Ní cóir go mbeadh gá le clár teilifíse chun droch-chúram leanaí a fhiosrú

Bhí ábhar tromchúiseach agus práinneach i gclár ‘RTÉ Investigates’ ar chóir do Choiste Leanaí an Oireachtais é a iniúchadh

Ní cóir go mbeadh gá le clár teilifíse chun droch-chúram leanaí a fhiosrú

An Taoiseach Leo Varadkar leis an tAire Leanaí Katherine Zappone. Pictiúr:Leah Farrell/RollingNews.ie

Dúirt Leo Varadkar go raibh alltacht air. Dúirt an tAire Leanaí Katherine Zappone gur chuir na radharcanna a chonaic sí ar ‘RTE Investigates’ déistin uirthi. Níl tuismitheoir sa tír a chonaic an clár nach n-aontódh leo.

Seomraí plódaithe. Béicíl agus bagairtí ar pháistí. Uisce á chur sa mbainne. Naíonáin á mbrú síos i gcliabháin. Foireann neamhoilte ag tabhairt aire dóibh. Taifead bréagach ar imeachtaí an lae á scríobh. Rialacha dóiteáin á sárú. An cóimheas idir foireann agus leanaí ba cheart a bheith i bhfeidhm á shárú, chomh maith le rialacha maidir le clárú le Tusla.

Gan dabht bheadh Katherine Zappone agus an rialtas faoi bhrú níos mó dá mbeadh deis ag ceannairí an fhreasúra ábhar an chláir a tharraingt anuas sa Dáil, ach ní bheidh an Dáil ag suí arís go dtí an 17 Meán Fómhair.

Tá an droch-chaighdeán cúraim a léirigh an sár-iniúchadh faoi cheilt a rinne ‘RTE Investigates’ á phlé go tréan sna meáin ó craoladh an clár Dé Céadaoin.

De ghnáth, tagann meath ar an alltacht agus ar an bhfearg a spreagann mórchúis imní, dá dhonacht í, más i rith an tsamhraidh a thagann sí chun solais.

Ach is féidir a bheith réasúnta cinnte nach mbeidh an scéal amhlaidh sa chás seo.

Gheall an Taoiseach Déardaoin go mbreithneofaí beartais a neartódh cur i bhfeidhm na rialacha a sáraíodh go soiléir sa chrèche a taispeánadh ar an gclár. Níor thagair sé d’aon bheartas faoi leith, ach ba léir ón gclár agus ónar dhúirt saineolaithe éagsúla ina dhiaidh go bhfuil athruithe éagsúla riachtanach.

Bhí macalla láidir le brath sa chlár de chlár eile a craoladh ar RTE sé bliana ó shin a chuir alltacht agus déistin ar mhórán in 2013. Thaispeáin an clár sin drochíde á tabhairt do pháistí in ionaid chúraim éagsúla, agus tugadh go leor gealltanas ina dhiaidh go neartófaí an córas cigireachta agus rialúcháin.

D’imigh sin agus tháinig seo.

Tá an chúis chéanna imní á plé anois agus gealltanais den sórt céanna á dtabhairt. Cé gur thug cigirí 2,500 cuairt ar naíolanna agus ar chrècheanna go dtí seo i mbliana, admhaíonn Tusla go bhfuil breis cigirí riachtanach.
Ní hionann sin agus a rá gur chóir cás iomlán déjà vu a thabhairt ar thuairisc Aoife Hegarty a craoladh an tseachtain seo. Tá bunchaighdeáin oiliúna do gach oibrí naíolainne curtha i bhfeidhm ó 2013. Ní cheadaítear naíonraí nó naíolanna a bhunú gan iad a chlárú le Tusla. Ní foláir grinnfhiosrúchán a bheith déanta ag na Gardaí sula dtéann duine ar bith i mbun oibre iontu.

Níl an córas cigireachta ar ardchaighdeán fós, ach tá sé i bhfad níos éifeachtaí anois ná mar a bhí in 2013. Sin ráite, fiú más cás eisceachtúil é naíolann Hyde and Seek i mBaile Átha Cliath a taispeánadh ar ‘RTE Investigates’, is léir an chúis imní – thug cigirí Tusla aon chuairt déag ar an naíolann le dhá bhliain anuas. Ní raibh siad ábalta an chúis imní ba mhó a aimsiú: éagumas an bhainisteora/úinéara, rud a taispeánadh go soiléir sa chlár.

Tá ábhar tromchúiseach agus práinneach sa chlár ar fiú do Choiste Leanaí an Oireachtais é a iniúchadh chomh luath agus is féidir agus gníomh a dhéanamh. Taobh amuigh de chúrsaí cigireachta, maoirseachta agus reachtaíochta, b’fhiú ceisteanna eile a iniúchadh chomh maith.

Seo dhá shampla:

Nár chóir go mbeadh cead agus deis ag cigirí Tusla breathnú ar fhíseáin teilifís ciorcad iata (CCTV) má bhíonn amhras orthu nach bhfuil aire mar ba chóir á tabhairt do pháistí?

An dteastaíonn taifead laethúil scríofa ar gach a ndearna páiste i naíolann i rith an lae chun tuismitheoir a shásamh nó árbh fhearr an t-am a chaitear ag scríobh a chaitheamh i dteannta na bpáistí?

Buille faoi thuairim: ní ligfear an t-ábhar imní a spreag ‘RTE Investigates’ le sruth i dTeach Laighean, agus ní cóir go ligfí.

Fág freagra ar 'Ní cóir go mbeadh gá le clár teilifíse chun droch-chúram leanaí a fhiosrú'

  • An Teanga Bheo

    Ná bíodh an fhirinne faoi cheilt oscail suas í tá gá leis go minic ?