Ní cos amháin ach an péire a chuir Matt Hancock ann nuair a cháin sé réalta an tsacair

Níl i réalta na Príomhroinne ach 2% de líon na ndaoine a shaothraíonn níos mó ná €1 milliún in aghaidh na bliana sa mBreatain

Ní cos amháin ach an péire a chuir Matt Hancock ann nuair a cháin sé réalta an tsacair

Is beag a cheap Aire Sláinte na Breataine Matt Hancock nach mba cos amháin ach an péire a bhí sé a chur ann nuair a dúirt sé le gairid go mba í a bharúil go mba cheart d’imreoirí sacair na Príomhroinne i Sasana glacadh le laghdú pá.

Ní nach ionadh ba iadsan féin ba ghlóraí a bhí ina choinne agus cé go gcreidim féin go bhfuil pá imreoirí i spórtanna go leor imithe as compás ar fad, dá mbeadh breith ar a aiféala ag Hancock tá seans ann go gcuimhneodh sé an dara huair ar an treo ar cheart dó a mhéar a shíneadh.

Le cor greannmhar a chur sa scéal tá seans ann go mba i dtreo na hEorpa a bhí an tAire ag smaoineamh nuair a rinne sé a chuid cainte. Ansiúd tá cumainn spóirt agus imreoirí i bhfad níos gníomhaí sa bhfeachtas in aghaidh Cóvid-19 ná atá sa mBreatain.

Tá mórfhoirne sacair na Gearmáine ar nós Bayern Munich, Borrusia Dortmund agus Bayer Leverkusen sásta a gcuid rachmais a roinnt le cumainn nach bhfuil chomh gustalach, tá laghdú pá 70% tógtha go deonach ag imreoirí Barcelona agus tá Ronaldo agus a chomrádaithe i Juventus sásta €90 milliún a mhaitheamh don chlub.

Bhí an ceart ag Hancock go bhféadfadh clubanna na Breataine níos mó a dhéanamh – go dtí seo níl ráite acu ach go “ndéanfaidh siad plé ar laghdú 30% nó ar íocaíochtaí a chur ar an méar fhada”.

Is cinnte freisin gur chuir sé droim cantail ar an Aire go raibh clubanna sa bPríomhroinn ag cur fostaithe nach mba imreoirí iad ar scor go sealadach, rud a d’fhágfadh go mbeadh ar an Stát airgead dífhostaíochta a thabhairt dóibh, fad agus nach raibh aon laghdú ar ollphá na bpeileadóirí.

Bhí Tottenham, Newcastle agus Norwich orthu siúd a rinne sin agus é i gceist ag Liverpool freisin nó gur thóg Jamie Carragher agus cúpla iarimreoir eile raic faoi.

D’fhág an tAire poll mór ina argóint nuair a chinn air aitheantas a thabhairt don obair charthanachta a dhéanann réalta sacair a thíre faoi láthair agus go deimhin sular tháinig an aicíd. Rinne sé neamhaird freisin ar an ísliú pá a bhí tógtha ag leithéidí Eddie Howe, bainisteoir Bournemouth.

Ach ba é an botún ba mhó a rinne sé go mba ar an scéalaí a chuir sé an locht.

Cinnte tá pá ollmhór á shaothrú ag imreoirí na Príomhroinne. Saothraíonn siad siúd i Manchester City ar an meán €8 milliún sa mbliain agus tá idir sin agus €2 milliún ar meán (Newcastle, Wolves agus Southampton) á íoc ag na clubanna ar fad atá san iomaíocht i bPríomhroinn 1990/2020.

Mar sin féin níl iontu sin ar fad ach 2% de líon na ndaoine a shaothraíonn níos mó ná €1 milliún in aghaidh na bliana sa mBreatain agus níor thóg sé i bhfad orthu siúd nach raibh ar aon intinn le Hancock spior spear a dhéanamh dá argóint.

Cuireadh ar a shúile dó go mb’fhéidir gur milliúnaithe iad cuid mhaith de na 480 peileadóir atá sa bPríomhroinn ach gur billiúnaithe iad bunáite úinéirí na gclubanna lena n-imríonn siad – is fiú €6 billiún Daniel Levy agus Joe Lewis ar leo Tottenham agus a bhí ag iarraidh na fostaithe ba lú pá acu a chur ar an dole, is fiú tuairim €2 billiún Mike Ashley ar leis Newcastle, duine den bheagán Sasanach a bhfuil club faoina úinéireacht agus atá ag iarraidh é a dhíol le scaitheamh maith anois.

Sa roinn faoi bhun na Príomhroinne – an Championship – is le billiúnaithe seacht gcinn de chlubanna, ina measc Charlton Athletic atá faoi úinéireacht Thanoun bin Mohammed Al Nahyan a bhfuil a dhá oiread saibhris aige agus atá ag Roman Abramovich – agus is fiú €12 billiún é siúd.

Dá ghustalaí iad a gcuid imreoirí, measann tú nár cheart iarraidh ar na fostóirí lámh chúnta a thabhairt i dtús báire, a dúirt go leor leis an bpolaiteoir. Is maith an cheist í.

Rud eile a ndearna Hancock dearmad air, gur mionlach iad imreoirí an airgid mhóir – is sna ranna is ísle i Sasana atá formhór na bpeileadóirí agus cé go bhfuil cuid acu ag saothrú airgead réasúnta is fada ó bheith ina milliúnaithe an chuid is mó díobh agus gan acu ach ceird a mhairfeas deich nó dó dhéag de bhlianta ach an t-ádh a bheith leo.

Idir €2000 agus €2,800 ar meán sa tseachtain an pá atá faoi láthair d’imreoirí League 1 agus idir €1,500 agus €1,700 dóibh siúd i League 2. Níl sé i bhfad ó chuala mé Harry Redknapp ag caint ar phá seachtaine sa National League – Roinn 3 den tSraith Náisiúnta i Sasana. Faoi láthair tá Redknapp mar chomhairleoir ar Yeovil Town a chaill a n-áit i League 2 an séasúr seo caite agus atá anois sa tsraith faoina bun sin – idir €350 agus €450 a bhíonn sa gclúdach litreach a fhaigheann siadsan chuile Aoine, a deir sé.

Fág freagra ar 'Ní cos amháin ach an péire a chuir Matt Hancock ann nuair a cháin sé réalta an tsacair'