Ní cathair mar a tuairisc í Amsterdam scannán nua David O. Russell

In ainneoin foireann iontach aisteoirí is saothar patuar go maith é seo ó David O. Russell

Ní cathair mar a tuairisc í Amsterdam scannán nua David O. Russell

Amsterdam
Stiúrthóir: David O. Russell.
Cliar: Christian Bale, Margot Robbie, John David Washington, Anya Taylor-Joy, Robert De Niro, Rami Malek, Zoe Saldana, Chris Rock, Michael Shannon, Mike Myers, Taylor Swift, Timothy Olyphant

Is fada ó chonac a leithéid d’fhoireann aisteoirí; ón seanfhondúir De Niro chuig Taylor-Joy a bhfuil a saol aisteoireachta ag bláthú le cúpla bliain anuas; 17 ainmniúchán Oscar faighte acu eatarthu agus ceithre bhua. Nuair a chuireann tú iad siúd faoi chúram ceardaí cosúil le David O. Russell bíonn tú ag súil le saothar ar leith. Seo an stiúrthóir/scríbhneoir a thug leithéidí American Hustle (2013), Silver Linings Playbook (2012) agus The Fighter (2010) dúinn. In ainneoin go bhfuil cuma na maitheasa ar an saothar seo is ábhar mór díomá é. Ní cathair mar a tuairisc é.

I dtosach an tsaothair címid na dlúthchairde Burt (Bale), ar dochtúir é, agus Harold (Washington), ar dlíodóir é, á earcú ag bean (Swift) le bás a hathar a fhiosrú i Nua-Eabhrac na dtríochaidí. Tosnaíonn rudaí ag imeacht ar bóiléagar ar an bpointe, agus gan aon gháire á bhaint asainn, i radharc a raibh go leor féidearthachtaí, agus Chris Rock, ann.

Tugann iardhearcthaí gan dealraimh, a dhein iarracht chiotach rud éigin a rá faoi chiníochas na tréimhse, léargas ar bhunús chairdeas na beirte. Tuigtear don bheirt gur dúnmharaíodh an t-athair, fear a bhí mar cheann feadhna acu sa Chéad Chogadh Domhanda. Vae leo ansan agus cad é carachtair is eachtraí a chastar leo.

Tá an scéal bunaithe ar an Business Plot, comhcheilg pholaitiúil na dtríochaidí luatha a bhí dírithe ar an Uachtarán Franklin D. Roosevelt a chur de dhroim seoil. D’fhéadfadh saothar toirtiúil a bheith bunaithe air sin ach ní hé seo é. Tá an saothar in ainm is a bheith ait ar shlí shuaithinseach ach tá sé leadránach ar shlí a d’fhág corrthónach mé i bhfad sara raibh an dá uair an chloig is ceathrú istigh.

Bhí sé in ainm is a bheith greannmhar, ach ní raibh ach go fíorannamh. Déantar iarracht tréithe de chuid an scéinséara a bheith ann chomh maith ach níl aon teannas ná clisteacht ag baint leis an scéal agus ní fiú an deich triuf an casadh ag an deireadh. Déantar iarrachtaí neafaiseacha rud éigin fónta a rá faoin drochíde a thugtar ar iarshaighdiúirí agus faoi fhorás an fhaisisteachais ach ní éiríonn leis na hiarrachtaí sin. Meascán mearaí de théamaí ná luíonn le chéile mar is ceart.

Lena cheart a thabhairt don saothair tá taispeántais bhreátha le feiscint sa saothar. Aisteoir iontach í Robbie ach ní dóigh liom go dtugtar a dúshlán, ná dúshlán De Niro, rómhór. Tá Bale, aisteoir atá deas ar chlónna éagsúla a chur air féin, an-mhaith mar an niúdar-neádar Burt, leathdhronn de bharr timpistí cogaíochta agus é an-mhór lena bhean nach bhfuil aon mheas aici air.

Ní hé Washington an t-aisteoir is ansa liom ach déanann sé a chúram agus is breá liom Anya Taylor-Joy, Rami Malek, Zoe Saldana agus Michael Shannon i gcónaí. In ainneoin na foirne iontaí sin, áfach is saothar patuar go maith atá anseo.

Fág freagra ar 'Ní cathair mar a tuairisc í Amsterdam scannán nua David O. Russell'