Ní bheidh cearta agat gan misneach agus ní bheidh Gaeltacht agat gan Gaeilge…

Bhí ár gcolúnaí ina déagóir nuair a bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta 50 bliain ó shin. Is iomaí casadh a bhí i ndán na Gaeltachta ó shin…

Ní bheidh cearta agat gan misneach agus ní bheidh Gaeltacht agat gan Gaeilge…

LÉARÁID/CÓS-TUAIRISC.IE

Bhí mise ag freastal ar an meánscoil sa Spidéal i 1969 nuair a bunaíodh Cearta Sibhialta na Gaeltachta leathchéad bliain ó shin.  Agus an chaint ar fad ar bhunú na gluaiseachta sin ar siúl le tamall, thosaigh mé ag iarraidh cuimhneamh ar na rudaí a shíl muide an tráth sin a bhí tábhachtach.

Bhí múinteoir iontach againn, an tSiúr Regina, a rinne a seacht ndícheall cúrsaí reatha a chur ar ár súile dúinn agus léadh muid an páipéar INNIU agus píosaí as páipéir eile go mion chuile sheachtain.

Is cuimhneach liom go leor cainte faoi chearta sibhialta ach tuigeadh dúinn ag an am gur sna Sé Chontae agus i gcoilíneachtaí eile Shasana a bhíodar á gceilt ar an bpobal. Ba gheall le míorúilt againn Terence O’Neill a bheith ó thuaidh agus bhíomar ar fad faoi dhraíocht ag Bernadette Devlin, í ina feisire parlaiminte agus gan í ach bliain is fiche. Ba linn a thaitnigh an clabhta a thug sí sa straois do Mhaudling bocht. Laoch ag an Siúr Regina ab ea Bernadette cé go mba ghearr leis an múinteoir sciortaí an réabhlóidí!

Tugadh an-suntas do Neil Armstrong a bheith ag siúl ar an ngealach agus is cuimhneach liom gur bhaineamar seachtain as Samuel Beckett sa rang Béarla nuair a fuair sé an Duais Nobel. Ní cuimhneach liom gur luadh linn nó gur thuig muid féin go raibh aon bhaint ag cearta sibhialta linne beag ná mór, mar scoláirí ná mar dhaoine óga as an nGaeltacht.

Ach is cuimhneach liom an sciob sceab a bhíodh ar iris na Gluaiseachta, Tuairisc, ach chomh fada le mo chuimhne ba sa gcúlchaint, sa tsáraíocht agus sa dea-chaint ba mhó ár spéis seachas i bprionsabail uaisle roinnt na córa. An feachtas de chuid na gluaiseachta ba mhó ón ré a chuaigh i gcion orainn ná na fish-ins a eagraíodh le cearta iascaireachta a thabhairt ar ais don phobal, mar gur chuid den seanchas ag baile feachtas Chlann na Poblachta agus an Chadhnaigh ar son an chirt chéanna. Ba léir nár chall d’aon bhreac mórán imní a bheith air faoi chuid d’iascairí nua na réabhlóide. D’fhoghlaim mé cúpla bolgam breá Béarla ó na litreacha dlíodóra a thagadh ag fógairt dlí ar na hiascairí a bhí ag sárú chearta phiardaí an locha agus a gcuid giollaí as an áit.

Ní cuimhneach liom ach cáineadh géar ar na tairní a cuireadh faoi charr Jack Lynch ‘bocht’ – naomh ceart a raibh cúig bhonn na hÉireann san iomáint aige agus ceann sa bpeil. Bhí bua amháin eile aige ar ndóigh, ní mba ‘blueshirt’ a bhí ann an uair sin!

Imríonn an chuimhne cleasanna orm go minic ach is cuimhneach liom sa gcomhrá cois claí Peadar Mac an Iomaire agus Joe Sheáinín Beag a bheith á ndealú i gcónaí ó thaobh stuaim agus fios a labhartha ó chuid den dream eile a ceapadh a bheith sna Cearta Sibhialta mar chuid de bhaois na hóige.

Tá sé ráite ag go leor ó thosaigh an comóradh caoga bliain go raibh baint mhór ag saoroideachas an Mháilligh leis an teacht i láthair agus an mhuinín a bhí ag an nglúin óg sin. Ní fhéadfadh gurbh amhlaidh an cás mar an dream a ndeachaigh an cinneadh sin chun tairbhe dóibh, ní raibh siad ach 14 bliana déag nó mar sin i 1969. Ní raibh ach cúrsa dhá bhliain agus an Grúptheastas sna ceardscoileanna ag an am.

I 1965 a glacadh leis na chéad bhuachaillí i gColáiste Chroí Mhuire ar an Spidéal agus an deis feasta ag buachaillí Chois Fharraige an Ardteist a dhéanamh ina gceantar féin. Luach trí leoraí móna a deireadh m’athair a bhí sna táillí do scoláirí lae agus beagnach luach leoraí eile ar na leabhair agus £18 punt an leoraí a bhí sí ag gabháil an bhliain sin. Nuair a bhíodh na ceithre leoraí sin gróigthe ag an scoláire óg is beag fonn macnais ná léirsithe a bhíodh air!

