Ní cóir bac a chur ar cheisteanna réasúnta faoi cheapadh breithimh

Tharraing U-chasadh an Aire Dlí agus Cirt agus a comhghleacaithe aird arís ar éidreoir aisteach an rialtais

Ní cóir bac a chur ar cheisteanna réasúnta faoi cheapadh breithimh

An Príomh-Bhreitheamh Frank Clarke le Seamus Woulfe. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Thagair an Taoiseach agus airí rialtais go minic le seachtain anuas do scaradh cumhachtaí agus ceisteanna á seachaint acu faoi cheapadh an iarArd-Aighne Séamus Woulfe mar bhreitheamh.

Ba léir na laigí i gcás an rialtais ó Dé Máirt ar aghaidh. Níor bhain na ceisteanna a chuir Mary Lou McDonald, Alan Kelly agus Teachtaí Dála eile le triail ar bith ná le breithiúnas ar bith. Níor bhain siad ach oiread le hoiriúnacht ná le cumas an bhreithimh nua, ná le cás ar bith atá nó a bheidh os comhair cúirte.

Is faoin rialtas a bhíonn sé i gcónaí breitheamh a cheapadh agus is gnó polaitiúil é mar sin an tslí ina ndéantar an obair seachas an fáth gur ceapadh duine áirithe. Sheas Micheál Martin, Leo Varadkar agus airí eile an fód in aghaidh an fhreasúra ar feadh cúpla lá go dtí gur ghéill siad go tobann Déardaoin. Thug an tAire Dlí agus Helen McEntee le fios go raibh sí toilteanach ceisteanna faoi a ndearna sí a fhreagairt sa Dáil.

Tharraing U-chasadh an aire agus a comhghleacaithe aird arís ar éidreoir aisteach an rialtais. Dúirt David Kenny ó Choláiste na Tríonóide, Laura Cahillane ó Ollscoil Luimnigh agus saineolaithe dlí eile nár léir dóibh cúis dlí ná Bunreachta nach bhféadfaí an scéal a phlé sa Dáil, laistigh de pharaiméadair áirithe. Ba léir do dhuine neamhchlaonta ar bith gur cheist réasúnta a bhí sa cheist nach ndearna an rialtas iarracht fiú amháin í a fhreagairt. Cén fáth nár socraíodh ó thús, sular phléigh an Dáil a ndearna nó nach ndearna McEntee agus ceapadh Woulfe á mholadh aici, go mbeadh sí toilteanach ceisteanna an fhreasúra a fhreagairt?

Bí cinnte go gcoinneoidh an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl srian ar cheistiú an Aire ar dhóigh a choinneoidh bearna shoiléir idir gnó an Oireachtais agus gnó na gcúirteanna. Is léir mar sin féin na ceisteanna fiúntacha a spreagann an ceapachán seo. An cheist seo a leanas mar shampla.

Tá sé ráite ag Helen McEntee gur phléigh sí an scéal leis an Taoiseach, leis an Tánaiste, le ceannaire Chomhaontas Glas Eamon Ryan agus leis an Ard-Aighne reatha Paul Gallagher sular mhol sí go gceapfaí Séamus Woulfe ag cruinniú rialtais an 15 Iúil. Ach tá sé ráite ag Micheál Martin, ag Leo Varadkar agus ag Eamon Ryan nár dúradh leo gur thug breithiúna éagsúla le fios go raibh spéis acu sa phost.

Tá sé de cheart ag an bhfreasúra brú a chur ar an rialtas cur síos cruinn a dhéanamh ar an gcur is cúiteamh a rinneadh sa rialtas sular socraíodh go gceapfaí duine a raibh cáil air le fada mar dhuine a bhí báúil le Fine Gael mar bhreitheamh san Ard-Chúirt.

Ní bhaineann an t-ábhar seo dáiríre le cumas Shéamus Woulfe mar bhreitheamh.  Cuimhnigh gur mhol an Príomh-Bhreitheamh Frank Clarke go gceapfaí é. Ach is léir fiúntas na gceisteanna a cuireadh go dtí seo (a) maidir leis an tslí inar ceapadh é agus (b) toisc gur léir arís an drocheagar atá ar an gcóras faoina gceaptar breithiúna, ainneoin leasú a bheith molta le fada.

Ní foláir cuimhneamh freisin agus an t-ábhar uilig á chíoradh gur ar an mBreitheamh Séamus Woulfe thar aon duine eile atá an milleán toisc go bhfuil an pobal amhrasach anois faoina cháil agus faoi cháil na Cúirte Uachtaraí (mar a d’admhaigh an Príomh-Bhreitheamh Frank Clarke).

Dá mbeadh leithscéal iomlán gafa ag Séamus Woulfe tar éis don Irish Examiner scéal an dinnéir ar an gClochán a nochtadh i mí Lúnasa, seachas an milleán a chur ar thuairisceoireacht na meán, seans maith go mbeadh sé i mbun oibre nó ar tí dul i mbun oibre sa Chúirt Uachtarach cheana féin. Mura mbeadh lagchosaint déanta aige ar fhreastal ar an ócáid chonspóideach, is dóichí ná a mhalairt gur ar ábhar eile a bheadh aird an pobail agus an fhreasúra faoin tráth seo.

Fág freagra ar 'Ní cóir bac a chur ar cheisteanna réasúnta faoi cheapadh breithimh'

  • Lillis Ó Laoire

    Sách ráite.