Ní bheidh sé éasca ag Cúige Chonnacht in aghaidh na Ospreys

Bhí bua maith ag na Ospreys ar na Connachtaigh nuair a chas na foirne seo ar a chéile i mBabhta 19 den Pro 14 anuraidh

Ní bheidh sé éasca ag Cúige Chonnacht in aghaidh na Ospreys

Dominic Robertson-McCoy. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Fillfear ar an Pro 14 an deireadh seachtaine seo tar éis a raibh  de theannas agus brú ag baint le babhtaí a haon agus a dó de na Comórtais Eorpacha.

Tabharfaidh Babhta 7 den chomórtas sóisearach deis d’fhoirne bainistíochta na gcúigí scíth a thabhairt do roinnt imreoirí a bheas ag réiteach do chluichí idirnáisiúnta mhí na Samhna, cluichí a bheas againn faoi cheann seachtaine nuair a chuirfeas na Gaeil chun páirce i gcoinne na nIodálach in Chicago.  

Beidh Cúige Connacht, foireann atá sa gcúigiú háit i Roinn a hAon, as baile i gcoinne na Ospreys tráthnóna inniu, Dé hAoine. Tá an fhoireann ón mBreatain Bheag trí áit chun cinn ar na Connachtaigh sa roinn chéanna agus gan ach dhá chluiche caillte acu as sé cinn ó thús an tséasúir, i gcomparáid le fir an iarthair nach raibh an bua acu ach faoi dhó sa gcéad sé bhabhta. Is fiú a mheabhrú go raibh bua 30-10 ag na Ospreys ar na Connachtaigh nuair a chas na foirne seo ar a chéile i mBabhta 19 den Pro 14 anuraidh. Ní bheidh sé éasca ag fir na Gaillimhe tráthnóna ach oiread. Tá na Ospreys ar cheann de na foirne is fearr sa mBreatain Bheag ainneoin gur chaill siad i gcoinne Worcester i mBabhta 2 de Chorn na gCuradh seachtain a shin, díreach mar a tharla do Chúige Chonnacht agus iadsan i gcoinne Sale.  

Sa mbaile a bheas na hUltaigh tráthnóna agus na Dragons ag tabhairt cuairt ar Bhéal Feirste. Cúig phointe atá idir an dá fhoireann seo, Cúige Uladh in uachtar ar shé phointe dhéag agus gan ach trí bhua acu as sé iarracht go dtí seo i gcomparáid leis an dá bhua a fuair na Dragons ó thús an tséasúir. Is iad na hUltaigh rogha na coitiantachta. Ní hamháin gur acu atá buntáiste an bhaile ach níl an oiread sin dá gcuid imreoirí ar an bpainéal idirnáisiúnta faoi láthair.  

Amárach, Dé Sathairn, a bheas an dá chúige a bhfuil an líon is mó imreoirí ar an bpainéal idirnáisiúnta céanna acu ag imirt, Cúige Laighean agus Cúige Mumhan. Fiú agus iad as baile agus go leor imreoirí ar iarraidh orthu, ba cheart go mbeadh Cúige Laighean róláidir mar sin féin do Treviso thall san Iodáil. Léiriú é sin ar an rogha imreoirí ar ardchaighdeán atá ar fáil do Leo Cullen faoi láthair. Ar a shon sin uile, caithfidh siad a bheith an-chúramach. Bíonn contúirt i gcónaí ag baint le bheith ag imirt as baile,  mar a chonaic muid an Domhnach seo caite nuair a bhí fir Átha Cliath ó dheas in Toulouse ag imirt i gcluiche a chaill siad le haon phointe amháin (28-27).

Don dara seachtain as a chéile beidh Cúige Mumhan ag imirt ar pháirc Thuamhan agus foireann Ghlaschú ag teacht go Luimneach an babhta seo. Is iad foireann na hAlban atá ar bharr Roinn 1, ceithre áit agus deich bpointe chun cinn ar na Muimhnigh. Ach an oiread le Cúige Mumhan, beidh go leor dá gcéad rogha imreoirí in easnamh ar Ghlaschú amárach freisin. Mar sin féin, beidh na Muimhnigh ag súil le tógáil ar an mbua iontach a bhí acu ar Gloucester an Satharn seo caite. Caithfidh siad na botúin chosanta a sheachaint agus diansmacht a choinneáil ar an imirt más leo sin a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Ní bheidh sé éasca ag Cúige Chonnacht in aghaidh na Ospreys'