Na ceannairí a bhí ar an nGluaiseacht, bhí oideachas orthu a bhuíochas d’acmhainn phócaí a muintire nó a n-éirim chinn féin a thuill scoláireachtaí dóibh agus is léir gur thug an scolaíocht sin muinín agus neamhspleáchas dóibh leis an status quo sa nGaeltacht a cheistiú agus an fhaillí a bhí á déanamh a fhógairt don saol mór. Is annamh gurb é an duine a bhíonn cloíte spíonta ag crácamas agus allas an tsaoil an treoraí, cé go ndearna ‘Muintir na Gaeltachta’ agus An tÉireannach iarracht iadsan a ghríosú roimhe seo.

Arbh fhiú an tairbhe an trioblóid? Na gníomhaithe féin a shaothraigh an feachtas a d’fhéadfadh an cheist sin a fhreagairt.  Ach caithfidh mé a rá gur iontach aisteach liomsa an síormhaíomh seo nach eagraíocht Ghaeilge a bhí sa ngluaiseacht. Nach ait mar sin nach Cearta Sibhialta Iar-Chonnacht a tugadh ar an eagraíocht? Ní shílim gur féidir an focal Gaeltacht agus Gaeilge a scaradh mar sin agus braithim gur athscríobh na Staire atá ar siúl. Nach raibh cuid den dream céanna coinnithe ó chodladh na hoíche ag cur tarra ar an mBéarla ar chomharthaí bóthair? Nach raibh cuid mhaith den dream céanna san agóid in aghaidh Béarla Bhunny Carr sna Forbacha? Nach ar mhaithe le Gaeilge a bunaíodh raidió agus teilifís bhradach? Nach Údarás don Ghaeltacht a bhí á éileamh seachas údarás d’Iar-Chonnachta? Níl de dhifríocht idir ceantar bocht Galltachta agus ceantar bocht Gaeltachta ach an teanga agus an Roinn Stáit a n-iarrfaidh duine fóirithint uirthi, agus, ar ndóigh, an t-airgead atá le saothrú ar thionscal na Gaeilge.

Deirtear gur ina dhiaidh a thuigeann an tÉireannach a leas ach tá an oiread d’athrú ar an saol anseo i gCois Fharraige ó 1969 gur mairg a déarfadh cén chaoi a mbeadh an saol gan fir agus mná cróga na gluaiseachta sin.

Tá scoth na bhfear agus na mban fós ag imeacht uainn ach amháin go bhfuil cáilíochtaí léinn, Béarla, fón cliste agus féinmhuinín anois ag imeacht acu.  Caithfear a chur sa gcomhaireamh freisin an réabhlóid shóisialta, eacnamaíochta agus chultúrtha a tharla sa tír seo ar a dhul isteach sa gCómhargadh dúinn i 1973, cuid mhaith de na hathruithe sin a saothraíodh i gcúirteanna na hEorpa.

Dhá dheis nár tapaíodh a bhfuiltear ag íoc go daor ó shin astu sa nGaeltacht. Loiceadh go damanta ar chúrsaí oideachais do chlann na Gaeltachta. Sna scoileanna ceileadh a ndúchas orthu, brúdh Béarla éigeantach orthu agus strompadh a dteanga dhúchais ina mbéal agus ina meabhair. Níor tugadh aon chumhacht ná údarás pleanála d’Údarás na Gaeltachta agus scaipeadh speiceas coimhthíoch an Bhéarla leis an nádúr dúchais a thachtadh agus a phlúchadh. Bhí an tÚdarás ar bheagán údaráis breis is daichead bliain ar an bhfód faoin am gur smaoiníodh cúram teanga a chur air leis an bpleanáil teanga. Faoin tráth sin ní raibh aon scil ag an eagraíocht ina leithéid, ach pé brí é is maith sciobtha a fuair siad guaillí eile leis an ualach a leagan orthu, mar a rinne a gcomharsana béal dorais Roinn na Gaeltachta leo féin.

Bánú is díothú pobail an imní ba mhó i 1969 agus is amhlaidh an cás fós sna ceantair is láidre Gaeilge ach bánú is díothú teanga is géire atá á gcaoineadh. Tá géarchéim teanga againn cé go bhfuil geis curtha ag Airí Stáit ar an téarma sin. B’fhearr leo ‘dúshlán mór’.

Ní Gaeltacht gan an Ghaeilge cé nach deacair an ráiteas sin a bhréagnú i gceantair áirithe atá aitheanta mar Ghaeltacht. Is beag duine sa nGaeltacht inniu nach dtuigeann gur ceart sibhialta seirbhís a fháil i do theanga féin agus is lú fós acu sin nach mbeadh sásta an ceart sin a éileamh gan scáth ná náire. An dream a bhfuil an Ghaeilge fós acu tá siad mórtasach aisti agus ní cás leo í a labhairt aon áit a mbíonn siad.

B’fhéidir gurb in luach saothair na Gluaiseachta.

