Ní bheidh an t-aschur CO2 riamh chomh hard arís agus a bhí sa bhliain 2019, ach…

AN SAOITHÍN AERÁIDE: a bhuíochas leis an gcoróinvíreas beidh laghdú buan ar an aschur CO2 – ach ní leor é

Ní bheidh an t-aschur CO2 riamh chomh hard arís agus a bhí sa bhliain 2019, ach…

Nuair a thagann téamh an domhain idir thú agus codladh na hoíche go rialta, bíonn loinnir dóchais uait ó am go chéile a thabharfas misneach duit éirí ar maidin. An mhí seo caite, thug dea-scéal ó eolaithe san Iorua ardú meanman don Saoithín Aeráide a bhí ag teastáil go géar.

Ní bheidh an t-aschur CO2 riamh chomh hard arís agus a bhí sa bhliain 2019, nó sin a mhaíonn an institiúid taighde DNV GL ina dtuarascáil bhliantúil faoi athrú foinsí fuinnimh.

An coróinvíreas is cúis leis sin.

Léigh tú sin i gceart.

Measann na heolaithe as an Iorua go mbeidh laghdú 8 faoin gcéad ar an aschur CO2 i mbliana, a bhuíochas sin leis na beartais dianghlasála ar fad a cuireadh i bhfeidhm ar fud an domhain d’fhonn srian a choinneáil le scaipeadh an víris.

Ní hamháin sin, ach más fíor don lucht taighde beidh tionchar buan, agus dearfach, ag na beartais chéanna ar úsáid fhuinnimh amach anseo.

Dar leis na taighdeoirí gur ag obair ón mbaile a bheidh cuid mhór den fhórsa oibre feasta, fiú nuair a bheidh an coróinvíreas cloíte faoi dheireadh, rud a chiallóidh go dtiocfaidh laghdú buan ar líon na ndaoine a mbeidh orthu taisteal idir an baile agus an láthair oibre.

Lena chois sin, is lú an t-éileamh a bheas ar spás oifige, rud a chiallóidh nach mbeidh an oiread céanna oifigí nua le tógáil, le téamh nó le haeroiriúnú amach anseo.

Lena chois sin arís, measann na taighdeoirí nach n-éireoidh le haerlínte an domhain teacht ar ais chucu féin go hiomlán choíche ón mbuille a bhuail géarchéim an choróinvíris orthu.

Dá bharr seo ar fad, as seo go dtí an bhliain 2050, beidh an t-éileamh domhanda ar fhuinneamh idir 6 agus 8 faoin gcéad níos ísle ná mar a ceapadh roimh ghéarchéim an choróinvíris, a deirtear sa tuarascáil.

Idir an dá linn, beidh fás ar an bhfuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus is lú an úsáid a bhainfear as breoslaí iontaise, rud a fhágfaidh, dar le lucht na tuarascála, nach mbeidh an méid CO2 a shéidfear san aer sa bhliain 2050 ach leath chomh hard agus an méid a shéidtear san aer inniu.

An drochnuacht?

Sin é an sprioc a chaithfí a bhaint amach sa bhliain 2030, fiche bliain níos túisce – agus má theastaíonn uainn a chinntiú nach dtiocfaidh ach ardú 1.5 céim ar an teocht dhomhanda faoi dheireadh an chéid seo, níor cheart go mbeadh CO2 ar bith á astú faoin mbliain 2050.

Chuile sheans nach gcodlóidh an Saoithín Aeráide arís anocht.

Fág freagra ar 'Ní bheidh an t-aschur CO2 riamh chomh hard arís agus a bhí sa bhliain 2019, ach…'