Ní bheidh an goile ag gach duine fanacht le ‘The Keepers’ ach ba chóir dóibh

Deirtear gurb é The Keepers oidhre dlisteanach Making a Murderer ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist le sraith nua Netflix

Ní bheidh an goile ag gach duine fanacht le ‘The Keepers’ ach ba chóir dóibh

An port a bhí le clos go coitianta le seachtainí anuas ná gurb é The Keepers (Netflix) oidhre dlisteanach Making a Murderer. ’Sé agus ní hé, a deirim. Tá rudaí i bpáirt acu cinnte; cláracha faisnéise cumasacha, tuarúla iad a thugann fé ábhar sollúnta go healaíonta, críochnúil. Chuaigh Making a Murder ag póirseáil sna mionsonraí ar fad a bhain le cás dúnmharaithe a tharla blianta roimhe sin. É ag feachtasaíocht don té a bhí ciontaithe. Fan na slí d’éirigh gach Jessica Fletcher a raibh méarchlár aici gafa leis an rud ar fad.

Sa chéad ghála den tsraith seo ritheann sé linn gur táirge den déanamh céanna atá againn. Beirt Jessica Fletcher cearta iad an bheirt seanfhondúirí Gemma Hoskins agus Abbie Schaub atá ag fiorsú cás Cathy Cesnik, bean rialta agus múinteoir na beirte a fuadaíodh agus a dúnmharaíodh in Baltimore Mheiriceá i 1969.

Mná caithiseacha, diongbháilte iad a thugann faoin gcúram le díograis.

Níl go maith agus níl go holc go dtí go sroichtear an dara gála. Is anseo a léirítear scóip na sraithe dúinn: mí-úsáid ghnéis, cúbláil, tíorántacht, an fhírinne á ceilt, forlámhas na hEaglaise agus an dúthracht a chaith sí lena craiceann féin a thabhairt slán.

Cuirtear Jean Wehner inár láthair, bean a bhaineann stangadh agus creathadh asainn leis an gcur síos corraitheach a dhéanann sí ar an méid a bhí ag tarlú i meánscoil Archbishop Keough lena linn. Ba sa mheánscoil seo a bhíodh an bhean rialta ag múineadh agus tá cuid den uisce fé thalamh ag brúchtaíl anois. Téann scéal na mná deisbhéalaí, suaite seo i bhfeidhm go mór ort. Ní oirfidh seo don duine anbhách agus bhí míreanna ann a chuir an ghoimh agus alltacht orm araon.

Tá an tAthair Maskell ina lár istigh; diabhal ina sheasamh má bhí a leithéid riamh ann. Séiplíneach sa scoil a bhain sochar as a chuid eolais mar shagart agus mar shíceolaí le teacht i dtír ar chailíní óga a raibh an saol tar éis luí go trom orthu.

Tuigfidh an tÉireannach téamaí na sraithe níos fearr ná mórán; an pobal agus na húdaráis ag feacadh glúine os comhair na heaglaise, an fhírinne á brú fé chois agus an sagart péidifileach á chur ó phost go piléar.

Go deimhin i ndeireadh thiar thall chuaigh Maskell ar a theitheadh go hÉirinn mar ar oibrigh sé mar shíceolaí in Loch Garman. Ba de bhunadh na hÉireann an sádaí seo agus ní féidir gan suntas a thabhairt do na sloinnte Éireannacha atá le feiscint ar fud na mball sa tsraith.   

De réir a chéile, tagann íobartaigh eile ar an scáileán agus déantar a n-ionchur corraitheach siúd a shníomh leis an bhfiosrúchán dúnmharaithe (cé go mbímid cinnte tar éis scaithimh cé atá ciontach). Tuigimid gur maraíodh an bhean chneasta seo mar go raibh sí chun rúin mhallaithe na scoile a sceitheadh. Ní hé an dúnmharú féin ábhar na sraithe i ndáiríre ach na heachtraí uafásacha a spreag é agus an chúbláil mhínáireach atá ag ceilt na fírinne i gcónaí. Cumhachtach, corraitheach agus cumasach.

Ní bheidh an goile cuí ag gach duine le tabhairt faoi tsraith seo ach ba cheart dóibh.

Fág freagra ar 'Ní bheidh an goile ag gach duine fanacht le ‘The Keepers’ ach ba chóir dóibh'