Ní chaithfear ach ‘sciar beag’ de mhaoiniú nua ar naíonraí ‘Béarla’ na Gaeltachta

€25,000 den €270,000 breise in aghaidh na bliana atá ceadaithe do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta a bheidh á chaitheamh ‘ar chur chun cinn na Gaeilge’ i 20 seirbhís Gaeltachta atá ag feidhmiú trí Bhéarla

Ní chaithfear ach ‘sciar beag’ de mhaoiniú nua ar naíonraí ‘Béarla’ na Gaeltachta

Tá ráite ag Roinn na Gaeltachta nach gcaithfear ach “sciar beag” den mhaoiniú a fógraíodh le déanaí do chóras luathoideachais na Gaeltachta ar naíonraí a fheidhmíonn trí Bhéarla.

Thug lucht cheann de phríomhionaid tacaíochta teaghlaigh na Gaeltachta le fios an tseachtain seo caite gur “údar iontais” dóibh go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag tacú le naíonraí atá ag feidhmiú trí Bhéarla fad is atá “an chluas bhodhar” á tabhairt dóibh féin.

Dúirt Lochlainn Ó Tuairisg, Rúnaí an Chrann Taca in Indreabhán i gConamara go raibh “ag cinnt” air “meabhair a bhaint as cur chuige na Roinne agus iad ag caitheamh airgid ar naíonraí Béarla sa Ghaeltacht agus ag diúltú glan dár n-iarratas ar dheontas”.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie, nach mbeadh ach €25,000 den €270,000 breise in aghaidh na bliana atá ceadaithe do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta á chaitheamh ar sheirbhísí Gaeltachta atá ag feidhmiú trí Bhéarla faoi láthair. B’ionann é sin, a dúradh, agus €1,250 an ceann do 20 seirbhís atá ag feidhmiú trí Bhéarla sa Ghaeltacht.

“Ní bheidh an Roinn ag cur maoiniú ar fáil do naíonraí atá ag feidhmiú trí Bhéarla, ach mar chuid den socrú le Comhar Naíonraí na Gaeltachta beidh an eagraíocht sin ag áitiú ar suas le le 20 seirbhís atá ag feidhmiú trí Bhéarla faoi láthair an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid seirbhísí,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Dúirt Lochlainn Ó Tuairisg, Rúnaí an Chrann Taca in Indreabhán go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an t-ionad a tógadh “le hugach, le spreagadh agus le cabhair ó Roinn na Gaeltachta le bheith mar eiseamláir den chúram leanaí lán-Ghaeilge agus den phleanáil teanga” anois “le caitheamh i dtraipisí”.

Dúirt sé gur “diúltú glan” a fuair lucht an ionaid ar a n-iarratas chuig Roinn na Gaeltachta ar dheontas reachtála €70,000.

Dúirt urlabhraí na Roinne gur cuireadh in iúl do bhaill bhord An Crann Taca i mí Bealtaine nach gcuireann an Roinn maoiniú ar fáil go díreach do sheirbhísí naíonraí ná naíolann agus gur faoi Chomhar Naíonraí na Gaeltachta atá sé “cúram a dhéanamh” de na seirbhísí sin.

Ní thagann An Crann Taca faoi scáth Chomhar Naíonraí na Gaeltachta.

Dúirt Lochlainn Ó Tuairisg nach bhfuil dóthain maoinithe ag an gCrann Taca chun daoine a mhealladh chun oibre ann nó an dream atá ag obair ann a choimeád.

“Ciallaíonn na rátaí ísle pá atá an Crann Taca in acmhainn a íoc – €10 san uair sa Naíolann – 45 cent os cionn an íosphá náisiúnta – go mbíonn sé ag cinnt orainn daoine a earcú agus ag cinnt orainn iad a choinneáil – agus cé a thógfadh orthu é.”

Dúirt urlabhraí na Roinne gur faoin gCrann Taca féin atá sé “a rátaí pá a shocrú”.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh an tseachtain seo caite go raibh breis is €810,000 le caitheamh as seo go ceann trí bliana mar thacaíocht bhreise don earnáil luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Tabharfar €270,000 in aghaidh na bliana do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta idir 2018-2020 chun “leathnú” a dhéanamh “ar an raon tacaíochtaí” a chuireann an eagraíocht sin ar fáil. Úsáidfear an maoiniú atá le ceadú sa chéad bhliain chun beirt oifigeach cúnta breise a fhostú, chun ocht seirbhís luathbhlianta eile a thabhairt faoi chúram Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus chun cabhrú leis an 20 seirbhís a fheidhmíonn trí Bhéarla sa Ghaeltacht faoi láthair  an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid oibre.

Caithfear an maoiniú nua freisin ar riar scéim na Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile, atá á haistriú ó Roinn na Gaeltachta go dtí Comhar Naíonraí na Gaeltachta. Faigheann An Crann Taca €15,000 in aghaidh na bliana faoin scéim sin agus dúirt urlabhraí na Roinne nach dtiocfadh aon athrú ar an socrú sin.

Fág freagra ar 'Ní chaithfear ach ‘sciar beag’ de mhaoiniú nua ar naíonraí ‘Béarla’ na Gaeltachta'