Ní ceart go dtabharfadh faillí teanga an Stáit deis éalaithe ón dlí do dhaoine – Coimisinéir

Cúis iontais don Choimisinéir nár cuireadh socruithe i bhfeidhm chun go ndéanfaí ráitis sa dá theanga i dtaobh tástálacha anála

 

Ronán Ó Domhnaill

Níor cheart go bhfágfadh teip an Stáit a chuid dualgas reachtúil teanga féin a chomhlíonadh go bhféadfaí riar an chirt a sheachaint, dar leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Bhí an Coimisinéir ag trácht ar chinneadh na hArd-Chúirte inné nach raibh torthaí tastálacha anála bailí toisc gur i mBéarla amháin a bhí na foirmeacha a bhain leo. Tugadh reachtaíocht éigeandála isteach ar maidin mar fhreagra ar chinneadh an Bhreithimh Noonan inné, cinneadh a d’fhág go bhfuil amhras ann i dtaobh dhlisteanacht na gcéadta cás a bhaineann le tiomáint faoi thionchar an óil.

I ráiteas a d’eisigh Oifig an Choimisinéara Teanga tráthnóna faoin gcinneadh, dúradh gur chúis iontais don Choimisinéir “nár cuireadh na socruithe cuí in áit a chinnteodh go bhféadfaí na ráitis ábhartha a ghiniúint sa dá theanga oifigiúil”.

Tugadh le fios go bhfuil cinneadh na hArd-Chúirte á scrúdú faoi láthair ag an gCoimisinéir Teanga agus go ndéanfaidh sé ráiteas níos iomláine faoin scéal i ndiaidh dó an breithiúnas ar fad a mheas.

I mí Dheireadh Fómhair 2011 shínigh an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ionstraim reachtúil inar sonraíodh an leagan amach a chaithfí a úsáid i dtaobh ráiteas a bhaineann le samplaí anála a chur ar fáil. San Acht um Thrácht ar Bhóithre 2010, sonraítear gur sa dá theanga oifigiúil a bheadh a leithéid de ráiteas.

“Gan na socruithe sin a bheith déanta, tá an chosúlacht air gur fágadh lúb ar lár i gcomhlíonadh na reachtaíochta”, a dúirt an Coimisinéir.

“Níl cóip den ionstraim reachtúil nua a shínigh an tAire Iompair, Tuarasóireachta agus Spóirt inniu feicthe ag Oifig an Choimisinéara Teanga go fóill agus, dá bhrí sin, is deacair aon tráchtaireacht a dhéanamh ina leith ag an tráth seo. Tá sé tábhachtach, áfach, go bhfreastalófaí mar is ceart ar lucht labhartha na Gaeilge agus go mbeadh ábhar den chineál seo ar fáil dóibh ina rogha teanga oifigiúla,” a dúradh sa ráiteas ó Oifig an Choimisinéara Teanga.

Mar fhreagra ar chinneadh na hArd-Chúirte inné, shínigh an tAire Iompair Paschal Donohoe reachtaíocht éigeandála ar maidin.

De réir na hionstraime reachtúla nua, ceadaítear na ráitis a bhaineann le tástáil anála a bheith i nGaeilge nó i mBéarla.

Fág freagra ar 'Ní ceart go dtabharfadh faillí teanga an Stáit deis éalaithe ón dlí do dhaoine – Coimisinéir'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘go mbeadh ábhar den chineál seo ar fáil dóibh ina rogha teanga oifigiúla’
    ‘ceadaítear na ráitis a bhaineann le tástáil anála a bheith i nGaeilge nó i mBéarla’

    Tá sé deacair go leor cáipéisí dlí a léamh i mBéarla gan labhairt ar an Ghaeilge. Cé mhéad duine atá chomh líofa sin sa Ghaeilge agus go n-iarrfaidh siad cé bith ráitis sa teanga amháin sin? Ar laghad má bhíonn an dá theanga ann thig compráid a dhéanamh agus éirigh cleachtaithe leis an leagan Gaeilge. Tá Paschal Donohoe arís ag déanamh ‘bheag den teanga dúchais agus a cuir i bhfolach.