Ní caint ach gníomh a theastaíonn leis na bainc a smachtú

Glactar leis go forleathan, taobh amuigh de na bainc, nach bhfuil córas maoirseachta ná rialúcháin ná fiosrúcháin an stáit sách láidir leis na bainc a choinneáil faoi smacht

Tá dlíthe nua, forais nua agus maoirseacht níos déine ar na bainc á mbreithniú faoi láthair ag:

  • An Rialtas
  • An Banc Ceannais
  • An Coimisiún um Athchóiriú an Dlí
  • Páirtithe polaitíochta
  • Na bainc

Is léir an riachtanas do chách, fiú do na baincéirí, tar éis tubaiste 2008-2010 nuair a thit an bonn de na bainc, agus de mhaoiniú an stáit taobh istigh d’achar gairid.

Glactar leis go forleathan, taobh amuigh de na bainc, nach bhfuil córas maoirseachta ná rialúcháin ná fiosrúcháin an stáit sách láidir leis na bainc a choinneáil faoi smacht.

Glacann gach dream ar an liosta thuas leis nach féidir, de réir dlí, feidhm iar-ré a chur leis na leasuithe atá á meá acu. I bhfocail eile, ní chuirfear an dlí, faoi dhlíthe nua, ar dhuine ar bith mar gheall ar a ndearna siad roimhe seo.

Léirigh an cás cúirte inar frítheadh iarchathaoirleach Anglo Irish Bank Seán Fitzpatrick neamhchiontach anuraidh laigí an chórais reatha. Ní foláir a rá nach bhfuil sárú de shaghas ar bith ar an dlí á chur ina leith sa cholún seo.

Níl ciontú baincéirí dodhéanta go hiomlán. Gearradh téarmaí príosúin idir dhá bhliain agus trí bliana go leith ar thriúr iarfheidhmeannach as Anglo Irish Bank a ciontaíodh in 2016 i gcomhcheilg chaimiléireachta.

Ach níor bhréagnaigh an cás sin an cur síos a nglactar leis go forleathan ar laigí an chórais. Tá scannal na morgáistí rianúcháin ag léiriú arís dúinn nach bhfuil na bainc á smachtú mar ba chóir.

Tá fadhbanna móra le réiteach, agus ní fiú beartais nua a chur i bhfeidhm faoi dheifir. Níl ann ach seacht mí ó chríochnaigh triail Sean Fitzpatrick ar léiríodh lena linn mórlochtanna ar chur chuige Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach. Mar sin féin, ní féidir moill a chur i bhfad eile ar an bhfeabhsú atá riachtanach.

Tá locht amháin, dála an scéil, ar chur chuige na hOifige a d’fhéadfaí a leigheas ar an toirt. Níl an leagan Gaeilge dá theideal litrithe i gceart ag www.odce.ie.

D’fhoilsigh an Banc Ceannais moltaí Dé Máirt a neartódh rialú na mbanc agus feidhmiú an dlí i gcás mí-iompair. Dá gcuirfí i bhfeidhm iad, d’fhéadfaí coir nua, ar a dtugtar meargántacht nó místuaim as cuimse, a chur i leith an duine a dhéanann gníomh a dteipeann banc mar gheall air.

Thógfadh leasú dá leithéid ar an dlí bearna mhór amháin sa chóras. Ní leor fianaise mífhreagrachta faoi láthair leis an dlí a chur ar bhaincéir. Tá go maith, ach mhol an Banc Ceannais don rialtas breis agus dhá bhliain ó shin coir dá leithéid, mar a tugadh isteach sa Bhreatain, a thabhairt isteach abhus. 

Faraor, níl cinneadh faoin athrú seo, fiú amháin, déanta fós ag an rialtas. Níl mar leithscéal acu ach an t-athbhreithniú ar an dlí a bhaineann le míchleachtais airgeadais atá idir lámha ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí.

Idir an dá linn, tá faoi na bainc foras nua caighdeáin a bhunú i mbliana. Níl na sonraí ar fáil fós ach is eol dúinn nach mbeidh sé ar chumas an fhorais nua iachall a chur ar na bainc caighdeáin nua a chur i bhfeidhm. Ní bheidh sé de cheart ag an bhforas ach oiread pionóis a ghearradh ar bhanc nach gcuireann na caighdeáin i bhfeidhm. 

Tá rud amháin socraithe acu. Thug na bainc le fios go n-íocfaidh siad féin as bunú agus as feidhmiú an fhorais nua. Aistriúchán: íocfaidh a gcustaiméirí as.

Fág freagra ar 'Ní caint ach gníomh a theastaíonn leis na bainc a smachtú'