Ní bheidh oiread na fríde idir Dún na nGall agus Tír Eoghain i gcath na gcomharsan i mBealach Féich

Caithfidh fir Thír Chonaill foireann Mickey Harte a chloí tráthnóna más fúthu teacht slán óna ngrúpa agus áit a bhaint amach i gcluiche leathcheannais na hÉireann Imreofar cluiche gan tábhacht idir Áth Cliath agus Ros Comáin i bPáirc an Chrócaigh chomh maith

Ní bheidh oiread na fríde idir Dún na nGall agus Tír Eoghain i gcath na gcomharsan i mBealach Féich

Neil McGee agus Ronan O'Neill ag imirt in 2017. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Dún na nGall v Tír Eoghain – Páirc Mhic Cumhaill, 3.30i.n.

Tá áit i gcluiche leathcheannais na hÉireann ar fáil don fhoireann a bhuafaidh i mBaile Féich tráthnóna. Agus Tír Eoghain chun cinn ar Dhún na nGall i nGrúpa 2, a bhuíochas de dhifríocht na scór, rachaidh foireann Mickey Harte tríd má bhíonn comhscór ann.

Níl na Conallaigh buailte ag aon fhoireann i bPáirc Mhic Cumhaill ó 2010 agus 19 cluiche as a chéile imeartha ag Dún na nGall ann gan ceann ar bith acu a chailleadh. Ní raibh aon cheann de na coimhlintí sin chomh tábhachtach le ceann an lae inniu áfach agus déanfaidh Tír Eoghain tástáil cheart ar fhoireann Declan Bonner.

Tá beirt de na himreoirí is fearr agus is tábhachtaí a bhí ag Dún na nGall i mbliana in easnamh orthu. Níor imir Paddy McBrearty sna cluichí i gcoinne Átha Cliath agus Ros Comáin agus gortú glúine air agus gach seans go mbeidh Eoghan Bán Gallagher lena ais sa seastán mar bhain gortú den chosantóir sa gcluiche inar bhuaigh siad ar Ros Comáin.

Tháinig fear Ghaoth Dobhair Neil McGee isteach in áit Gallagher sa chluiche sin agus beidh neart agus taithí McGee ríthábhachtach sa chluiche crua a bheidh ann anocht.

Bhí fear eile ó Ghaoth Dobhair, Odhrán Mac Niallais, ar fheabhas i gcoinne Ros Comáin agus má imríonn sé chomh maith céanna tráthnóna, b’fhéidir nach n-aireodh siad McBrearty uathu chomh mór sin.

D’ainmnigh Mickey Harte a fhoireann i rith na seachtaine agus is iad an cúigear déag céanna a thosaigh i gcoinne Átha Cliath ar an Ómaigh a bheidh ag dul chun páirce arís. Gortaíodh lánchúlaí na foirne, Ronan McNamee, an oíche sin agus beidh le feiceáil an bhfuil sé lánaclaí.

Bhí leithéidí Peter Harte agus Mattie Donnelly ciúin go maith i gcoinne Átha Cliath ach beidh gá le taispeántais maithe uathusan más faoi Thír Eoghain an ceann is fearr a fháil ar Dhún na nGall ag baile. Rinne foireann Harte teacht aniar maith i gcoinne churaidh na hÉireann, rud a léiríonn go gcuireann na hionadaithe atá acu an-bhorradh fúthu nuair a thagann siad chun páirce.

Is é seo an seachtú cluiche craoibhe atá imeartha idir na foirne seo ó 2011 agus cé gur bhuaigh Dún na nGall ceithre cinn acu sin as a chéile, tá an péire is deireanaí, ceann na bliana anuraidh agus ceann 2016, buaite ag Tír Eoghain.

Ní bheidh mórán eatarthu tráthnóna agus d’fhéadfadh an bua mór a bhí ag Tír Eoghain ar Ros Comáin ag tús chomórtas an tSár-Ochtair a bheith tábhachtach sa ghrúpa seo fós.

Rogha Tuairisc.ie: Comhscór

Imreoir Ros Comáin, Enda Smith. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Áth Cliath v Ros Comáin – Páirc an Chrócaigh, 3.30i.n.

Beidh an t-aon chluiche nach bhfuil aon tábhacht ag baint leis an deireadh seachtaine seo á imirt i bPáirc an Chrócaigh, áit a thabharfaidh Áth Cliath agus Ros Comáin aghaidh ar a chéile. Pé rud a tharlaíonn tráthnóna, críochnóidh foireann Jim Gavin ag barr Ghrúpa 1 agus críochnóidh Ros Comáin ag a bhun.

Agus iad ag ullmhú do chluiche ar fánach a thionchar ar chúrsaí, ní fhéadfadh go raibh imreoirí Ros Comáin iontach díograiseach agus iad i mbun traenála le coicís anuas agus d’fhéadfadh Áth Cliath greadadh uafásach a bhualadh orthu i bPáirc an Chrócaigh.

Fiú má dhéanann Jim Gavin cinneadh scíth a thabhairt do roinnt imreoirí, beidh an dream a thiocfaidh isteach ina n-áit ar a ndícheall ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an mbainisteoir.

Tá cúl báire nua, James Featherstone, tugtha isteach ag Ros Comáin agus cúpla athrú eile déanta acu i measc na gcosantóirí ón uair a chaill siad i gcoinne Dhún na nGall.

Ní bheidh Kevin McStay ar an taobhlíne tráthnóna agus é ar fionraí, ach seans go mbeadh sé níos fearr as fanacht sa mbaile.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Fág freagra ar 'Ní bheidh oiread na fríde idir Dún na nGall agus Tír Eoghain i gcath na gcomharsan i mBealach Féich'