Ní bhíonn in aon sos ach seal agus is amhlaidh don Rialtas é…

Tairngreacht: ní rachaidh dúshláin an rialtais i laghad le linn laethanta saoire na Dála

Ní bhíonn in aon sos ach seal agus is amhlaidh don Rialtas é…

Nuair a chuirtear an Dáil ar atráth gach samhradh, tugtar faoiseamh nach beag don Taoiseach agus d’airí. Bíonn siad slán ar feadh scaithimh ó cheistiú agus ó chíoradh leanúnach polaitiúil i nDáil Éireann. 

Neartaíonn faoiseamh an tsamhraidh cumas gach rialtas a gcás a chur os comhair an phobail toisc nach mbíonn deis ag an bhfreasúra cur leis ná baint de sa Dáil. Is cuma cé chomh láidir ná cé chomh cáinteach a bhíonn na ráitis a eisíonn páirtithe an fhreasúra, laghdaíonn sos na Dála a dtionchar.

Thosaigh laethanta saoire na Dála seachtain ó shin ar an 11 Iúil agus mairfidh an briseadh go dtí 17 Meán Fómhair. Beidh cruinnithe ag coistí éagsúla idir an dá linn ach de ghnáth ní féidir ábhar tráthúil a tharraingt anuas ag cruinniú coiste mar is féidir sa Dáil.

Samhlaigh mar shampla an ceistiú géar a chloisfí sa Dáil inniu dá mbeadh an t-atheagrú is deireanaí ar an tseirbhís sláinte á phlé. Nó dá mbeadh deis ag an bhfreasúra Simon Harris a cheistiú faoin bhfaisnéis a léirigh faillí eile maidir le soláthar tuairiscí ar thástálacha ceirbheacs. 

Beidh ar pháirtithe an fhreasúra fanacht ar feadh dhá mhí sula mbeidh deis acu ceisteanna faoina leithéid a chur go díreach ar an aire sláinte agus ar an Taoiseach.

Cáintear an Dáil reatha uaireanta mar Dháil a sheachnaíonn mórcheisteanna agus mórshaothar reachtúil (is é Brendan Howlin is túisce a bhaist an ‘do-nothing Dáil’ uirthi), agus a chaitheann an iomarca ama ag plé billí nach gcuirfear i bhfeidhm go deo.

Ní tearc na samplaí de vótaí gan éifeacht, ach is fiú tagairt do vóta amháin a tharraing aird le gairid, cé gur léir nach mbeidh toradh sainiúil ná suntasach ar bith air. Vótáladh d’aon ghuth ar an 9 Bealtaine i bhfabhar rún a d’fhógair staid éigeandála aeráide agus bithéagsúlachta. 

Ní raibh ach seisear Teachtaí Dála i láthair. Sin ráite, bhí rún á phlé a thagair do thuairisc ar chúrsaí aeráide ó coiste ilpháirtí, nár mhol beartas ná polasaí ar bith. Sin ráite chomh maith, ní raibh foráil ar bith sa leasú a mhol beirt Teachtaí Dála Chomhaontas Glas, Éamon Ryan agus Catherine Martin, a mhol beartas ná polasaí ach oiread.

Mar sin féin, ainneoin a bhfuil ráite ag Brendan Howlin agus ag tráchtairí éagsúla, rinneadh obair thábhachtach i dTeach Laighean ó thús na bliana. Ritheadh 33 bille, ina measc an reachtaíocht chuimsitheach inar leagadh amach na beartais, leasuithe agus rialacha éagsúla a chuirfear i bhfeidhm má/nuair a théann an Ríocht Aontaithe chun cinn leis an mBreatimeacht.

Tá forálacha i mbillí eile a ritheadh a chuirfidh fad le saoire tuismitheoireoireachta, a chuir binse ar bun chun déileáil le hiarratais ar chúiteamh a bhaineann le CervicalCheck, agus a leasaigh an dlí a bhaineann le foréigean baile. Bunaíodh comhairle bhreithiúnach, agus ritheadh reachtaíocht faoina mbunófar tionól saoránach a phléifidh cothromaíocht inscne agus an córas rialtas áitiúil i mBaile Átha Cliath.

Ní gá beag is fiú a dhéanamh de na beartais thuas agus aird á tarraingt ar na hábhair is mó a chuireann imní ar an bpobal faoi láthair agus a bheidh mar chnámh spairne ag na polaiteoirí nuair a osclófar doirse Dháil Éireann arís i gceann dhá mhí. 

Gan dabht, beidh ganntanas tithe agus fadhbanna leanúnacha eile á bplé go tréan arís sa bhfómhar, de réir mar a léirítear an tionchar a bheidh ag easpa airgid ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Beidh an Buiséad á fhógairt ag Paschal Donohoe ar an 8 Deireadh Fómhair agus beidh ceithre fhothoghchán chomh maith leis an reifreann ar chearta vótála le reáchtáil an mhí dár gcionn. 

Níl aon dabht áfach faoin ábhar is mó a chuirfidh imní ar dhaoine i dteach Laighean agus lasmuigh de sa bhfómhar. De réir gach tuairisc ó Londain, áit a bhfógrófar Dé Máirt cé a bheidh tofa mar cheannaire nua ar an bpáirtí caomhach, tá an Breatimeacht crua ag teannadh linn. 

Ainneoin tuairisc fhada eile ar thionchar an Bhreatimeachta abhus a bheith foilsithe ag an rialtas, níl sonraí ar fáil fós faoi na socruithe a chuirfear i bhfeidhm in áit éigin cóngarach don teorainn chun margadh aonair agus aontas custam an Aontais Eorpaigh a chosaint.

Níor foilsíodh na sonraí toisc nár socraíodh fós iad. Go deimhin níltear cinnte fós an bhfógrófar iad in aon chor roimh lá an Bhreatimeachta ar an 31 Deireadh Fómhair

Ní bheidh ach 45 lá fágtha go dtí an lá sin nuair a thabharfaidh Teachtaí Dála aghaidh ar a chéile arís i nDáil Éireann ar an 17 Meán Fómhair. Beidh lear mór ceisteanna á gcur ar chaon taobh i dTeach Laighean san idirlinn, fiú mura mbeidh mórán freagraí ar fáil roimh lá na tubaiste.

Fág freagra ar 'Ní bhíonn in aon sos ach seal agus is amhlaidh don Rialtas é…'