‘Ní ceadmhach bheith ag ithe amach as cúl na cairte…muintir Chorcaí amháin a dheineann é seo’

Tá roinnt treoracha ag ár gcolúnaí dúinn is dtreo is gur féidir linn sinn féin a ullmhú do bhiaiste an tsamhraidh mar is ceart. Ní fearr am chun tabhairt fé ná lár na Bealtaine, tráth a mbíonn díomhaointeas agus guagacht ag baint leis

Tipperary Senior Football Championship Final, Cashel, Co. Tipperary 21/12/2014 Cahir vs Loughmore Castleiney  A young supporter looks on from behind the goal Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Duine óg ag faire an chluiche ó taobh thiar den chúl.  ©INPHO/Donall Farmer

Toisc go bhfuil an deireadh seachtaine seo, a bheag nó a mhór, saor ó chluichí eadarchontae, tá sámhnas áirithe na laethanta beaga seo idir dheireadh sraithe agus tús craoibhe acu siúd a leanann a bhfoirne contae.

Deis í seo chun machnamh a dhéanamh ar an bhfeachtas earraigh atá díreach thart agus chun tindeáil a dhéanamh ar an léas beag dóchais atá ins an uile dhuine a bhíonn leanúnach ar chluichí agus biaiste an tsamhraidh ag síneadh romhainn amach.

Toisc nach aon slat tomhais róchruinn í an tsraith, tréimhse í seo ina bhfuil go leor éiginnteachta agus más duine tú a bhfuil taithí na mblianta fachta aige ar an ndíomá do-inste a leanann bris craoibhe, tá a ghuagacht féin ag baint le lár na Bealtaine chomh maith.

Ní hí an cheist shíoraí, ‘cé a bhuafaidh Craobh na hÉireann?’ atá ag dó na geirbe ag lucht leanta na caide in isteach is amach le seacht gcontae ar fhichead an tráth seo bliana ach ‘n’fheadar cén fhaid a bheidh ár seasamh i mbliana?’ Gach éinne de réir a acmhainne.

De bharr na guagachta agus na héiginnteachta seo, mheasas ná beadh sé ach tráthúil agus cuí treoir a chur orthu siúd a bhíonn idir ann agus as ag leanúint a bhfoirne sa chraobh.

Treoracha iad seo atá bunaithe ar mo thaithí ag taisteal chuig cluichí lem’ athair mar ógánach, á n-imirt mar dhuine fásta agus á leanúint arís agus mé ag iarraidh an dá thráigh idir shúgradh an dílseora agus dáiríreacht an iriseora a thabhairt liom:

Treoir # 1

Ná bí ag spáráil na pingine is ag caitheamh na scillinge. Seachain tú féin ar an mbus don lucht leanúna. B’fhéidir ná caithfeá ach €10 ar an dticéad don mbus go dtí an gcluiche ach beidh ar a laghad leathghallúin pórtair caite siar agat ag dul ann agus gallún eile ag teacht as. B’fhéidir go mbeadh ort fanacht thar oíche de bharr na suthaireachta agus sin ar a laghad €100 eile caite agat! Beir leat do mhótar, caith €50 ar dhíosail agus beidh tú ag baile sa tigh tábhairne in am don Sunday Game.

Treoir #2

Ní hionann dul go tigh an rí agus teacht as. Bíodh ar a laghad trí bhealach go dtí’n bpáirc agat agus dhá chongar ag teacht amach as an áit. Seachas comhrá a chothú ins na laethanta beaga roimis an gcluiche – a leithéid seo: ‘cén tslí is tapúla le tabhairt faoi Staid Semple?’; tugann sé stádas áirithe duit sa tigh tábhairne agus tú ag faire ar an Sunday Game an oíche sin. Tá gach baile agus paróiste in Éirinn breac le daoine a mhaíonn gurb iad siúd is túisce a bhain cuan amach. Ná hinis an fhírinne go deo leis na daoine seo. Má shroich sé siúd baile ag a naoi a chlog, abair leis go mbainis féin an baile amach ag leathuair tar éis a hocht…agus go gcuiris moill ort féin ag ithe greim bídh i Matt The Thrasher agus ag líonadh tainc díosail i gCaisleán Nua Thiar.

Treoir #3

An rud is fiú a dhéanamh in aon chor, is fiú é a dhéanamh i gceart. Ná bí ag breith chughat féin muna bhfuil slí chun páirceála ag teacht go saoráideach ar imeall an bhaile ort. Lean ort i dtreo na páirce agus beidh póirse éigin i gcúinne éigin i gcónaí. Níor chaill fear an mhisnigh riamh é.

Treoir #4

An áit go mbíonn náire, bíonn grásta. Ní ceadmhach bheith ag ithe amach as chúl na cairte agus ná ligfeadh an náire dhuit bheith ag ól as fleasc tae ach an oiread. Muintir Chorcaí amháin a dheineann é seo agus tabhair faoi ndeara gur dream daoine iad siúd nach dtuigeann náire ná grásta.

Treoir #5

Capall na hoibre an bia. Má cheannaíonn tú do chuid stuif ón veain so-ghluaiste, ná bíodh ionadh ná alltacht ort más feoil chapall atá sa bhurger. Bíonn malairt rogha ann i gcónaí. Má tá aon mhaith in aon chor leis an áit, beidh duine éigin ag díol úlla agus bananas lasmuigh den ngeata. Rogha i bhfad níos sláintiúla agus seachnófar an loscadh daighe chomh maith!

Treoir # 6

Ná dein nós agus ná bris nós. Éist le Spórt an Domhnaigh ar Raidió na Gaeltachta ar do shlí abhaile sa chairt agus ná caill an Sunday Game ar theacht abhaile dhuit.

 

Fág freagra ar '‘Ní ceadmhach bheith ag ithe amach as cúl na cairte…muintir Chorcaí amháin a dheineann é seo’'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Éirí in airde na gCiarraíoch. Níl sé chomh fada ó bhí siad ag ithe agus ag ól as chúl an ghluaisteáin….

  • sean o rathaille

    naire na grasta?
    ‘an duine a bhionn ag magadh fut is faoi fein a bhionn a leath dhe’ a Dhara agus ni Corcaioch me fein ach a mhalairt!
    is fada riamh mise ag ol tae as fleasc agus ag ithe mo chuid fein bidh roimh chluichi, ag cluichi no t’reis cluichi agus sin e an tabhairt suas a fuaireas riamh anall om mhuintir. Ni thuigim gur nair dom e agus ni lu liom an sioc na tuairim einne eile fum ach oiread.
    Ni naire ata sa treis anseo ag Dara ach scathmhaireacht roimh thuairim agus roimh shuainsean na gcomharsan, a stadas agus a sheasamh fein sa tsaol a bheith i bpriacail.
    Nach mo go mor an scmhard agus an cothu a dheanann bean a’ ti dhuit seachas an cineal a gheofa in Supervalu gan tracht ar an eanglais tae a gheofa ann?
    Biodh ciall agat agus fill ar do dhuchas ceart sandwichi agus tae!