‘Ní bheidh comhionannas idir mná agus fir go dtí go mbeidh cead ag mná dul thart agus iad uchtnocht’

Tháinig cumha ar ár gcolúnaí i ndiaidh na laethanta go mbíodh tránna na mór-roinne breac le mná gan snáithe éadaigh ar a n-ucht – ach ní dúil ná drúis ba chúis lena chaitheamh i ndiaidh an ama atá thart

‘Ní bheidh comhionannas idir mná agus fir go dtí go mbeidh cead ag mná dul thart agus iad uchtnocht’

Lá breá brothallach sna 1970idí, cuireadh fíneáil ar mo mháthair agus ar chomhghleacaí mná dá cuid toisc go raibh siad ag déanamh bolg le gréin sa pháirc le linn am lóin, gan snáithe éadaigh ar an gcuid uachtarach dá gcolainn.

Bhí dara ‘maidhm’ an fheimineachais faoi lán seoil agus bhíodh mná gan folach ar a n-ucht coitianta ar thránna agus i bpáirceanna san Ísiltír agus i roinnt tíortha eile ar an mór-roinn – sna cathracha móra, pé scéal é.

Ach bhí cáil na cúisiúlachta riamh ar an mbaile cois cósta inar tharla an eachtra seo, Heemskerk (cúisiúlacht Chaitliceach, mar a tharlaíonn, seachas an chúisiúlacht Phrotastúnach a mbeifeá ag súil leis, seans, i scéal faoin Ísiltír.) Thiar i 1936, bhain mo bhaile dúchais ceannlínte na nuachtán náisiúnta amach toisc gur chuir na póilíní áitiúla fíneáil ar scata fear as Amsterdam … toisc go ndeachaigh siad ag snámh gan léine ar a n-ucht.

Ceann de na chéad chuimhní atá agam ar chomhráití le mo mhuintir a raibh brí níos tábhachtaí leo ná ‘tá sé in am dul a chodladh’ ná go ndúirt mo mháthair, lá breá samhraidh agus mé ceithre nó cúig bliana d’aois, go raibh sé mífhéaráilte go raibh cead agam féin, ag mo dheartháir óg agus ag m’athair dul thart uchtnocht timpeall an tí agus sa ghairdín, agus nach raibh cead aicise.

Ní bheadh comhionannas dáiríre idir mná agus fir go dtí an lá go mbeadh, a dúirt sí.

Shíl mé go raibh pointe an-mhaith aici. Chláraigh mé ‘nóta’ dom féin i m’intinn óg, a mbíodh dearcadh an-dearfach ar an todhchaí aici sna laethanta sin: faoin am a mbeidh tusa i d’fhear fásta, a Aleixín, má bhíonn sé te, beidh idir mhná agus fir ag dul thart faoin mbaile mór agus iad uchtnocht, i gcarranna a mbeidh ar a gcumas eitilt.

Ar feadh tamaill de bhlianta, bhí an chuma ar chúrsaí go bhfíorófaí an aisling fheimineach a lonnaigh mo mháthair i m’intinn. Ar an trá agus le taobh linn snámha faoin aer an bhaile, ba ghnách léise agus leis na máithreacha bolg le gréin a dhéanamh gan folach ar a n-ucht agus mé féin agus mo chairde ón mbunscoil ag spraoi.

Nuair a bhí mé sna déaga, ag deireadh na 1980idí agus tús na 1990idí, théadh an rang ar fad ag snámh tar éis na scoile má bhí an lá te agus níor thúisce an trá bainte amach againn nó bheadh cíocha na gcailíní ar fad ar taispeáint. Bhídís féin ag magadh faoin gcorrchailín cúisiúil úd a chaitheadh an chuid uachtarach dá bicíní, agus go deimhin faoi bhuachaillí cosúil liom féin a gcuireadh an fhlúirse den chraiceann baineann míchompord orthu (ní hionann agus an chuid is mó de na buachaillí sin, bhí míchompord ormsa toisc nár mhothaigh mé an dúil a shíl mé a bhí mé ceaptha a mhothú ar fheiceáil cailíní nach mór nochta dom. Ach sin scéal eile.)

