Ó DHÚCHAS: Ní chaitheann an báinín brocach anois ach máistrí scoile, cuairteoirí agus daoine eile gur cuma leo cé a bhíonn ag magadh fúthu…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS: Ní chaitheann an báinín brocach anois ach máistrí scoile, cuairteoirí agus daoine eile gur cuma leo cé a bhíonn ag magadh fúthu…

Tá sé nó seacht dtáilliúir san cheantar seo anois. Ógánach ar bith atá ina chláiríneach nó nach bhfuil lúth na gcos aige, cuirtear chuig táilliúir é leis an cheird a fhoghlaim. Ina dtithe féin a oibríonn a leithéid anois ach chan mar sin a bhíodh sé i bhfad ó shin. I dtrátha daichead bliain ó shin, is cuimhin liom féin na seantáilliúirí ag gabháil thart.

Teach ar bith ina mbeadh gréasán ann le fuáil, chuirfí scéal chuig an táilliúir Ó Comhgaill. Thigeadh sé, d’fhanadh ina shuí ar an tábla faoin fhuinneog go gcuireadh sé culaith ar gach buachaill agus fear ina an teach. Am teacht na hoíche, nuair a staonadh sé dena chuid oibre, shuíodh sé ag an tine, chruinníodh na comharsana uilig isteach ag éisteacht leis ag gabháil de na seanscéalta Fiannaíochta. Bhí na seantáilliúirí ainmnithe ar na scéalaithe ab fhearr lena linn.

Bhí táilliúir eile, Johndy Ó Searcaigh ina chónaí i mBarr an Locha agus ní raibh a shárú le fáil ag gabháil den Fhiannaíocht.

Ins an gheimhreadh, ba ghnách leis na mná a bheith ag sníomh agus ag cardáil. I gceann an tuirne agus péire cardaí a bhíodh ó lomtaí na caoirigh go mbíodh an olann uilig sníofa. Ghníodh na mná sealaíocht, ins an teach seo anois agus i dteach eile oíche arna mhárach, ag cuidiú le chéile agus iad ag gabháil cheoil san am céanna.

Nuair a bheadh an snáth uilig réidh acu, chuireadh siad chuig an fhíodóir é nó bhí duine nó beirt acu sin ann i ngach baile fearainn; Jimí Neidí Ó Luadhaigh i gCiarraí i Mín Beannaid agus Domhnaidh Ó hEaghra i gCnoc Átha Caocháin.

Ghníodh siadsan blaincéid, báinín, glas caorach nó báinín brocach, agus drugaid (drugget) do na mná.

Bhí an t-úcaire ansin acu thall ansin i Mín an Úcaire leis an éadach seo a ramhrú mura raibh sé trom go leor ag teacht ó lámha an fhíodóra. Bhí gnás salach acu leis na plaincéidí a ramhrú sa bhaile. Chonaic mé féin iad ag gabháil de ach is fearr liom gan trácht air.

Ní chaitear an báinín brocach nó an homespun anois. Fágtar é ag máistrí scoile, cuairteoirí (tourists) agus a leithéidí – daoine gur cuma leo cé acu bhíonn na daoine ag magadh fúthu nó nach mbíonn. Dá gcaithfeadh ógánach inphósta culaith de anois, bhéarfadh na cailíní óga leasainm air a mhairfeadh dó an lá a bheadh sé beo.

Na seantáilliúirí agus iad ag gabháil thart ó theach go teach, na gléasanna a bhíodh acu: méaracán, snáthaidí, cailc agus siosúr. Ní fhaca mé meaisín le haon duine acu riamh.

Tuairim is ceithre scór bliain ó shin, chuireadh achan teaghlach líon agus ansin bheadh ábhar léinteacha, braillíní agus éadach tábla acu. Tá aithne agam féin ar sheanbhean a bhfuil aici éadach tábla agus braillíní a shníomh sí féin agus í díomhaoin (singil).

Ní fhaca mé ach tuirne beag amháin ins na Rosa, an tuirne mór i gcónaí ainneoin gur coitianta an tuirne beag suas i ndeisceart na contae.

Tá clú mór ag cuid ban na Rosa as a gcuid cleiteála (cniotála), ó aimsir an drochshaoil anuas bhíodh siad ag cleiteáil ar pháigh, go háirid do mhuintir na nGleanntach (na McDevitts). D’fhágadh siad na Rosa le glanadh an lae faoina gcuid ualach stocaí agus bhí acu leis na hualaí sin a iompar fiche míle chun na nGleanntach. Ansin d’iompraíodh achan bhean ualach snátha ’na bhaile an oíche chéanna. Is iomaí uair a bheir an oíche agus an stoirm orthu agus b’éigean dóibh luí amach ar foscadh claí nó sconsa go maidin. Ní fios dom cá mhéad a bhíodar a fháil ar dhosaen stocaí a chleiteáil ach tá cuimhne mhaith agam féin nuair a bhí an snáth banríona ag gabháil gur ocht bpingin déag an dosaen a gheobhaidís as iad a chleiteáil. Ansin ní bhfaigheadh siad go le fiú le haon leithphingin rua d’airgead. Chaitheadh siad earraí nó éadach a thógáil ar an airgead. Sin mar a tháinig mórchuid de na toicithe ar na Gleannta agus na Rosa i dtír, ag déanamh leatrom ar na bochtaibh agus ag coinneáil a dtuarastail ón lucht oibre.

Séumas Ruadh Ó Domhnaill (50),
múinteoir i Scoil Náisiúnta Mhín Beannaid,
Co Dhún na nGall

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ní chaitheann an báinín brocach anois ach máistrí scoile, cuairteoirí agus daoine eile gur cuma leo cé a bhíonn ag magadh fúthu…'