Ní cathair aontachtach í Béal Feirste a thuilleadh…

Ach tá polaiteoirí áirithe dall ar na hathruithe déimeagrafacha i mBéal Feirste gan trácht ar na haidhmeanna chun sochaí chomhroinnte a fhorbairt abhus

27/11/2013. Alec Reids Funerals Scenes

“Ba mhór an feall ar an bpobal aontachtach é dá mbeadh ardchathair Thuaisceart Éireann gan feisire Parlaimint Aontachtach ar bith. Mura ndéanfaidh an DUP margadh linne (UUP), tá baol ann go gcaillfear an t-aon suíochán Aontachtach atá i mBéal Feirste faoi láthair. Má dhéantar socrú réamhvótála, beidh seans ar thrí shuíochán.”

Mike Nesbitt, ceannaire an UUP a bhí ag caint, é ag tathaint ar Peter Robinson, ceannaire an DUP a dhul i gcomhar leis.

Ba chosúil go raibh Nesbitt dall ar na hathruithe déimeagrafacha i mBéal Feirste gan trácht ar na haidhmeanna chun sochaí chomhroinnte, uileghabhálach a fhorbairt abhus.

Níl aon locht, i bprionsabal ag an DUP ar mhargadh réamhthoghcháin chun “an taobh eile” a chloí. Rinne siad é i bhFear Manach /Tír Eoghain Theas an uair dheiridh agus sa bhfo-thoghchán i Lár Uladh ó shin. Saothar in aisce ab ea é; choinnigh Sinn Féin an dá shuíochán. Dúirt Peter Robinson le gairid go raibh margadh teoranta indéanta fós. Bhí coinníoll leis sin, áfach; bhí se intuigthe óna chuid cainte nár mhór a admháil gurb é an DUP an príomhpháirtí i bhformhór na dtoghranna a bheadh i gceist.

Go bunúsach, níl suim dá laghad ag an DUP in aiséirí an UUP ó na mairbh i Westminster agus is beag seans go dtabharfaidh siad lámh chúnta dóibh. Ní hionann sin agus a rá nach ndéanfaidís socrú dá bhfeilfeadh sé dóibh – ‘iarrthóir’ aontaithe” nach ón UUP na DUP é/í a chur chun tosaigh in áit nach mbeadh inbhuaite don DUP, cuir i gcás.

Seacht mbliana déag tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta, is bocht an teist é ar an nuapholaitíocht gur coimhlint ar bhonn seicteach nó ar an gceist bhunreachtúil atá fós ag dó na geirbe ag ceannairí.

Dúirt Nesbitt ar chlár raidió go bhfuil difríochtaí idir polasaithe an UUP agus DUP ach go bhfuil siad aontaithe ar an gceist bhunúsach – páirtíocht sa Ríocht Aontaithe, agus é sin níos tábhachtaí ná rud ar bith eile, dar leis. Go bunúsach, is éard is brí leis sin go bhfuil práinn le Sinn Féin agus an SDLP a choinneáil amach.

Ní hiad na hAontachtaithe amháin atá ar an ealaín seo. D’éiligh Sinn Féin margadh réamh-thoghcháin ar an SDLP cé go raibh a fhios ag cait an bhaile go ndiúltaíonn an páirtí sin don tseift, ag rá gur beart seicteach é.

Amannta, déanann vótóirí rogha thaicticeach ag tacú leis an té a bhfuil an tseans is fearr aige. Nuair nach dtarlaíonn sé sin, baintear leas as cluiche an mhilleáin – an pairtí a bhí i bhfabhar an mhargaidh ag rá gurb é an páirtí a dhiúltaigh faoi ndear an teip.

I ngeall ar sheasamh an SDLP, is ar an taobh Aontachtach amháin a chítear na socruithe réamh-thoghcháin cé gur minic a chaitheann poblachtánaithe agus naisiúnaithe a vótaí go taicticeach.

Tá feachtas i dtuaisceart Bhéal Feirste, mar a bhfuiltear ag iarraidh ar dhaoine é sin a dhéanamh chun Gerry Kelly (SF) a thoghadh agus Nigel Dodds (DUP) a chur dá chois. Ceap fuatha ag aontachtaithe is ea Kelly agus gan dabht, beidh an DUP ag cur ar shúile na vótóirí gur gá dóibh aontú ar mhaithe le Dodds.

Tá oirthear na cathrach imeallach, ach ní iomaíocht idir ‘us agus them’ é. Tá an DUP ar a míle dícheall ag iarraidh an suíochán a chaill Peter Robinson an uair dheiridh a bhaint ar ais ó Naomi Long, Alliance.

Is iad na fíricí déimeagrafacha faoi ndear thuaisceart agus dheisceart Bhéal Feirste a bheith imeallach. Seo an t-athrú a bhfuil Mike Nesbitt dall air – laghdú ar an bpobal aontachtach agus meadú ar an daonra poblachtach/naisiúnach.

Ní cathair aontachtach í Béal Feirste a thuilleadh mar is léir i Halla na Cathrach agus drochsheans go bhféadfadh margadh réamh-thoghcháin ar bith an fhíric sin a chur ar neamhní.

Fág freagra ar 'Ní cathair aontachtach í Béal Feirste a thuilleadh…'