Ní chreidimid gur Dee Forbes amháin a bhí ar an eolas faoi íocaíochtaí – An Taoiseach

Beidh feidhmeannaigh ó RTÉ os comhair Choiste Oireachtais na Meán tráthnóna, áit a ndéanfar diancheistiú orthu faoi scannal na n-íocaíochtaí faoi cheilt a rinneadh leis an gcraoltóir aitheanta Ryan Tubridy

Ní chreidimid gur Dee Forbes amháin a bhí ar an eolas faoi íocaíochtaí – An Taoiseach

Deir an Taoiseach Leo Varadkar nach gcreideann sé gurb í Dee Forbes an t-aon duine a raibh eolas aici faoi na híocaíochtaí conspóideacha a rinneadh leis an gcraoltóir Ryan Tubridy.

Thug an Taoiseach le fios nach bhfuil aon iontaoibh ag an Rialtas as maíomh RTÉ gurb í an t-iar-ardstiúrthóir Dee Forbes an t-aon bhall d’fheidhmeannas RTÉ a raibh dóthain eolais aici le go mbeadh a fhios aici go raibh na sonraí faoi phá Ryan Tubridy a tuairiscíodh go poiblí míchruinn.

Beidh feidhmeannaigh ó RTÉ os comhair Choiste Oireachtais na Meán, áit a ndéanfar diancheistiú orthu faoi scannal na n-íocaíochtaí faoi cheilt a rinneadh leis an gcraoltóir aitheanta. 

Ní bheidh Dee Forbes, a d’éirigh as Dé Luain, i láthair ag an gcruinniú tráthnóna toisc go bhfuil sí tinn.

Ghlac Forbes leis Dé Luain gurbh í a bhí i bhfeighil ar an idirbheartaíocht a dhein RTÉ le gníomhaire Ryan Tubridy faoi chúrsaí pá ach dúirt sí go raibh na cainteanna faoi cheannas daoine eile chomh maith.

Dúirt RTÉ tráthnóna inné gur thug an t-iar-ardstiúrthóir a beannacht do na híocaíochtaí conspóideacha a rinneadh leis an gcraoltóir Ryan Tubridy. 

Chuir RTÉ ráiteas naoi leathanach amach tráthnóna inné faoin gconspóid mhór a bhfuil siad buailte go dona aici ó d’admhaigh bord na heagraíochta an tseachtain seo caite go bhfuair Ryan Tubridy €345,000 níos mó ná mar a tuairiscíodh go poiblí idir 2017-2022. 

Sa ráiteas, dúirt Adrian Lynch, ardstiúrthóir eatramhach RTÉ, gurb í Dee Forbes an t-aon bhall d’fheidhmeannas RTÉ a raibh dóthain eolais aici le go mbeadh a fhios aici go raibh na sonraí faoi phá Ryan Tubridy a tuairiscíodh go poiblí míchruinn.

Dúirt Adrian Lynch go raibh “baint dhíreach” ag Forbes le gnéithe den idirbheartaíocht faoi phá Ryan Tubridy.

I láthair ag an gcruinniú i dTeach Laighean inniu, beidh Cathaoirleach Bhord RTÉ agus iarchathaoirleach TG4, Siún Ní Raghallaigh, an tArdstiúrthóir eatramhach Adrian Lynch, Geraldine O’Leary, stiúrthóir tráchtála, Richard Collins, príomhoifigeach airgeadais agus Rory Coveney, stiúrthóir straitéise.

 

Fág freagra ar 'Ní chreidimid gur Dee Forbes amháin a bhí ar an eolas faoi íocaíochtaí – An Taoiseach'