Ní chuirfidh na Lochlannaigh aon stop le Sasana

Ní bheidh aon fhaitíos ar an tSualainn roimh Shasana ach níl na himreoirí acu chun iad a stopadh. Imreoidh An Chróit i gcoinne na Rúise níos deireanaí anocht

Ní chuirfidh na Lochlannaigh aon stop le Sasana

Níl aon srian leis na Sasanaigh anois. Ní hamháin go bhfuil cluiche díbeartha buaite acu ag Corn an Domhain den chéad uair ó 2006 ach tháinig siad slán ó na ciceanna éirice i gcoinne na Colóime chomh maith.

Níl orthu ach An tSualainn a shárú inniu agus An Rúis nó an Chróit a bhualadh sa chéad bhabhta eile agus beidh cluiche ceannais Chorn an Domhain bainte amach acu. Cé a shamhlódh sin roimh an gcomórtas?

Ní hé go bhfuil Sasana fiú ag imirt chomh maith sin sa Rúis. Chuir siad Panama de dhroim seoil éasca go maith ach is beag a bhí eatarthu agus a gcéilí comhraic sna trí chluiche eile. Ní raibh mórán tionchair ag Raheem Sterling nó ag Dele Alli ar na cluichí go dtí seo agus níl mórán deiseanna scórála cruthaithe ag aon duine ar an bhfoireann. Tá naoi gcúl anois scóráilte ag Sasana sa Rúis, ach níor tháinig ach péire acu ón imirt.

Is ar chiceanna éirice, ciceanna cúinne agus mar sin de a bhí na Sasanaigh ag brath go dtí seo agus beidh foireann na Sualainne sásta go maith go n-éireoidh leo déileáil leis na Sasanaigh más ‘cogaíocht san aer’ a roghnaíonn siad.

Is foireann mhór láidir iad na Sualannaigh agus ní bheidh aon fhaitíos orthu roimh Shasana. Ach is eatarthu féin agus An Rúis atá sé cé acu an fhoireann is laige atá fágtha sa chomórtas. Bua mór atá ag na Lochlannaigh, áfach, ná go mbíonn an-eagair orthu agus fios a chúraim go maith ag gach imreoir.

Níl aon imreoir mór le rá acu ó d’éirigh Zlatan Ibrahimovic as an imirt i ndiaidh EURO 2016. Rinne sé iarracht filleadh ar an bhfoireann nuair a bhain siad áit amach ag Corn an Domhain, rinne sé iarracht teacht ar ais, ach dhiúltaigh an bainisteoir, Janne Andersson, dó. Deirtear go bhfuil na himreoirí atá sa Rúis faoi láthair meáite ar a thaispeáint go bhfuil siad féin níos fearr as gan Ibrahimovic.

Chruthaigh siad go maith dá uireasa go dtí seo ach seans go mbraithfidh siad uathu a chumas i gcluiche mór an lae inniu. Cé nach bhfuil Sasana ag imirt go maith, tá Harry Kane fós ag aimsiú na gcúl agus chomh fada agus go gcoinníonn sé air á dhéanamh sin, tiocfaidh Sasana slán.

Tuar Tuairisc.ie: Sasana

Agus dea-chuma orthu i mbabhta na ngrúpaí, bhí An Chróit i measc roghanna na n-údar chun Corn an Domhain a bhuachan sa Rúis. Ní fada gur athraigh sin, áfach, nuair a chonacthas gur ar éigean Dé a thug siad na cosa leo i mbabhta an 16 Deiridh.

Ní raibh nóiméad féin imeartha sa chluiche nuair a ghéill na Crótaigh cúl i gcoinne na Danmhairge agus cé go raibh siad ar comhscór taobh istigh de chúpla nóiméad, ní dheachaigh an taispeántas a thug siad ina dhiaidh sin i bhfeidhm ar mhórán.

Bhí na Crótaigh leamh agus mall agus iad ag iarraidh córas na nDanmhargach a bhriseadh síos. Fiú nuair a bhí deis acu an cluiche a bhuachan, agus cic éirice bronnta orthu i dtreo dheireadh am breise, chaill Luka Modric a mhisneach agus is amú a chuir sé a dheis. Tharla an rud céanna d’imreoirí eile le linn na gciceanna éirice agus murach an cúl báire, Danijel Subasic, bheadh deireadh leo.

Beidh súil ag an mbainisteoir, Zlatko Dalić, go bhfuil cuid de na fadhbanna sin réitithe aige agus aghaidh á tabhairt acu anocht ar fhoireann atá chomh cosantach céanna leo féin.

I gcoinne na Spáinne, lig na Rúisigh dá gcéilí comhraic seilbh a choinneáil ar an liathróid. Thit imreoirí na Rúise siar os comhar an chúil agus chinn sé ar na Spáinnigh aon dul chun cinn a dhéanamh.

Beidh tionchar ag an réiteoir ar thoradh an chluiche anocht. Tá na Rúisigh ag imirt os comhair lucht tacaíochta an bhaile, buntáiste nach bhfuil ag aon fhoireann eile sa chomórtas, agus beidh brú a chur ag an uile dhuine acu ar an réiteoir.

In 2002, shroich An Chóiré Theas cluiche leathcheannais Chorn an Domhain a bhuíochas den spreagadh a fuair siad ón slua baile agus le beagán cabhrach ó na réiteoirí. D’fhéadfadh an Rúis an rud céanna a dhéanamh i mbliana.

Tuar Tuairisc.ie: An Rúis

Fág freagra ar 'Ní chuirfidh na Lochlannaigh aon stop le Sasana'