Fág freagra ar 'Ní bheidh cearta agat gan misneach agus ní bheidh Gaeltacht agat gan Gaeilge…'

  • TÓC

    “An dream a bhfuil an Ghaeilge fós acu tá siad mórtasach aisti agus ní cás leo í a labhairt aon áit a mbíonn siad”.
    Tá sin fíor. Ar an taobh eile den scéal glactar leis an nGaeilge i gcathair na Gaillimhe anois mar go bhfeiceann an lucht gnaithe go bhfuil brabach le baint aisti. An tráth a raibh togha na Gaeilge ag muintir Chonamara ag sioscadh eatarthu féin a bhídís nuair a théidís go Gaillimh, faitíos go gcloisfí iad. D’fheabhsaigh an saol go mór sa nGaeltacht ó aimsir na gCearta Sibhialta ach a mhalairt a tharla don teanga, faraor.
    Bhain mé an-sásamh as t’alt.

  • Eoin Ó Murchú

    Alt iontach!
    Agus pointe maith freisin faoi shéanadh gur gluaiseacht teanga a bhí ann. Ach sin a dúirt na gníomhaithe ag an am: ag iarraidh difríocht a léiriú, ceapaim, idir iad agus na boic mhóra i mBaile Átha Cliath a labhair faoin nGaeilge ach ar chuma leo lucht labhartha na teanga sa ngaeltacht, daoine a bhí ag iarraidh aithris a dhéanamh ar shaol measúil an Bhearla tré mheán na Gaeilge.
    Ach fair play duit.

  • Bríd

    Ní hiad na hAirí Stáit amháin a chuireann “geis” ar an téarma “géarchéim teanga”. Mar shampla, ar 7Lá thug an saineolaí liteartha Gearóid Denvir lucht “dioscúrsa an éadóchais” ar na saineolaithe sochtheangeolaíchta a thug rabhadh an-soiléir dúinn go léir faoin ghéirchéim teanga atá sna Gaeltachtaí. Deineadh ionsaí ar RnaG orthu siúd a cheistnigh staid na Gaeilge i meánscoileanna Gaeltachta Chonamara in ainneoin go raibh fiú amháin an Roinn Oideachais théis an fhadhb teanga a aithint go poiblí faoin am sin.
    Cheapann an staraí Gearóid Ó Tuathaigh gur córas “éagórach” atá sa
    “bpleanáil teanga”. Cheapann an t-iarCoimisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin gur “céim ar gcúl” agus córas “mí-ionraic” atá sa bpleanáil teanga sna Gaeltachtaí.
    “Céard atá le déanamh” an cheist a cuireadh ar Ghearóid Ó Tuathaigh ar 7lá.
    Tá na moltaí agus pleananna fiúntacha ann le fada an lá faoi céard a ba chóir a dhéanamh ach níl suim ar bith ag polaiteoirí FFFG iontu agus feileann sé dóibh an fhreagracht a chur ar na coistí deonacha pobail an teanga náisiúnta a shábháil sna Gaeltachtaí.
    Cá bhfuil Cearta Sibhialta na Gaeltachta – Uimhir 2?

  • Sibéal

    Alt an-mhaith ar fad faoi athscríobh na Staire.

    Anois an Aimsir Láithreach!

    Bheadh sé suimiúil moltaí dhearfacha choincréideacha a fháil ó Mháire Ni Fhéinneadha maidir le hóige na Gaeltachta a spreagadh chun cloí leis an Ghaeilge a labhairt eatarthu fhéin agus iad sna déaga.

  • Seán Mag Leannáin

    Alt spéisiúil smaointeach.

  • Maith thú a Mháire

    Alt dea-scríofa a Mháire (mar is gnáth) lán d’eolas cruinn agus go leor ábhar machnaimh ann do shean agus óg. Cé go b’fhéidir go dtuigeann daoine sa nGaeltacht inniu gur ceart sibhialta seirbhís a fháil i do theanga féin bíonn an-leisce/drogall ar dhaoine gearáin a dhéanamh nó seirbhísí riachtanacha a éilimh mar gheall go bhfuil siad buíoch seirbhísí riachtanacha a bheith acu (beag beann ar theanga) agus ní theastaíonn uathu na daoine a chuireann an tseirbhís ar fáil a mhaslú…. sin é an fáth go gcaithfear a dhul i bhfeidhm ar an státchóras ón mbarr anuas agus go dteastaíonn ceannaireacht i ndáiríre….tá an fhírinne searbh mar is léir ón méid a deir Gearóid Ó Tuathaigh ar chlár 7 Lá agus tá na cúiseanna ar éirigh an Coimisinéir Teanga Seán ó Curreáin as a oifig fós fíor…. ní féidir neamhaird a dhéanamh do na nithe seo agus forbairt á dhéanamh i gceantair Ghaeltachta…… mura bhfuil Gaeilge á labhairt mar theanga pobail…. ní Gaeltacht atá ann… sin bun agus barr an scéil agus is cur i gcéill gach uile ní a shéanann é sin. Admhaigh céard atá mícheart agus cuir moltaí fiúntacha i bhfeidhm má táthar i ndáiríre faoin todhchaí… caithfear cur leis an méid atá bainte amach go dtí seo.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Coinníoll Gaeilge don Ghaeltacht ANOIS!!!!