D’imigh sin agus tháinig seo.

Anuraidh, tharla mé ar thrá mo bhaile dúchais le beirt de na cailíní sin ó aimsir na meánscoile. I lár a gcuid daichidí atá an bheirt acu anois, cosúil liom féin, agus tá clann orthu.

Bhí an ghrian ag scaladh agus bhí an trá plódaithe. Ach bhí an chuid uachtarach dá mbicínithe á caitheamh ag gach uile bhean dá raibh ann.

Níor choinnigh mé guaim orm féin.

‘Ceist aisteach,’ a dúirt mé leis an mbeirt. ‘An cuimhin libh nuair a thagadh muid anseo tar éis na scoile … agus nuair nach gcaitheadh duine ar bith agaibh …’

‘Óóóóóó,’ a dúirt siad beirt agus a gceann á chroitheadh go fíochmhar acu, ‘ní dhéantar é sin a thuilleadh.’

Shílfeá ón tuin a bhí ar a gcuid cainte go mbeadh an gheis chéanna ar an uchtnochtacht bhaineann, san 21ú haois, agus atá ar chaitheamh tobac nó, i gciorcail áirithe, ar an aerthaisteal.

Phléigh muid an cheist agus d’aimsigh muid trí chúis.

D’fhéadfadh sé go raibh tionchar coimeádach ag teacht na milliún inimirceach ó thíortha Moslamacha go hiarthar na hEorpa ar shochaithe na hÍsiltíre agus na dtíortha eile sa réigiún; ní fhéadfainn barúil a thabhairt faoi na tíortha máguaird ach is cinnte go bhfuil sochaí na hÍsiltíre i gcoitinne níos coimeádaí sa lá atá inniu ann ná mar a bhí ag deireadh an 20ú céad.

Nó b’fhéidir go bhfacthas do go leor ban, faoin am go raibh loinnir na ceannródaíochta agus na hagóidíochta imithe den uchtnochtadh, go raibh an líne idir ‘comhionannas ó thaobh na colainne de’ agus ‘pornagrafaíocht’ róthanaí. ‘An ar mhaithe linn féin nó ar mhaithe leis na fir a bhíodh muid ag dul thart mar sin?’ a d’fhiafraigh duine de mo chairde ar an trá di féin.

Ach an phríomhchúis, a dúirt mo chairde d’aon ghuth, ná an guthán póca. Agus, ar ndóigh, an t-idirlíon.

I bhfaiteadh na súl, d’fhéadfadh grianghraf de bhean a bheadh ag déanamh bolg le gréin gan folach ar a hucht a bheith á roinnt sna ceithre hairde.

Tuigim na pointí sin ar fad. Gach seans, dá mba bhean mé, go gcaithfinn féin mo bhicíní iomlán inniu. Fós féin, tagann saghas cumha orm agus mé ag smaoineamh faoin gceist seo. Ní toisc go mothaím uaim tránna lán ban gan snáithe ar a n-ucht; ní raibh dúil agam sa cholainn bhaineann nuair a bhí mé i mo bhuachaill meánscoile agus níl anois ach chomh beag.

Ach feictear dom go bhfuil an dóchas a bhain leis an ré úd – tráth a gcreidfeadh páiste go mbainfí amach gan mhoill rud chomh simplí le comhionannas dáiríre idir fir agus mná – imithe i dteannta na mban úd, ar nós mo mham, a bhaineadh díobh an chuid uachtarach dá mbicínithe ar son na cúise. Ar son na cúise – ach, tá mé cinnte de, toisc gur thaitin sé leo gathanna na gréine a mhothú ar a n-ucht chomh maith.

Fág freagra ar '‘Ní bheidh comhionannas idir mná agus fir go dtí go mbeidh cead ag mná dul thart agus iad uchtnocht’'