Ní bheidh aon trócaire ag na Beilgigh don Danmhairg, deis ag an Ísiltír na babhtaí díbeartha a bhaint amach

Imreoidh an Úcráin i gcoinne na Macadóine Thuaidh, tabharfaidh an Danmhairg aghaidh ar an mBeilg agus casfaidh an Ísiltír agus an Ostair ar a chéile inniu in EURO 2020

Ní bheidh aon trócaire ag na Beilgigh don Danmhairg, deis ag an Ísiltír na babhtaí díbeartha a bhaint amach

An Úcráin v An Mhacadóin Thuaidh – 2pm

Scóráil an seanfhondúir Goran Pandev don Macadóin Thuaidh sa chéad chluiche acu i mórchomórtas sacair ach níor leor é chun an Ostair a chloí Dé Domhnaigh seo caite agus bhí bua 3-1 ag na hOstaraigh.

Agus cluiche deacair in aghaidh na hÍsiltíre acu sa chéad bhabhta eile, is é an cluiche seo in aghaidh na hÚcráine an seans is fearr ag na Macadónaigh bua a fháil ag EURO 2020.

Bhí mí-ádh ar an Úcráin nach bhfuair siad tada as an gcluiche in aghaidh na hÍsiltíre. Bhí cuma na maitheasa orthu le deich nóiméad fágtha agus iad ar ais ar comhscór tar éis dóibh a bheith 2-0 chun deiridh. Ach tháinig na hÍsiltírigh chucu féin agus ba leo an bua.

Bhí an Úcráin leamh go maith sa chéad leath den chluiche sin Dé Domhnaigh ach níl aon amhras ach go bhfuil foireann níos fearr acu ná mar atá ag na Macadónaigh agus beidh siad ag súil leis an mbua.

Romelu Lukaku. Pictiúr:INPHO/Donall Farmer

An Danmhairg v An Bheilg – 5pm

Beidh an tseachtain caite ag imreoirí na Danmhairge ag iarraidh teacht chucu féin i ndiaidh an bhuairt agus an imní a bhain leis an gcluiche in aghaidh na Fionlainne Dé Sathairn seo caite. Thuigfeá go maith cén fáth gur chlis orthu nuair a cuireadh tús leis an gcluiche athuair ach dá mhéad trua a bheidh acu dá gcéilí comhraic, is beag an baol go dtógfaidh foireann na Beilge go réidh leo é.

Agus gach duine fós buartha faoi Christian Eriksen oíche Dé Sathairn, níor cuireadh oiread sin spéise i dtaispeántas na Beilge i gcoinne na Rúise. Bhíodar i bhfad róláidir do na Rúisigh agus ba mhaith a léirigh Romelu Lukaku a mhianach agus dhá chúl faighte aige ina mbua 3-0.

Is fiú cuimhneamh gur thug an Bheilg an taispeántas cumasach sin agus iad d’uireasa Kevin de Bruyne, a d’fhill ar an traenáil an tseachtain seo. Bheifeá ag súil le bua eile uathu fiú mura mbeidh fear Manchester City ar fáil.

An Ísiltír v An Ostair – 8pm

Is beag nár mhill imreoirí na hÍsiltíre an obair mhaith uile a bhí déanta acu sa chluiche in aghaidh na hÚcráine nuair a lig siad dá gcéilí comhraic teacht ar ais ar comhscór i dtreo dheireadh na himeartha. Bhí na hÍsiltírigh ar fheabhas sa chéad leath, cé gur theip orthu cúl a scóráil, ach nuair a d’aimsigh Georginio Wijnaldum agus Wout Weghorst cúil dóibh, bhreathnaigh sé go raibh leo.

Léiríodh laigí na foirne seo ina dhiaidh sin. Agus na cosantóirí Virgil van Djik agus Matthijs de Ligt in easnamh orthu, ghéill an Ísiltír dhá chúl taobh istigh de cheithre nóiméad agus bhí an t-ádh orthu gur scóráil Denzel Dumfries cúl an bhua agus gan ach cúig nóiméad fágtha.

Bhí Wijnaldum ar fheabhas ar fad don Ísiltír sa chluiche sin agus má éiríonn leis féin agus Memphis Depay dul i bhfeidhm ar an imirt, beidh sé deacair iad a stopadh.

Ó thaobh na hOstaire de, táthar fós ag fiafraí cén áit ba cheart do laoch na foirne, David Alaba, imirt.

Thosaigh Alaba ag imirt i lár an aonaid chosanta in aghaidh na Macadóine Thuaidh ach nuair a bhí cúl ag teastáil, bogadh é amach ar an gcliathán clé agus ba é a chruthaigh an cúl cinniúnach don ionadaí, Michael Gregoritsch.

Ní bheidh an tosach Marko Arnautović ar fáil don Ostair mar tá sé curtha ar fionraí tar éis dó magadh go bagrach faoi bheirt d’imreoirí na Macadóine nuair a fuair sé cúl ina gcoinne.

Fág freagra ar 'Ní bheidh aon trócaire ag na Beilgigh don Danmhairg, deis ag an Ísiltír na babhtaí díbeartha a bhaint amach'