Ní cás dúinn labhairt faoin eilifint sa phrintéir!

Bíp, bíp, bíp agus díoscán casachtach ó bholg an phrintéara an comhartha a fuair ár gcolúnaí go raibh fadhb ann…

Ní cás dúinn labhairt faoin eilifint sa phrintéir!

‘Tá mé a cheapadh go bhfuil eilifint istigh sa bprintéir, Mamaí!’ a d’fhógair an Cailín Mór Beag anall orm agus práinn ina glór.

Bhreathnaigh mé anonn ar an lárionad bainistíochta a bhí socraithe suas acu sa gcoirnéal in aice leis an teilifís. Ní raibh aon chuid de nach raibh bileog páipéir A4 leagtha ann. Bhí bileoga A4 ina gcalóga sneachta ar snámh san aer, ina sruthán sléibhe, ina mbratach bán faoi chois.

Bhí obair thábhachtach ar bun, sular leaindeáil an eilifint, ba léir.

Chuala mé bíp, bíp, bíp agus díoscán casachtach ó bholg an phrintéara.

Chruinnigh na feidhmeannaigh thart agus iad ag faire ar an meaisín beag dubh, ag brú cnaipí agus cuma na práinne orthu.

‘Níl mé ag insint fios do ghnó duit, ach is fíor-dhrochsheans gur eilifint atá ann,’ a deir mé.

Bhí sé os cionn bliana ó chuir mé dúch sa bprintéir cheana agus ní raibh aon deifir orm aon athrú a dhéanamh ar an scéal sin. Ach is cosúil go raibh obair thábhachtach rúndiamhrach le déanamh ag mo chomrádaithe agus ghéill mé sa deireadh don fheachtas leanúnach ar son an dúigh.

‘Tá an dúch seo ann, caoga euro atá air,’ a deir fear an tsiopa liom, agus an branda ‘ceart’ aige atá luaite leis an bprintéir.

‘Caoga euro?’ a deir mé agus rug mé greim ar an gcuntar mar gur airigh mé meabhrán ag teacht orm.

‘Nó… tá an ceann eile seo agam,’ a deir sé ansin, ‘tríocha euro atá air, ach tá baol ann nach nglacfaidh an printéir leis,’ a dúirt sé.

‘Tógfaidh mé é!’ a dúirt mé agus abhaile linn.

‘Mura nglacfaidh sé leis,’ a dúirt sé linn agus muid ag imeacht amach as an doras, ‘brúigh an cnaipe a bhfuil triantán dearg air agus coinnigh brúite é!’

Ortha in aghaidh an mhí-áidh a bhí ann, sílim.

Bhrúigh mé an triantán dearg mar a bhí ráite liom agus choinnigh mé brúite é. ‘Bíp, bíp, bíp’ a deir an printéir, agus ‘ngggrrrdhhh.’

Ortha gan mhaith, faraor.

‘An bhfuil tú cinnte dearfa nach eilifint a bheadh ann?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom arís.

‘Bhuel,’ a dúirt mé agus amhras ag teacht orm. ‘Tá mé sách cinnte de.’

‘Hmmm,’ a deir sí agus tháinig roic ina baithis agus an printéir á scrúdú arís aici.

‘Cén fáth go gceapfá gur eilifint a bheadh ann, ar aon chaoi?’ a deir mé.

‘An bhfeiceann tú an chearnóigín bheag seo?’ a dúirt sí liom agus í ag pointeáil ar an scáileán beag ar an meaisín.

‘Feiceann,’ a deir mé.

‘Tá ‘E’ scríofa ann,’ a deir sí, ‘E le haghaidh eilifint!’

Fág freagra ar 'Ní cás dúinn labhairt faoin eilifint sa phrintéir!'