Ní bheidh sprioc aeráide ar bith inchreidte againn go mbeidh cur chuige inchreidte againn

Mura gcuirtear spriocanna agus cur chuige inchreidte chun cinn, beidh an gníomh ar son na haeráide sna blianta atá romhainn cosúil le hathbheochan na Gaeilge

Ní bheidh sprioc aeráide ar bith inchreidte againn go mbeidh cur chuige inchreidte againn

 

 

Cathal Mac Coille

Cuirtear feirmeoirí faoin spotsolas rómhinic agus an mór-athrú ar nósanna maireachtála a theastaíonn mar gheall ar an ngéarchéim aeráide á phlé. Dáiríre, mar a dúirt an tOllamh Peter Thorne le coiste talmhaíochta an Oireachtais Dé Céadaoin, ní dualgas do dhream amháin é ach do chách.

Rinne Matt Carthy, duine de chomhaltaí Shinn Féin ar an gcoiste, cur síos ar chúrsaí, a bhí soiniciúil agus réasúnta in éineacht, nuair a thagair sé don chontrárthacht idir aidhmeanna aeráide na tíre agus an cur chuige. Níl tír ar bith eile níos fearr ó thaobh fógairt spriocanna de, a dúirt sé, agus níl tír níos measa á n-aimsiú.

Leag Carthy a mhéar ar fhadhb – inchreidteacht – a bheidh ina cúis imní ar feadh i bhfad ag páirtithe an rialtais agus b’fhéidir, ag a pháirtí féin sara fada. An mbeidh sé ar a gcumas teacht ar chur chuige a chuirfidh ina luí ar an bpobal gur féidir na spriocanna a fhógrófar a aimsiú?

Tá Charlie McConalogue agus Eamon Ryan ag cur is ag cúiteamh fós faoin laghdú ar astaíocht charbóin a bheidh ar fheirmeoirí a chur i bhfeidhm idir seo agus 2030 – 22 faoin gcéad ar a laghad nó 30 faoin gcéad ar a mhéid.

Dáiríre ar ndóigh is leithne an plé seo ná comhrá idir beirt airí. Má ghlacann an tAire Talmhaíochta agus an tAire Aeráide faoi dheireadh le comhréiteach idir an dá fhigiúr, beidh gá le laghdú níos mó ar astaíocht sna hearnálacha eile – tionsclaíocht, iompar, leictreachas agus tógáil.

Cibé toradh a bheidh ar an idirbheartaíocht inmheánach atá ar bun sa rialtas, is fiú cuimhneamh i gcónaí ar an tacaíocht d’aon ghuth beagnach a thug príomhpháirtithe na Dála don bhunaidhm: laghdú 51 faoin gcéad ar ár n-astaíocht charbóin iomlán faoi 2030.

Is fiú cuimhneamh chomh maith ar an tacaíocht, d’aon ghuth beagnach* freisin, a thug an Dáil i mí Aibreáin do phlean an rialtais inar moladh raon laghduithe ginearálta atá ina gcnámh spairne idir Charlie McConalogue agus Eamon Ryan. Is sampla maith dá laige faraor gur uasphointí agus íosphointí an raoin sin atá á bplé fós seachas an cur chuige a theastódh chun sprioc chinnte a bhaint amach do gach earnáil.

Mar shampla, ní fiú a bheith ag súil go mbeidh mórán feirmeoirí aosta ábalta mórathrú sciobtha a dhéanamh ar a modhanna feirmeoireachta. Ní bheidh athrú ó dhéiríocht ná ó thógáil eallach go dtí fiontar nua ar a gcumas ach oiread. Má táthar chun athrú suntasach ar bith a chur chun cinn, beidh gá le cabhair, comhairle, agus ciste breise pinsin.

Tá athruithe teicniúla á moladh ag an Taoiseach agus ag eagraíochtaí na bhfeirmeoirí mar ghléas chun astaíocht mheatáin ó fheirmeacha a laghdú. Níltear cinnte fós áfach go mbeidh cuid acu éifeachtach, nó cé chomh héifeachtach agus a bheadh an chuid eile dá gcuirfí i bhfeidhm iad go forleathan agus gan mórán moille.

Ní féidir fanacht go mbeidh slat draíochta ar fáil, a dúirt an tOllamh Peter Thorne ó Ollscoil Mhá Nuad leis an gcoiste talmhaíochta.

