhéal agus a ndoras draíochta, an CAO.

Luaitear go minic córas na bprintíseach mar scothchleachtas na hoiliúna. Ach níl aon Lár-Oifig Iontrála (CAO) ann do phrintísigh. An t-iarrthóir féin a chaithfeas a ghabháil ó dhoras go doras agus a mhéar ina bhéal aige/aici ag lorg máistir oiliúna agus go leor de na gnóthaí agus na comhlachtaí beaga sin ar an ngannchuid mar atá agus doicheall orthu tabhairt faoin obair riaracháin bhreise a bhaineann le printíseacht.

Ní haon chúnamh Údarás na Gaeltachta don iarrthóir sa nGaeltacht ach an oiread mar ní bhíonn aon liosta de na fostóirí a bhíonn ag lorg printíseach acusan ná aon chúrsa oiliúna. Tugann siad roinnt scoláireachtaí amach ach an t-iarrthóir féin a chaithfeas fostóir oiliúna a aimsiú agus is cosúil gur cuma leis an Údarás an Béarla nó Gaeilge a bheas san ionad oibre a roghnaítear.

Bhíodh tráth ann nuair a bhíodh bunchúrsa déanta ag printísigh sula mbíodh orthu dul ag tóraíocht ach amhail cúraimí Aire sinsearach na Gaeltachta féin, rinneadh tarmligean ar an ngnó sin. Is léir mar sin nach dtugtar cothrom na Féinne do na daltaí sin nach ndéanann an CAO friotháil ar a mianta ná a mbuanna.

Ag tús na mílaoise tharraing Mary Harney neart cainte nuair a thairg sí rogha dúinn idir Bostún nó Beirlín ach faraor, ní i gcúrsaí sláinte amháin a leanamar sampla Mheiriceá.

Tá go leor cainte faoi láthair faoin neamhréir atá idir na cáilíochtaí atá ag ár ndaoine óga agus na folúntais agus na deiseanna oibre atá sa tír. As Meiriceá a thug muid an dúrúch chun céimeanna acadúla a thairiscint cé go bhfuil a fhios againn gur ag easpórtáil na gcéimithe sin a bheas muid cheal poist ná luach saothair cuí sna réimsí sin sa mbaile. 

Thart ar 6% in Éirinn a thugann faoi phrintíseachtaí ar fhágáil na scoile dóibh (thart ar 5% i Meiriceá) agus thart ar 60% sa nGearmáin. Tráthúil go leor, thart ar 60% a thugann faoi choláistí tríú leibhéal sa tír seo. Is cuid den chóras oideachais an oiliúint sin ag Gearmánaigh agus iad sa scoil cuid den tseachtain agus amuigh sa láthair oibre an chuid eile. Tugann sin leanúnachas agus tacaíocht na scoile dóibh, chomh maith le hoiliúint agus taithí luachmhar ar an saol oibre.

Tháinig ardú suntasach ar an líon daoine a thug faoi phrintíseachtaí anuraidh, ó 10,445 in 2016 go 12,849 in 2017, ardú 24%. 14,000 printíseach in aghaidh na bliana an sprioc atá ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton agus ag an Rialtas faoin mbliain 2020. Ar an drochuair ní raibh ach 1% de na printísigh sin ina mná, agus is léir go bhfuil obair mhór le déanamh le mná agus fostóirí a spreagadh agus a chur ar an eolas faoin rogha oibre sin. 

Nach iomaí dalta in Éirinn nach mbíonn i gcúrsa na hArdteiste aige nó aici ach dhá bhliain i bpurgadóir agus gan ag déanamh imní don scoil ná don mhúinteoir ach pointí an CAO. Nach mithid athrú bunúsach a dhéanamh agus na daltaí stuama sin a dhúiseacht, a spreagadh agus a mhisniú? 

Bhí an-dóchas agam ag tús na bliana seo go raibh a n-áit chuí le tabhairt do phrintíseachtaí i gcóras oideachais agus oiliúna na tíre seo nuair a d’fhógair an tAire Oideachais Richard Bruton plean uaillmhianach maidir le riaradh agus forbairt an chórais sin. Faoin bplean sin bheadh 50,000 printíseach cláraithe faoin mbliain 2020 agus chuirfí go mór leis na réimsí oibre ina mbeadh an phrintíseacht aitheanta mar bhealach chun oiliúna agus cáilíochta.

Gealladh go n-oibreodh na heagraíochtaí éagsúla a mbíonn baint éigin acu leis an oiliúint sin as lámh a chéile –na fostóirí, an Roinn Oideachais, na Boird Oideachais, Intreo, HEA, agus QQI.  Tugadh geallúint chomh maith go n-eagrófaí feachtas láidir chun mic léinn agus fostóirí a chur ar an eolas faoi na deiseanna agus go gcuirfí suíomh ar fáil ar a bhféadfaidís teagmháil a dhéanamh lena chéile, CAO na printíseachta, más maith leat.

Cé gur cuireadh leis an liosta printíseachtaí le déanaí, ní léir go bhfuil aon phlean ann faoi láthair comhordú ceart náisiúnta a dhéanamh ar scéim na bprintíseachtaí.  Leanfaidh coláistí poiblí agus príobháideacha orthu ag cur neart cúrsaí ullmhúcháin ar fáil, cuid mhaith acu nach bhfuil thar mholadh beirte más fíor leath na dtuairiscí atá cloiste agam faoina reáchtáil.

Nach bhfuil sé thar am againn éirí as an síorchúram agus an freastal sin ar institiúidí tríú leibhéal inár n-iarbhunscoileanna agus tosú ag friotháil ar na daltaí ilchumasacha atá sna scoileanna sin féin? Ní hé an saol acadúil mian gach scoláire agus is fearrde an tír nach é. Mar sin díríodh an Roinn Oideachais agus Scileanna agus na scoileanna ar gach dalta a fhreastalaíonn orthu, agus stopaidís ag broimseáil as a bheith ina sclábhaithe gan bhuíochas ag institiúidí tríú leibhéal.

Tá sé thar am riaradh agus comhordú náisiúnta a dhéanamh ar chóras na bprintíseachtaí, díreach mar a dhéantar ar chúrsaí acadúla eile.

Fág freagra ar 'Níl cothrom na Féinne á fháil ag na daltaí sin nach ndéanann an CAO friotháil ar a mbuanna agus an printíseach i bpurgadóir'

  • Mairéad

    Ceann des na rudaí is suaraí atá cruthaithe ag an gcóras CAO ná an liosta bliaintiúil des na scoileanna fhriothálacha don chóras triú leibhéal ar a dtugtar an “Irish Times Annual Schools Leagues Table”.
    Is iomaí duine óg go mbfhearr i bhfad dóibh dul le príntíseacht i ndiaidh na hArdteiste ach bíonn brú urthu cúrsa triú leibhéal a roghnú de bharr an “Irish Times Annual Schools Leagues Table”.
    Ní thugann an “Irish Times Annual Schools Leagues Table” aitheantaas ar bith don sár-obair atá á dhéanamh ag scoileanna ins na geiteónna dífhostaíochta ar fud na tíre chun daltaí a tharraingt amach as an chúlra éadóchais atá timpeall urthu.