
Tá treoir tugtha ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go gcaithfidh comharthaí rabhaidh dírithe ar thiománaithe LUAS i mBaile Átha Cliath bheith dátheangach seachas bheith i mBéarla amháin. Dúirt an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnróid, atá freagrach as an LUAS, gur cheart gur i mBéarla amháin a bheadh na comharthaí mar go raibh imní orthu go gcuirfí mearbhall ar na tiománaithe agus go gcuirfí paisinéirí i mbaol dá réir sin.
Bhí imní orthu freisin go dtarraingeodh an iomarca comharthaíochta aird na dtiománaithe óna gcuid tiomána.
Tharla an t-easaontas idir Oifig an Choimisinéara agus lucht an LUAS mar thoradh ar ghearán a rinne duine den phobal leis an gCoimisinéir Teanga faoi na comharthaí a bheith i mBéarla amháin.
Tar éis dó an scéal a fhiosrú, threoraigh an Coimisinéir go gcaithfí na comharthaí a chur ar fáil go dátheangach le go mbeidís ag teacht leis an reachtaíocht a bhaineann le húsáid na Gaeilge ar chomharthaíocht de chuid an Stáit.
Ní raibh fáil ar urlabhraí ón nGníomhaireacht um Fháil Iarnróid tráthnóna le rá ar ghéill an eagraíocht do threoir an Choimisinéara ar an ábhar seo nó nár ghéill.
Paul Humphreys
tá an-mheas agam ar Oifig an Choimisinéara, ach sa chás seo ní aontáim leo ar chor ar bith. Ní saineolaithe iad i gcúrsaí sábháilteachta ná innealtóireachta tosca daonna (human factors engineering).
Is contúirt í an iomarca eolais a thabhairt do dhaoine atá freagracht as feithiclí le páisnéirí ar bord (traenacha, busanna, eitleáin srl). Tá cuid mhaith taighde déanta ar an ábhar sin. Níl siad ag déanamh aon maitheasa don Ghaeilge leis an mana seo.