Ní foláir roghanna achrannacha a dhéanamh gan mhoill, dar leis. Ba léir nár aontaigh an cathaoirleach Jackie Cahill ó Fhianna Fáil ná comhaltaí eile den choiste lena thuairim ach ní raibh cás láidir ina choinne acu.

Cháin saineolaí eile a labhair le cruinniú an choiste, an tOllamh Barry McMullin ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, tuairim a nocht comhaltaí éagsúla den choiste agus a chloistear go minic. Ní cóir dar leo dul thar fóir le srianta ar astaíochtaí ón earnáil talmhaíochta abhus:

(a) toisc nach bhfuil a sciar cothrom den laghdú domhanda riachtanach á chur i  bhfeidhm i dtíortha eile, agus

(b) toisc go rachadh laghdú ar tháirgeadh feola na hÉireann chun tairbhe d’fheirmeoirí i dtíortha eile.

Dúirt Barry McMullin nach mbeadh an rialtas ábalta brú a chur ar thíortha móra, ar a mbeidh an mórlaghdú a theastaíonn ag brath, mura bhfuil an laghdú a gheall an rialtas á dhéanamh in Éirinn.

“An chéad cheist a chuirfear,” a dúirt sé, “céard atá á dhéanamh agaibhse?” Faoi láthair faraor, dar leis, tá Éire ag brath ar thíortha eile chun astaíocht charbóin a laghdú.

Cibé toradh a bheas ar an bplé idir airí, agus cibé uair a fhógrófar é, tá riachtanas amháin agus contúirt amháin soiléir cheana féin.

Is é an riachtanas sin sprioc éifeachtach agus inchreidte a bheith fógartha a bheidh ag teacht leis na geallúintí aeráide a thug an rialtas ar ár son. Ní dhéanfadh moill ar an obair seo ar feadh tamaill eile dochar rómhór. B’fhearr í a bheith déanta go maith ná go mear.

Tá contúirt ann freisin. Is léir an laghdú ar astaíocht a theastaíonn agus an méadú atá ar astaíocht a léirítear i ngach suirbhé a dhéantar.

Mura gcuirtear spriocanna agus cur chuige inchreidte chun cinn, beidh an gníomh ar son na haeráide sna blianta atá romhainn cosúil le hathbheochan na Gaeilge nó athaontú na tíre roimhe seo: é ina aidhm gan mhaith a chothóidh amhras, faillí agus teip.

* Labhair ochtar teachtaí neamhspleácha in aghaidh rún an rialtais. Labhair ionadaithe Shinn Féin, an Lucht Oibre agus na nDaonlathaithe Sóisialta ina fhabhar. Níor glacadh le leasú ar rún an rialtais a mhol Pobal Roimh Bhrabús (PbP) a d’iarr laghdú níos mó ar astaíocht charbóin.

Fág freagra ar 'Ní bheidh sprioc aeráide ar bith inchreidte againn go mbeidh cur chuige inchreidte againn'

  • JP

    An spéis le muintir na hÉireann agus an domhain an t-athrú aeráide i ndáiríre píre, meas tú? Nuair is gá dúinn íobairt a dhéanamh?? Is leisciúil, murtallach, mallbhreathach an cine sinn, dar liom. Tugaim féin greamáin amach do thiománaithe a bhíonn páirceáilte lasmuigh d’ollmhargaí srl ina n-iarraim orthu an t-inneal a chasadh as le linn dóibh a bheith stadtha suas. Is gnáthach go ndéantar rud orm ach is le doicheall agus le gramhas go rímhinic é. Fágfaidh siad an t-inneal ag rith gan chúis arís amárach. Ní íobairt ró-mhór é sin ba dhóigh leat agus bheadh dhá leas le baint aisti: shábhálfadh sé airgead agus bheadh an t-aer mórthimpeall pas beag níos glaine. De thoradh ar aon iarracht bheag amháin .i. an eochair a chasadh sa charr. Agus dá mbeadh gach duine sásta an méidín sin amháin a dhéanamh ar fud na hÉireann, ar fud an domhain? Ar mhaithe leis an aeráid? Ar mhaithe linn go léir? Tabhair faoi deara gurb é a bhíonn ar siúl acu sa charr stoptha sin de ghnáth ná cadráil nó téacsáil ar an bhfón. Tá an duibheagán ag drannadh linn go léir agus táimid ag baint na mbonn dá chéile ag déanamh faoina dhéin ar luas mire.