Ní chuirfidh an Wasp Network ga an taitnimh i mórán

Cé go ndéantar iarracht scéal neamhghnách a reic go tomhaiste in The Wasp Factory ní éiríonn leis an beart a dhéanamh

Ní chuirfidh an Wasp Network ga an taitnimh i mórán

The Wasp Network
Stiúrthóir: Olivier Assayas
Cliar: Edgar Ramírez, Edgar Ramírez, Gael García Bernal, Ana de Armas, Wagner Moura.

Déanann an scannán seo, atá bunaithe ar an leabhar The Last Soldiers of the Cold War le Fernando Morias, iarracht cuntas a thabhairt ar scéal na spiairí Cúbacha a bhí buailte fúthu in Florida i dtosach na nóchaidí.

Saothar Spáinnise/Béarla atá anseo cé gur i Spáinnis atá a fhormhór. Is breá liom an tslí a bhfuilimid mar lucht féachana tar éis sleamhnú chomh mór sin i dtreo an dátheangachais agus an ilteangachais. A bhuíochas do Narcos agus Borgen agus The Killing roimhe sin tá an goile ag lucht an Bhéarla tabhairt faoi shaothair atá cuid mhaith, nó go hiomlán i dteanga eile.

Nár bhuaigh scannán Cóiréach duais Oscar don scannán is fearr níos luaithe i mbliana?

I dtosach an scannáin címid an píolóta René González ag goid eitleáin óna láthair oibre i gCúba i 1990 agus ag tabhairt faoi Miami Mheiriceá lena thír, a bhean Olga (Cruz) agus a iníon a thréigean.

I radharc eile címid Juan Pablo Roque (Moura) ag snámh ó Caimanera go Guantánamo Bay le cúl a thabhairt do réimeas Castro chomh maith.

Buaileann siad fúthu i gceantar Miami agus éiríonn siad sáite sa ghluaisteacht frith-Castro ansin.

Is de réir a chéile a thugtar le fios dúinn go bhfuil uisce fé thalamh anseo agus gur spiairí iad an bheirt seo agus mórán eile nach iad atá ag soláthar eolais do charachtar eile (Bernal) le seoladh chuig na húdaráis ar an bhfód dúchais.

Is téama suimiúil go maith atá anseo mar, fé mar a deir Fidel in ábhar cartlainne, is éard a bhí anseo ná an tír is mó a ndéantar spiaireacht uirthi ag déanamh spiaireachta ar an spiaire is mó ar domhan.

Feall ar iontaoibh agus buille ar an mbuille ag an dá thír ar a chéile le blianta.

Bheifeá ag súil mar sin go mbeadh tú ar cipíní i gcaitheamh an scannáin.

Ar an drochuair ní hamhlaidh atá. Níl eachtraíocht nó teannas ag baint leis an léiriú a dhéantar ar obair na mbeach capaill agus téann rudaí chun leadráin.

Tá uair an chloig den scannán gafa tharainn sula nochtar aidhmeanna folaigh na gCúbach dúinn.

Ar uairibh bhí an iomarca carachtar, eachtraí agus sonraí neafaiseacha á raideadh chugainn. Fágann sin go mb’fhéidir go n-oirfeadh múnla sraith teilifíse níos fearr don chúram.

Ar an dtaobh eile b’fhéidir go bhfuil sé an-deacair na carachtair agus eachtraí éagsúla a chniotáil le chéile chun saothar mealltach le dealramh a sholáthar. N’fheadar cé mhéad radharc a bhí bunaithe ar na príomhcharachtair a bheith ag monabhar i mbeár, teach tábhairne nó bialann. Go deimhin d’imigh scéal Roque go hiomlán ar bóiléagar.

Bhí an-dúil agam éachtaint a fháil ar an saol a bhí i gCúba ag an am idir chraiceann agus chnámh. Carachtar tathagach í Olga agus d’fhéadadh an léiriú sin a bheith bunaithe uirthi.

Cé go ndéantar iarracht an scéal neamhghnách seo a reic go tomhaiste níor chuir scéal na mbeach capaill ga an taitnimh ionam.

Fág freagra ar 'Ní chuirfidh an Wasp Network ga an taitnimh i mórán'