Ní binn béal Bradley ina thost ach oiread…

Díol suntais é áfach go bhfuil na páirtithe ar fad ag súil go n-imeoidh Karen Bradley nuair a bheidh deireadh le pátrúnacht pholaitiúil Theresa May

Ní binn béal Bradley ina thost ach oiread…

Ní minic a thacaíonn an feisire Parlaiminte Sammy Wilson an DUP le hiriseoirí. Ach cháin sé féin agus Feisire an Lucht Oibre, Kate Hoey an Státrúnaí Karen Bradley sa Pharlaimint Dé Máirt seo caite mar gur dhiúltaigh sí ceisteanna iriseoirí a fhreagairt faoi chainteanna Stormont.

Tháinig an cáineadh sna sála ar ghearán oifigiúil ó cheardchumann na n-iriseoirí faoi nós Bradley diúltú oiread is ceist amháin a fhreagairt. Ar an ócáid is deireanaí tar éis seisiún cainte in Stormont, rinne sí ráiteas aon nóiméid, nár inis aon cheo dúinn. I gcodarsnacht, labhair an Tánaiste Simon Coveney leis na tuairisceoirí agus d’fhreagair sé ceisteanna ar feadh deich nóiméad.

Níorbh é tost an Státrúnaí, per se, a bhí ag cur as do Sammy Wilson agus Kate Hoey, áfach. Bhí Hoey míshásta faoin droch-íomhá a bhain le Bradley a bheith ina tost nuair a bhí an Tánaiste in ann staid na polaitíochta a phlé. Chuaigh Sammy Wilson níos faide; chuir sé i leith an Státrúnaí gur thug a diúltú do cheisteanna na n-iriseoirí le tuiscint gurb é rialtas na hÉireann –agus Simon Coveney – murab ionann agus rialtas na Breataine a bhí i bhfeighil na n-iarrachtaí chun an tsáinn in Stormont a fhuascailt.

D’fhreagair Bradley sa Pharlaimint gur ar mhaithe le dul chun cinn a dhéanamh a bhí sí ina tost. Dá mhéid a bhíonn le rá faoin idirbheartaíocht sna meáin is ea is deacra an tóir ar réiteach, ar sí. Ní raibh sí toilteanach aon ní a dhéanamh, a dúirt sí, a chuirfeadh athbhunú Stormont i mbaol. Sheas sí go daingean le saoirse na hiriseoireachta agus d’fháiltigh sí roimh cheisteanna ach, ar an ábhar seo, ar sí, ní raibh sí sásta aon rud a dhéanamh a bheadh mar chonstaic ar an réiteach a theastaíonn ón DUP agus páirtithe eile.

Díol trua í ar bhealach. Is léir go gceapann sí gur baolach go gcuirfeadh sí a cos ann dá n-osclódh sí a béal. Is iomaí botún atá déanta aici, an chorruair a labhair sí. Níl muinín aici féin go bhfuil sí os cionn a buille i bpost an Státrúnaí. Níl sí ina haonar. Is fada na páirtithe go léir atá i mbun na gcainteanna i Stormont ag fógairt nach bhfuil sí iontaofa i mbun a gnó. Tá sí ag peataireacht ar an DUP ó ceapadh ina Státrúnaí í chun a dtacaíocht do rialtas Theresa May a chinntiú, ach d’éirigh eatarthu mar gheall ar an gcúlstad agus an Breatimeacht. Cháin na páirtithe eile go géar í roimhe sin.

D’admhaigh sí nach raibh fiú an tuiscint is bunúsaí ar pholaitíocht Thuaisceart Éireann aici nuair a cheap a cara, Theresa May, í  mar chomharba ar James Brokenshire bliain go leith ó shin. Níor thuig sí an deighilt abhus; dúirt sí in agallamh in iris na Parlaiminte nach raibh a fhios aici nár vótáil aontachtaithe do náisiúnaithe ná vice versa. Tá sé sin sách scanrúil ann féin ach mar bharr ar an donas níor léir go raibh deifir ná driopás uirthi chun beagán a fhoghlaim, ní áirím máistreacht a fháil ar chúrsaí.

Bhí sí os cionn bliain sa phost nuair a mhol sí sa Pharlaimint saighdiúirí a mharaigh daoine i dTuaisceart Éireann, í ag fógairt nár choireanna iad an 10% de mharuithe na dTrioblóidí a raibh saighdiúirí agus póilíní freagrach astu. Daoine a bhí ag comhlíonadh a ndualgais le dínit go cuí ab ea fórsaí na Breataine. Dúirt sí é seo i gcomhthéacs ceisteanna faoi chúisimh maidir le Domhnach na Fola. Thóg sé dhá iarracht uirthi i dTeach na bhFeisirí in Westminster chun a ráiteas a cheartú agus a tharraingt siar.

Ní hiontas is dócha go mbeadh an duine a dhéanfadh praiseach den chineál sin (fiú agus í faoi bhrú ó sheansaighdiúirí agus a lucht tacaíochta) faiteach faoina smaointe a nochtadh maidir le próiseas íogair ar nós na gcainteanna i Stormont. Cá bhfios céard a sciorrfadh uaithi agus í á ceistiú ag paca iriseoirí?

Fiú dá n-éireodh nó má éiríonn leis na cainteanna reatha taobh istigh den amchlár ar labhair an Tánaiste faoi – deireadh an Mheithimh – beidh gá le Státrúnaí a bheidh in ann beartais áirithe a threorú go sábháilte tríd an gcóras Parlaiminte in Westminster. Go hiondúil bíonn leanúnachas ag teastáil ó pháirtithe do ghnó mar sin. Díol suntais é áfach go bhfuil na páirtithe ar fad ag súil go n-imeoidh Bradley nuair a bheidh deireadh le pátrúnacht pholaitiúil Theresa May.

Tá tréimhse éiginnteachta i ndán dóibh.

An mbeidh suim ag an bPríomh-Aire nua i dTuaisceart Éireann agus an mbeidh sé nó sí ag iarraidh ról a imirt mar atá ráite ag Michael Gove? An duine a bheidh ann a cheapfaidh Sátrúnaí fuinniúil? Seans go dtoghfar duine atá ar nós cuma liom faoin réigiún seo a fhágfaidh Karen Bradley sa phost nó a cheapfaidh duine éagumasach eile. Tráth cinniúnach.

Fág freagra ar 'Ní binn béal Bradley ina thost ach oiread…'