Ní bheidh mé ag breathnú ar Chorn an Domhain i dtír ina bhfuil an homafóibe ina spórt náisiúnta

An homafóibe an fáth go bhfuil baghcat cultúrtha á chur i bhfeidhm agam ar an Rúis le fada an lá

Ní bheidh mé ag breathnú ar Chorn an Domhain i dtír ina bhfuil an homafóibe ina spórt náisiúnta

Is maith an rud é nach bhfuil teilifís sa teach agam nó ní fhéadfainn an rud a chasadh air ar feadh na gceithre seachtaine atá romhainn.

Amárach, cuirfear tús le Corn an Domhain sa Rúis, mórimeacht spóirt nach bhfuil suim dá laghad agam ann atá ar siúl i dtír nach bhfuil suim dá laghad agam inti.

Nuair a deirim nach bhfuil suim dá laghad agam sa Rúis, tá mo dhícheall á dhéanamh agam guaim a choinneáil orm féin. Ach ós rud é nach é sin an bua is mó agam, seo linn. 

Is é fírinne an scéil ná go gcuireann réimeas Vladimir Putin déistin orm.

Creachlathas a dhéanann ceap magaidh de bhunphrionsabail an daonlathais í an Rúis, tír a scaoileann diúracáin le heitleáin phaisinéirí, a dhéanann ionradh agus imeaglú ar thíortha in aice láimhe agus a chuireann a ladar isteach i dtoghcháin agus i reifrinn i dtíortha níos faide i gcéin. 

Agus, ar ndóigh, spórt náisiúnta atá san homafóibe sa Rúis – agus ní ar Vladimir Putin amháin an locht faoi sin.

An homafóibe chéanna an fáth go bhfuil baghcat cultúrtha á chur i bhfeidhm agam féin ar an Rúis le fada an lá. Is trua sin, ar bhealach – cloisim nach bhfuil cailleadh ar a cuid scríbhneoirí – ach ní léifidh mé Chekhov, Dostoyevski ná Tolstoy fad is a dhéanfar géarleanúint ar leithéidí Pussy Riot agus ar phobal LADT na Rúise trí chéile.

Ar ndóigh, is beag éifeacht a bhíonn ag an mbaghcat cultúrtha mar arm agóide, agus lena chois sin, gníomh diúltach ann féin é an baghcat. Ar an gcúis sin, chuaigh cinneadh Chumann Peile na hÉireann agus Chumann Sacar na Stát Aontaithe bratach an tuair cheatha a úsáid ar léinte na n-imreoirí sa chluiche dúshláin idir an dá thír ag tús na míosa seo i bhfeidhm orm go mór. Sampla dearfach a bhí ann don domhan ar fad.

Is é an trua é, ar ndóigh, nár cháiligh foireann na hÉireann do Chorn an Domhain agus nach mbeidh feisteas an tuair cheatha á chaitheamh ag imreoirí na Stát Aontaithe ach sna cluichí dúshláin, .i. cluichí nach mbeidh ar siúl sa Rúis.

Níor cháiligh foireann mo thíre dúchais féin, an Ísiltír, do Chorn an Domhain sa Rúis ach an oiread, ach ó chuaigh an caidreamh idir an dá thír sin ó mhaith tar éis eachtra eitilt MH17 (Ísiltírigh ab ea formhór na bpaisinéirí) faoiseamh atá ann do chuid mhór de lucht tacaíochta na foirne oráiste nach mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar thír Vladimir Putin.

Ar ndóigh, cháiligh an Bhrasaíl, an tír ina bhfuil cónaí orm, agus go deimhin tá chuile sheans ann go mbeidh an bua ag Neymar agus a chomrádaithe sa chomórtas. Mar sin, taitníodh sé liom nó ná taitníodh, beidh orm cur suas le cacamas agus clampar Chorn an Domhain as seo go ceann míosa. Ach ní bhíonn scamall gan gealán: beidh na sráideanna bánaithe agus na cluichí ar siúl, agus beidh an bóthar dom féin agam agus mé amuigh ar mo rothar.

Fág freagra ar 'Ní bheidh mé ag breathnú ar Chorn an Domhain i dtír ina bhfuil an homafóibe ina spórt náisiúnta'

  • Lonán Ó Lorgnáin

    Is ábhar náire é cinnte géarleanúint lucht an ghrá aoninscne. Faraor, is ach dornán blianta ó shin gur ghnás é a leithéid i bhformhór na dtíortha a bhíonns inniu ar son an luchta seo fosta … cúis imní aisti féin is ea í siúd

  • Con M

    Tá s.f.a faighte ag lucht oibre na Rúise ó bhliain 0. Súil agam go mbainfidh siad sult as.