Ní cathair mar a tuairisc é Don’t Worry Darling

I ndeireadh na dála níl mórán úrnua, uathúil le rá ag  Saothar Olivia Wilde – gothaí móra ach buillí beaga

Ní cathair mar a tuairisc é Don’t Worry Darling

Don’t Worry Darling
Stiúrthóir: Olivia Wilde
Cliar: Florence Pugh, Harry Styles, Olivia Wilde, Gemma Chan agus Chris Pine

Bhí cad é bús faoin scannán seo fiú sarar seoladh é. Níorbh é téagar an scéil ná cumas na dtaispeántas a mheall an chaint, áfach. Bhíothas ag cabaireacht faoin aighneas agus gach re sea a bhí idir an stiúrthóir Olivia Wilde (duine de na haisteoirí chomh maith) agus an príomhaisteoir, Florence Pugh. Le cúrsaí a dhéanamh níos casta fós sé páirtí Wilde, Harry Styles, atá mar pháirtí ag Pugh ar scáileán. Tháinig sé siúd i gcomharbacht ar Shia LaBeouf agus níltear cinnte cad ba chúis lena imeacht siúd. Ráflaí, cúlchaint agus léamh á dhéanamh ar chomharthaíocht choirp ag ócáidí na meán. Chothaigh sé suim sa saothar ach ag an am céanna b’fhéidir gur cothaíodh tnútháin mhíchuibheasacha.

Is annamh, agus is iontach, an rud é go mbeadh scannán mór-ráchairte againn le bean ar an stiúir agus bean mar cheann feadhna. Bhíothas ag maíomh, Wilde san áireamh, go raibh dealramh ag an saothar seo le leithéidí The Stepford Wives (2004) agus The Truman Show (1998). Do sceith sin rún an tsaothair ar shlí agus arís eile chothaigh an chaint agus an fhoireann tnútháin faoi leith maidir le téagar an tsaothair. Ar an drochuair ní cathair mar a tuairisc é an saothar seo.

Is cinnte go bhfuil taispeántais iontacha againn. Tá Pugh gan cháim agus sé is dóichí ná a mhalairt ná go bhfaighidh sí ainmniúchán Oscar. Tá Wilde féin agus Pine os cionn a mbuille, agus dhein Styles a chúram go réasúnta maith. Tá cuma álainn ar an saothar agus an scéal ár dtabhairt chuig baile comhlachta in California na gcaogaidí. Na fearaibh ag tuilleamh an chrústa agus na mná géilliúla i mbun an tí. Solas na gréine agus carranna, éadaí is tithe dathannacha ag ceilt na fírinne.

Tá a fhios againn go bhfuil uisce fé thalamh ann, áfach. Ní baile mar a tuairisc é baile Victory. Tá suan na muice bradaí againn ón tús agus slíomadóir é piarda mór an chomhlachta, Frank (Pine). Tá caidreamh grámhar, drúisiúil ag Alice (Pugh) agus Frank (Style). Cinneadh déanta acu gan aon chlann a bheith acu agus súp á bhaint acu as an saol. Diaidh ar ndiaidh áfach tosnaíonn rudaí ag imeacht ar bóiléagar. Taibhsítear d’Alice nach bhfuil rudaí mar is ceart agus go bhfuil obair mhídhlisteanach éigin ar bun sa chomhlacht agus ná fuil aon réasún le nithe a tharlaíonn. Ní nach ionadh caitheann na fir, a fear san áireamh, go díspeagúil léi. Cuirtear abhaile uirthi go bhfuil a meabhairshláinte ag teip. Léiríonn sí misneach agus tugann sí dúshlán na bhfear. Tá casadh gan dealramh ag an deireadh, casadh a fhágann lúba ar lár sa saothar. Cén fáth ar dhúnmharaigh carachtar amháin carachtar tábhachtach eile? Cén bhaint a bhí ag eitleán a chraiseáil chun talún leis an scéal?

I ndeireadh na dála níl mórán úrnua, uathúil le rá ag an saothar seachas gur féidir le fir a bheith tíoránach, leithleach agus gur bhreá leo filleadh ar shaol patrarcach na gcaogaidí. Ní cathair mar a tuairisc é an scannán seo, is mór an trua sin.

Fág freagra ar 'Ní cathair mar a tuairisc é Don’t Worry Darling'