Ní bheidh ach bua gan choinne amháin i gcluichí leathcheannais Chraobh Peile Laighean inniu

Imreofar na cluichí leathcheannais i gCraobh Peile Laighean inniu agus Baile Átha Cliath ag tabhairt aghaidh ar an Mhí agus Cill Dara ag imirt na hIarmhí

Jim Gavin. INPHO/Ryan Byrne
Jim Gavin. INPHO/Ryan Byrne

Baile Átha Cliath v An Mhí, Páirc an Chrócaigh, 18:35i.n.

go dtabharfadh bua na Gaillimhe in aghaidh Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo caite spreagadh d’fhoirne eile atá ag imirt i gcoinne bhoic mhóra na craoibhe, seans go bhfuil an bhearna idir Baile Átha Cliath agus leithéidí chontae na Mí fós chomh mór sin nár cheart dúinn fiú a bheith ag smaoineamh ar bhua eile gan choinne tráthnóna.

Ba i gcoinne na Mí sa bhabhta leathcheannais in 2010 a chaill Baile Átha Cliath cluiche i gCraobh Laighean go deireanach. Cé nach raibh ach cúl eatarthu sa chraobh dhá bliain ina dhiaidh sin – 2-13 in aghaidh 1-13 – ní raibh mórán cuma ar na cluichí a bhí eatarthu ó shin agus farasbarr 16 pointe a bhí ag foireann Jim Gavin, 3-20 in aghaidh 1-10, nuair a chas na foirne ar a chéile in 2014.

Is í Craobh Laighean an chraobh is aon-taobhaí sa tír faoi láthair agus ní fhacamar tada ón Mhí sa tsraith a thabharfadh le fios go bhfuil aon athrú le teacht ar an scéal sin i mbliana.

Paddy Andrews ar fáil arís do Jim Gavin tar éis don tosach cluiche ceannais na sraithe agus an bua in aghaidh Laoise sa chraobh a chailleadh de bharr gortaithe. É sin ráite, beidh sé deacair ag Andrews a áit a fháil ar an bhfoireann i ndiaidh do thosaithe Bhaile Átha Cliath tús iontach a chur leis an gcraobh thíos i bPáirc Uí Nualláin.

I 1991 imríodh ceithre chluiche idir na foirne seo sular éirigh le contae na Mí an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Átha Cliath, ach ní bheadh mórán iontais ar éinne dá mbeadh coimhlint na bliana seo thart tar éis ceithre nóiméad.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

An Iarmhí v Cill Dara, Páirc an Chrócaigh, 16.15i.n.

56 bliain ó bhuaigh an Iarmhí ar Chill Dara sa Chraobh ach tá deis acu deireadh a chur leis an ngorta sin tráthnóna. Má éiríonn leo, bainfidh siad áit amach i gcluiche ceannais an chúige don dara bliain as a chéile, rud nach ndearna siad riamh roimhe seo.

Is é an t-ábhar dóchais is mó atá acu ná na gortuithe atá ag cur as d’fhoireann Chill Dara. Tá Paul Cribbin, Daniel Flynn, Kevin Feely, Ryan Houlihan agus Emmet Bolton uile in easnamh ar Chian O’Neill tráthnóna. Tá Cribbin, Flynn agus Bolton, go háirithe, i measc na n-imreoirí is tábhachtaí atá ag Cill Dara.

Dea-scéal dóibh go bhfuil an tosach Niall Kelly ar fáil tar éis dó cluiche ceannais Roinn 3 a chailleadh, chomh maith leis an mbua sa chraobh in aghaidh Loch Garman. Cluiche uafásach a bhí sa bhua sin ag Cill Dara cúpla seachtain ó shin agus beidh orthu feabhsú go mór más fúthu teacht slán inniu.

Is mór an buntáiste é don Iarmhí go bhfuil Ray Connellan ar fáil dóibh. Chaith fear lár na páirce mí ag traenáil le foireann AFL St Kilda san Astráil ach tá ar ais in Éirinn faoi láthair. Bhí Connellan agus a chomhghleacaí John Heslin thar a bheith tábhachtach don Iarmhí anuraidh nuair a shroich siad cluiche ceannais Laighean agus má éiríonn go maith leis an mbeirt sin inniu, agus le cúpla duine eile, seans go n-éireoidh leo bua gan choinne fháil.

Rogha Tuairisc.ie: An Iarmhí

Fág freagra ar 'Ní bheidh ach bua gan choinne amháin i gcluichí leathcheannais Chraobh Peile Laighean inniu'