Táimid go léir mar a bheimis ar comhaois ó thosaigh ré na paindéime. Cuimhníonn idir óg agus aosta ar an saol mar a bhí go dtí anuraidh.
Ba bhreá lenár bhformhór dá mbeadh an saol sa riocht sábháilte céanna arís.
Tá an tírdhreach domhanda athraithe ó bhonn ó leath an víreas ar fud an phláinéid. Ní léireofar agus ní thuigfear an t-athrú go hiomlán go ceann tamaill, ach ní bheidh aon dul as ag cách ach déileáil leis.
Tiocfaidh mórathrú ar shaol polaitiúil an domhain ar an 26 Meán Fómhair nuair a thoghfaidh vótálaithe na Gearmáine seansailéir nua chun dul i gcomharbacht ar Angela Merkel. Ní bheidh saol polaitiúil a tíre féin, na hEorpa ná an domhain mar an gcéanna in éagmais na mná a bhí i gceannas ar an tír is cumhachtaí san Aontas Eorpach le 16 bliain.
Ó toghadh í mar sheansailéir Gearmánach (an chéad bhean riamh as phost) in 2005, tá tréimhsí caite ag cúigear fear in Oifig na Taoisigh – Bertie Ahern, Brian Cowen, Enda Kenny, Leo Varadkar agus Micheál Martin.
Cúigear príomh-airí a bhí sa Bhreatain – Tony Blair, Gordon Brown, David Cameron, Theresa May agus Boris Johnson.
Ceathrar uachtarán a bhí sna Stáit Aontaithe – George Bush, Barack Obama, Donald Trump agus Joe Biden.
Léiríonn teacht agus imeacht na gceannairí eile lena linn (eisceacht Putin a bhí i gceannas roimpi sa Rúis agus nach eol fós cén uair a chríochnóidh a ré) fáth amháin gur cor tábhachtach é éirí as Angela Merkel i saol a tíre agus an domhain.
Ní chuimhneofar uirthi b’fhéidir mar cheannaire a chuir mórathruithe i gcrích ach ní cóir dearmad a dhéanamh ar a buanna agus a laigí á meá. Cuimhneofar abhus uirthi gan dabht mar cheannaire Eorpach a chuir iachall ar Éirinn glacadh le déine as cuimse agus nár thoiligh le cealú fiacha mar leigheas ar ár ngéarchéim airgeadais ó 2008.
Ní foláir áfach an meon airgeadais a bhí i réim sa Ghearmáin agus i dtíortha saibhre eile a chur sa mheá agus breithiúnas á thabhairt ar a cur chuige. Thug sí tacaíocht de réir a chéile do chomhbheartais éagsúla a chuidigh le hÉirinn agus le tíortha eile a bhí i gcruachás, ach is tábhachtach na focail ‘de réir a chéile’ agus a gnáthmhodh oibre á mheas againn.
Dúradh fúithi sa Ghearmáin uaireanta go ndeachaigh sí i mbun oibre mar cheannaire a raibh ‘In de Ruhe liegt die Kraft’ (‘tagann neart ó shuaimhneas’) mar mhana polaitiúil aici. Má fhágtar i leataobh an fháilte lách ghasta a chuir sí roimh thart ar mhilliún teifeach ón tSiria in 2015, is féidir achoimre shimplí a dhéanamh ar an gcur chuige a chleacht sí de ghnáth: seachain rogha chrua más féidir ar mhaithe le teacht ar fhaisnéis iontaofa agus comhthuiscint a aimsiú a shásaíonn an móramh.
Cé go mbreathnaítear ar Merkel mar cheannaire cumasach, ní foláir cuimhneamh i gcónaí nach ar rialtais aon-pháirtí ach ar chomhrialtais a bhí sí i gceannas ar feadh 16 bliain. Bíodh is go bhfuil sé réasúnta léirmheas géar a dhéanamh ar a polasaithe faoin athrú aeráide, faoin ngéarchéim airgeadais 2008-2010 agus faoi chreimeadh an daonlathais sa Pholainn agus san Ungáir, ní raibh páirtithe eile sa Ghearmáin ná ballstáit eile san AE slán ó locht ach oiread.
Tá aitheantas tuillte ag Merkel mar cheannaire stuama agus muiníneach a thug údar misnigh do mhórán daoine lasmuigh den Ghearmáin le linn ré Trump sna Stáit Aontaithe agus ré an Bhreatimeachta san Eoraip. Ainneoin na mífhreagrachta agus an mhí-ionracais a bhí i réim ar feadh tamaill in Washington agus i Londain, bhí duine fásta freagrach i gceannas i mBeirlín. Ní beag san.
B’fhéidir gurb í an bhéim a chuir sí ar aontacht san AE an ceacht is tábhachtaí a fhágfaidh sí mar oidhreacht san Eoraip. Is é an dearcadh sin a thug uirthi tacú leis an ngeallúint a d’iarr agus a fuair Enda Kenny ón Aontas go gcuirfí fáilte ar ais gan mhoill roimh Thuaisceart Éireann mar chuid den AE dá n-athaontófaí an tír amach anseo.
Níl cuimhne ag duine ar bith atá níos óige ná 21 ar aon seansailéir seile seachas Angela Merkel a bheith i gceannas sa Ghearmáin. Is fada an lá freisin ó fuair daoine atá níos sine a gcéad bhlaiseadh dá stuaim, agus uaireanta, a ró-aireachas.
Ach dá fheabhas í mar sheansailéir, níor léirigh Angela Merkel na mórthréithe a bheidh de dhíth chun brú a chur ar a tír féin agus ar thíortha eile déileáil go héifeachtach le hathrú contúirteach na haeráide
Faoi láthair faraor ní léir go bhfuil ceannaire chomh stuama léi i gcumhacht nó ag teannadh le bheith i gcumhacht, i dtír ar bith.
Fág freagra ar 'Ní bheidh leithéid Angela Merkel arís ann'