‘Ní cheadóidh mise teorainn chrua’ – Theresa May

Dúirt Theresa May i mBéal Feirste tráthnóna gurb amhlaidh gur athrú ar an gcúlstop a theastaigh uaithi seachas fáil réidh leis

‘Ní cheadóidh mise teorainn chrua’ – Theresa May

Tá ráite ag Theresa May nach gceadóidh sí féin ná a Rialtas aon teorainn chrua in Éirinn.

Ag labhairt di i mBéal Feirste tráthnóna, dúirt Príomh-Aire na Breataine go raibh sí tiomanta do theorainn chrua a sheachaint.

“Ní ligfidh Rialtas na Ríochta Aontaithe dó sin tarlú. Ní ligfidh mise dó tarlú,” a dúirt sí.

Dúirt May gurb amhlaidh gur athrú ar an gcúlstop a theastaigh uaithi seachas fáil réidh leis.

“Nílim ag moladh go gcuirfí ina luí ar dhaoine glacadh le margadh nach mbeadh aon pholasaí árachais ann don am atá le teacht. Is é atá ráite ag an bparlaimint ná go gcreideann siad gur chóir athruithe a dhéanamh ar an gcúlstop,” arsa Theresa May.

Dúirt May gur thuig sí don imní a bhí ar mhuintir an Tuaiscirt, ach gheall sí go dtiocfaí ar bhealach leis an mBreatimeacht a chur i gcrích a sheasfadh leis na gealltanais atá tugtha aici i dtaobh an Tuaiscirt.

Dúirt an Príomh-Aire gur theastaigh caidreamh fíorláidir i gcónaí uaithi le hÉirinn agus go raibh caidreamh na Breataine leis an tír seo níos ‘doimhne’ ná an caidreamh a bhí aici le haon cheann eile de bhallstáit an AE.

Mhol sí go ndéanfadh an Ríocht Aontaithe agus Éire comhiarracht ar Chorn an Domhain a óstáil in 2030.

Cé nach fios go fóill céard iad na hathruithe ar an gcúlstop ba mhaith le May, tá sé i gceist i gcónaí deis a thabhairt do na feisirí vótáil ar mholtaí nua an Rialtais ar an 14 Feabhra.

Tá sé i gceist ag Príomh-Aire na Breataine filleadh athuair ar an mBruiséil Déardaoin chun ceist an chúlstop a phlé, tráth a bhfuil lucht an AE fós ag cloí go daingean lena bpolasaí nach ndéanfar aon athrú ar an gcúlstop céanna.

Meastar gurb é a bheidh á lorg ag May  go rachfaí i mbun ath-idirbheartaíochta faoin margadh imeachta agus go bhféachfaí le dáta éaga a chur leis an gcúlstop nó cead a thabhairt don Bhreatain é a chur ar leataobh as a stuaim féin, dhá mholadh a chuir an AE as an áireamh cheana.

Dúirt Arlene Foster, ceannaire an DUP, a bhfuil rialtas May ag brath orthu, gurb í an mhandáid atá tugtha ag an bParlaimint socrú éigin a chur in áit an chúlstop, mar atá sé faoi láthair.

“Droch-chúlstop atá ann dúinne atá inár gcónaí i dTuaisceart Éireann. Tabharfaidh muidne ár dtacaíocht don Phríomh-Aire má dhéileáiltear leis an gcúlstop sa gconradh Breatimeachta. Ní theastaíonn imeacht gan mhargadh uaim,” arsa Arlene Foster.

Idir an dá linn, d’fhéadfadh dúshlán eile a bheith anois roimh mhargadh Breatimeachta Theresa May má thugann David Trimble, duine de na daoine is mó atá luaite le Comhaontú Aoine an Chéasta, cás cúirte in éadan an mhargaidh imeachta.

Dúirt Trimble, a bhí ina cheannaire ar an UUP nuair a síníodh an comhaontú síochána, go raibh dúshlán dlí á phlé aige féin agus ag daoine eile maidir le cuid de na forálacha faoin gcúlstop atá i socrú an Bhreatimeachta.

“Tá an cás seo á phlé againn agus imní orainn faoin mbealach a bhfuil an socrú Breatimeachta ar ghlac ár bPríomh-Aire leis ag dul glan in aghaidh  Chomhaontú Bhéal Feirste agus ag déanamh an-dochar dó,” a dúirt Trimble. 

“Tá an tAontas Eorpach tagtha isteach sa gconradh imeachta seo agus líon suntasach inniúlachtaí bainte aige den fheidhmeannas déabhlóidithe agus roinnt struchtúr ón mbarr anuas á gcur ar bun, agus foras á bhunú idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach chun iad a mhaoirsiú. An chúis is mó gur éirigh le Comhaontú Aoine an Chéasta gurbh ón mbonn aníos a tháinig sé.”

Fág freagra ar '‘Ní cheadóidh mise teorainn chrua’ – Theresa May'