Ní bhfaighidh aon leithscéal éisteacht – tús á chur le comórtas na Sé Náisiún

Cuirfidh foireann na tíre seo chun páirce amárach sa mBreatain Bheag agus muid ag iarraidh cur leis an gcuriarracht – ceithre bhua as a chéile orthu

Ní bhfaighidh aon leithscéal éisteacht – tús á chur le comórtas na Sé Náisiún

Bundee Aki agus Andy Farrell. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Níl aon dabht ann ach go bhfuil comórtas na Sé Náisiún ar cheann de na comórtais spóirt is cáiliúla ar domhan.

Ní hamháin go meallann an comórtas na milliúin daoine ar fud na cruinne ach borradh ollmhór airgeadais a chothaíonn na cluichí seo sna cathracha ina mbíonn siad á n-imirt.

Is cinnte gur cúis mhór áthais é nár chuir Covid-19 deireadh le comórtas Sé Náisiún na bliana seo, ach is údar díomá nach mbeidh cead isteach ag lucht leanta chuig na cluichí rud a bhainfeas go mór ón ócáid, cuma cén seans atá ag foireann an bhaile.  Ach níl aon teacht thairis sin anois. Caithfidh muid a bheith buíoch na cluichí go bhfuil na cluichí á n-imirt ar chor ar bith.

Ainneoin an tsuim dhomhanda atá sa gcomórtas is cinnte go mbíonn coimhlintí áirithe nach meallann an tsuim chéanna. Aon chluiche a mbíonn na hIodálaigh páirteach iontu, mar shampla, mar go mbíonn sé beagnach dodhéanta acu an lámh in uachtar a fháil ar a gcéilí comhraic. Ní dóigh go mbeidh aon athrú ar an scéal sin inniu agus iad ag tabhairt faoi na Francaigh sa Róimh. Cuimhnigh gur bhuaigh na Francaigh ceithre chluiche as cúig iarracht i gcomórtas na bliana seo caite.  Anuas air sin, tá siad ag réiteach cheana féin don chéad chorn domhanda eile rud a chuirfeas go mór lena gcuid iarrachtaí inniu. Sea, bua gan stró do na Francaigh, faraor.

Tá mé cinnte go mbeidh an toradh céanna ag na Sasanaigh agus iadsan sa mbaile i gcoinne na hAlban níos deireanaí inniu. Más tada é, tá an baol ann go mbeidh na Sasanaigh níos láidre sa mbaile ná a bheas na Francaigh as baile rud a dhéanfas cúrsaí  i bhfad níos deacra d’Albain agus iadsan ag iarraidh iad féin a ardú ar thábla na Sé Náisiún.  Ní bheidh mise ag cur euro ar bith ar Albain an deireadh seachtaine seo!

Cuirfidh foireann na tíre seo chun páirce amárach sa mBreatain Bheag agus muid ag iarraidh cur leis an gcuriarracht – ceithre bhua as a chéile orthu. Port eile ar fad a bheas ag na Breatnaigh agus iadsan ag iarraidh ardú ón gcúigiú háit ar thábla na Sé Náisiún, an áit inar chríochnaigh siad an séasúr seo caite.  Mar sin féin, is fada an lá ó bhí caighdeán rugbaí chlubanna agus fhoireann idirnáisiúnta na Breataine Bige chomh dona ná in áit chomh híseal is atá siad faoi láthair. Fágann sin deis iontach ag foireann Johnny Sexton agus iad ar thóir bua a chuirfidh ar an mbóthar ceart iad maidir lena chinntiú gurb iad is fearr i measc na Breataine Bige, na hAlban agus na hIodáile, foirne a bheas á n-imirt againn, as baile, sa gcomórtas seo. Mar sin féin, ní raibh bua againn agus muid ag imirt cluiche Sé Náisiún sa mBreatain Bheag ó 2013.

Má éiríonn linn an lá a thabhairt linn amárach, agus níl cúis ar bith nach n-éireodh, beidh tús maith curtha againn leis an gcomórtas roimh chuairt na bhFrancach ar an Staid Aviva faoi cheann seachtaine. Chuirfeadh bua amárach lenár gcuid muiníne roimh theacht na bhFrancach ach a mhalairt ar fad a bheadh againn má theipeann orainn.

Ní bhfaighidh aon leithscéal éisteacht.  Bua an t-aon toradh amháin a shásóidh lucht leanta na hÉireann. Seans go mbeidh údar ceiliúrtha againn.

Fág freagra ar 'Ní bhfaighidh aon leithscéal éisteacht – tús á chur le comórtas na Sé Náisiún'

  • John Broderick

    Míle buíochais
    Obair bhaile do lucht na hidirbhliana