Ní bheidh muintir uilig an oileáin slán go mbeidh an víreas á throid ar bhonn aontaithe

Ní léir fós cé mar is féidir an bhearna a dhúnadh idir polasaí an rialtais agus polasaí atá faoi anáil chur chuige rialtas na Breataine

Ní bheidh muintir uilig an oileáin slán go mbeidh an víreas á throid ar bhonn aontaithe

Cé go bhfuil maolú ar chuid de na beartais in aghaidh an choróinvíris á bhreithniú ag an bhFoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí, tá beartais nua á mbreithniú acu féin agus an rialtas.

Dúirt an Taoiseach ar an gclár Primetime Dé Máirt go mbeadh srianta breise i bhfeidhm in aerfoirt agus i gcalafoirt ón 5 Bealtaine chun déileáil le daoine a bheidh ag teacht anseo ó thíortha eile.

Cuirfear beartais eile i bhfeidhm, a dúirt sé, chun súil a choimeád orthu le linn na tréimhse 14 lá a mbíonn ar dhaoine a thagann ón iasacht fanacht istigh seachas i gcás riachtanais.

Ní dhearna Leo Varadkar cur síos ar an gcineál monatóireachta atá beartaithe, cé go ndúirt sé nach mbeadh na Gardaí á déanamh. Mar sin féin, is léir go bhfuil treisiú ar an gcóras ar na bacáin.

Neartóidh na beartais nua cumas an HSE cásanna den víreas a aimsiú agus a theorannú. Cabhróidh siad leo bac a chur ar scaipeadh an víris agus le cóir leighis, chomh fada agus is féidir, a chur ar dhaoine a tholgann é.

Faraor, tarraingeoidh na beartais nua aird arís ar an difríocht idir cur chuige na n-údarás i dTuaisceart Éireann agus sa chuid eile den oileán.

Tá éacht déanta agus leathadh an ghalair a shrianadh, thuaidh agus theas, cé gur cúis alltachta í líon na marbh. Ní beag an dúthracht a theastóidh leis an ráta báis sna hionaid altranais go háirithe a laghdú, thuaidh agus theas.

Ach dúisíonn caint an Taoisigh ábhar imní nach féidir a leigheas go dtí mbeidh an víreas á throid ar an dóigh chéanna ar fud an oileáin.

Sa Phoblacht táthar ag súil go mbainfear amach an sprioc tástála – tástáil agus toradh in imeacht 24 uair an chloig – faoi dheireadh na míosa. Glactar leis nach féidir an víreas a chur faoi chois go sroichfear é.

Cuireadh deireadh le feachtas tástála an Tuaiscirt mí ó shin. Cé go bhfuil dlús á chur leis arís, níl aon chosúlacht idir an scéal ó thuaidh agus forbairt an chórais sa Phoblacht áit a bhfuiltear ag súil go mbeidh 15,000 tástáil á déanamh gach lá faoi dheireadh na míosa.

Tháinig Leo Varadkar, Simon Coveney, Arlene Foster agus Michelle O’Neill ar chomhaontú an mhí seo caite go ndéanfaidís gach iarracht a bpolasaithe chun dul i ngleic leis an víreas corónach a chomh-ordú chomh fada agus ab fhéidir.

Mar is léir láithreach ó na briathra atá i gcló Iodálach thuas, tá bearna mhór idir comhthuiscint dá leithéid agus comhaontú iomlán. Ní léir fós cé mar is féidir an bhearna a dhúnadh idir polasaí an rialtais agus polasaí atá faoi anáil chur chuige rialtas na Breataine.

Is follasach mar sin féin na buntáistí a bheadh ag baint le cur chuige aontaithe ar fud an oileáin. Ní ar bhonn polaitiúil ach ar chúiseanna sláinte amháin atá a leithéid á mholadh le tamall ag an Dochtúir Gabriel Scally, ollamh le sláinte phoiblí in Ollscoil Bristol.

Dar leis gur dhá bheartas go háirithe – comhpholasaí láidir tástála agus comhshrianta sna haerfoirt agus sna calafoirt – a theastódh chun déileáil go héifeachtach leis an víreas ar fud an oileáin.

Níl duine ar bith sa rialtas ná sa bhFoireann Náisiúnta Éigeandála nach n-aontaíonn lena thuairim.

Níor tugadh fáth cuimsitheach fós, seachas tionchar pholasaí an rialtais i Londain ar Thuaisceart Éireann, nár chóir an cur chuige aontaithe atá molta aige a chur i bhfeidhm.

Cloisfear a thuilleadh faoin ábhar seo, go háirithe nuair a iarrfar ar dhaoine a thiocfaidh ón iasacht go dtí an Phoblacht cloí le rialacha nua agus gan na rialacha ciallmhara céanna i bhfeidhm ar an taobh eile den teorainn.

Más maith is mithid, thuaidh agus theas.

Fág freagra ar 'Ní bheidh muintir uilig an oileáin slán go mbeidh an víreas á throid ar bhonn aontaithe'