Ní bhíonn easpa aicsin ann nuair a chastar Gaillimh ar Mhaigh Eo

Le caoga bliain tá Gaillimh agus Maigh Eo tar éis a chéile a imirt i gCraobh Chonnacht 36 uair chomh maith le babhta cáilithe in 2019

Ní bhíonn easpa aicsin ann nuair a chastar Gaillimh ar Mhaigh Eo

Aidan Brady agus trasnán bhriste i 1962

Imreoidh Maigh Eo agus Gaillimh a chéile inniu i gCraobh Peile Chonnacht i gCaisleán a Bharraigh. Ba bheag ná go raibh sé scríofa agam go bhfuil sé 50 bliain díreach ó leag mé cos i bPáirc Mhic Éil don chéad uair. Ar athmhachnamh ní mór deich gcinn eile a chur leis sin – faraor.

Tá áit faoi leith ag an lá céanna (22 Iúil 1962) i stair na peile sa gcúige a raibh an Bhanríon Meadhbh ina cheannas tráth. Trí scór bliain dár gcionn níl ort ach ‘cluiche ceannais an trasnáin’ a lua agus eachtrófar imeachtaí an lae duit.

Ros Comáin agus Gaillimh a bhí san iomaíocht an lá sin agus ar an gcuma chéanna ar chaill fir a linne a gcuid crógachta de bharr áilleacht na Banríona, thréig a misneach peileadóirí na Gaillimhe i 1962 agus tá a mhilleán fós ar ‘eachtra an trasnáin’.

Ar comhscór a bhí na foirne ag leath ama, ach ar atosaí don imirt, ghlac Gaillimh ceannas de réir a chéile. Ceathrú huaire a bhí fanta nuair a chuir cúilín a d’aimsigh Séamus Leyden chun cinn iad 2-4 in aghaidh 0-6. Cé nach raibh seans na ngrást aige teangmhachtáil leis an bpeil, léim cúl báire Ros Comáin Aidan Brady gur bhain luascadh as an trasnán, a scoilt ina dhá leath.

Thóg sé ceathrú uaire ceann eile a bhaint anuas de phostaí a bhí ar pháirc traenála a bhí gar do láthair agus é a chur suas in ionad an chinn a bhí briste. Nuair a thosaigh an imirt arís léirigh Gerry O’Malley cén fáth go meastar go mba eisean an peileadóir ab fhearr a bhí riamh ag Ros Comáin, a bhuaigh 3-7 in aghaidh 2-9.

An tseachtain dár gcionn foilsíodh grianghraf gránach i gceann de na nuachtáin áitiúla d’eachtra an trasnáin – mhionnóinn fós gur mé an lead beag a bhfuil stocaí bána agus treabhsar gearr air taobh thiar den chúl.

Aisteach go leor tharla an eachtra chéanna ar Pháirc Mhic Éil deich mbliana fichead ina dhiaidh i gcluiche ceannais eile. An babhta sin ba é cosantóir Ros Comáin Enon Gavin a rinne an luascadh. Ar comhscór a bhí siadsan agus Maigh Eo nuair a tharla sin, ach an babhta seo níorbh iad Ros Comáin ach a gcéilí comhraic ba threise agus an tsiúinéireacht déanta.

Iomaíochtaí cothroma is minice a fheictear idir Maigh Eo agus Gaillimh, cuma cén áit a mbíonn an imirt ar bun. Fós féach nár éirigh le Maigh Eo an bua a bhreith leo as Pháirc Iarfhlatha Naofa ó osclaíodh an áit sin i 1950 go dtáinig cluiche ceathrú ceannais 1997. 

Le caoga bliain tá an dá chontae tar éis a chéile a imirt i gCraobh Chonnacht 36 uair chomh maith le babhta cáilithe in 2019. Ceithre chúilín nó níos lú ná sin a bhí eatarthu i 37 de na cluichí agus iad críochnaithe ar chomhscór faoi dhó – 1989 agus 1992.

Ceithre huaire a tharla sé go raibh níos mó ná 7 gcúilín eatarthu – sin eile. Athimirt ar bhabhta leathcheannais a bhuaigh Maigh Eo i gCaisleán an Bharraigh i 1989 (2-13 in aghaidh 1-8) agus cúpla léasadh.

Maigh Eo a thug péire acu sin uathu. Bearna 14 cúilín eatarthu ar Pháirc Mhic Éil i 1991 (3-11,0-6) nuair a scóráil Paul McStay, Tony Morley agus Noel Durkin na cúil dóibh.

Goilleann an dara lascadh níos mó ar Ghaillimhigh mar go mba ar a dtalamh féin a tharla sé – níos úire sa gcuimhne freisin mar nach bhfuil sé ach naoi mbliana ó facthas é ar Pháirc an Phiarsaigh.

17 cúilín a bhí eatarthu an uair sin. Go brách na breithe sa teach sin againne ní mhaithfear d’Andy Moran an ceiliúradh a rinne sé as an gceathrú cúl a scóráil ina mbua 4-16,0-11.

Ba é Mattie McDonagh a bhí ina bhainisteoir ar Ghaillimh nuair a thug siadsan greadadh 3-17,0-10 do Mhaigh Eo i gCluiche Ceannais Chonnacht 1983 i dTuaim – bunáite na foirne a bhain cluiche ceannais na hÉireann amach an bhliain dár gcionn ar an bpáirc, ina measc scórálaithe na gcúl – Richie Lee (2) agus Stiofán Seoighe. 

Seo an deichiú bliain as a chéile ag na contaetha a chéile a imirt sa gCraobh. Maigh Eo atá i gcumhacht san achar sin – níor bhuaigh Gaillimh orthu ó 2018 agus is beag, cé is moite díobh féin, a cheapann go ndéanfaidh siad sin an babhta is deireanaí seo ach an oiread.

Fág freagra ar 'Ní bhíonn easpa aicsin ann nuair a chastar Gaillimh ar Mhaigh Eo'