Ní coraintín dáiríre atá á chur i bhfeidhm ag an rialtas

Is go déanach agus go mí-éifeachtach a cuireadh cinneadh crua faoi choraintín i bhfeidhm

Ní coraintín dáiríre atá á chur i bhfeidhm ag an rialtas

Dúirt bean a rugadh sa bhFrainc ach atá ag cur fúithi abhus le fada leis an scríbhneoir seo tráth go mbíonn áthas uirthi i gcónaí ar fhilleadh go hÉirinn di. Ar chúiseanna éagsúla, a dúirt sí, ach ar chúis amháin go háirithe.

“Is breá le hÉireannaigh a bheith ag caint. An chéad rud a dhéanaim ar theacht i dtír arís i Ros Láir an raidió sa charr a chur ar siúl. Go minic, ní deirim i gcónaí ach go minic, cloisim an scéal céanna a bhí á phlé sular imigh mé fós á phlé, gan a bheith i ngiorracht réitigh fós.”

Ba léir gur meas ar Éirinn agus mífhoighne léi in éineacht a spreag a tuairim. Meas toisc gur thaitin an pléisiúr a bhaineann Éireannaigh as a bheith ag síor-argóint lena chéile go mór léi.

Mífhoighne toisc nach léir di uaireanta cén uair a fheicfear toradh cinnte iomlán ar an bplé, is é sin má bhíonn toradh cinnte air in an chor.

Is ar an 8 Bealtaine anuraidh, bliain ó shin beagnach, a mhol an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (Nphet) den chéad uair go gcuirfí iachall ar thaistealaithe ón iasacht féin-aonrú in ionad sonraithe ar feadh 14 lá. Ní raibh tagairt d’óstáin sa litir a scríobh an Príomhoifigeach Leighis Tony Holohan chuig an rialtas ar a son ach mhol sé don rialtas scéim coraintín a ullmhú.

Ní féidir a bheith cinnte cén breithiúnas a thabharfar amach anseo ar chur chuige an stáit ó tháinig an phaindéim go hÉirinn má chuirtear fiosrúchán neamhspleách ar bun. Mar sin féin is ar éigean a bhreathnóidh lucht fiosrúcháin go cineálta ar an moilleadóireacht, ar an easpa ullmhúcháin agus ar an drochriar a léirigh dearcadh an rialtais ar choraintín fiú agus leathchóras lag á chur i bhfearas acu faoi dheireadh an mhí seo caite.

Tá an córas á dhaingniú agus á fhorbairt anois, agus iachall á chur ar thaistealaithe ó 71 tír coicís a chaitheamh i gcoraintín ach ní córas iomlán ná láidir é fós.

Bheadh dearcadh an rialtais ar choraintín intuigthe dá mbeadh an víreas cosúil le heagraíocht nó le tír atá toilteanach géilleadh beagáinín nó teacht ar chomhréiteach – go háirithe de réir mar a léirítear na deacrachtaí agus an fhulaingt atá ag cur as do dhaoine dá dheasca.

Bheadh dearcadh dá leithéid réasúnta, abair, dá mbeadh an víreas cosúil le rialtas na Breataine – dream atá ár gcrá le fada agus dochar as cuimse á dhéanamh acu ó thuaidh ach ar féidir a bheith dóchasach go dtiocfar ar chomhthuiscint tairbheach leo arís luath nó mall. Faraor, ní hamhlaidh don víreas.

Tá sé de dhlúth agus d’inneach sa saol polaitiúil comhréiteach a lorg idir an cinneadh crua atá riachtanach agus an cinneadh a shásóidh an oiread daoine agus is féidir. Is go déanach agus go mí-éifeachtach a cuireadh cinneadh crua faoi choraintín i bhfeidhm. Ní léir go bhfuil tuiscint iomlán ag an rialtas ná i measc an fhreasúra ar na himpleachtaí.

Éalóidh an víreas isteach sa tír trí gach bearna a fhágtar i gcóras coraintín. Mar gheall ar an teorainn, níl sé ar chumas an rialtais balla cosanta sláinte lán-éifeachtach a thógáil thart ar an stát.

Fágann sin gur treise an riachtanas go gcuirfí córas coraintín dáiríre ar bun agus go gcoimeádfaí i bhfeidhm é go dtí go mbeidh os cionn 80 faoin gcéad (ar a laghad) den phobal vacsaínithe.

Níl sé ar ár gcumas an víreas agus leaganacha nua den víreas a choinneáil amach go hiomlán. Ach, mar a dúirt an saineolaí Tomás Ryan ar RTÉ Dé hAoine, d’fhéadfaí minicíocht an-íseal a bhaint amach dá gcoinneofaí coraintín dáiríre i réim fad a bheidh an vacsaín á dáileadh.

Tá rás ar bun idir an víreas agus sláinte an phobail, agus tréithe ar leith ag baint leis an víreas a chuidíonn go mór leis. Ní lagaíonn tuirse ná meatacht ná imní a chumas riamh. Ní foláir a bheith san airdeall ina choinne i gcónaí.

Fág freagra ar 'Ní coraintín dáiríre atá á chur i bhfeidhm ag an rialtas'

  • Eoin Ó Murchú

    Alt an-mhaith is an-stuama. Freagra maith ar lucht cainte an pholasaí choraintín.