Ní bheadh sé ceart comóradh bhunú Chomórtas Peile Na Gaeltachta a scaoileadh tharainn gan cuimhneamh ar Michael Hamilton

Bhí Michael Hamilton ar dhuine de phríomhphearsana Chumann Lúthchleas Gael mar a chruthaíonn liosta gairid de chuid de na rudaí a raibh sé freagrach astu

Ní bheadh sé ceart comóradh bhunú Chomórtas Peile Na Gaeltachta a scaoileadh tharainn gan cuimhneamh ar Michael Hamilton

Mar atá dlite dóibh i mbliain seo cheiliúradh Chomórtais Peile na Gaeltachta tá neart ómóis léirithe dóibh siúd ba chúis lena bhunú i 1969 agus fáil ar a mbaineann leis sin agus scéalta na gcumann a bhí páirteach ann ó shin sa leabhar bhreá An Síol a Cuireadh sa tSneachta a chuir Seán Mac an tSíthigh in eagar faoi chomhair na hócáide.

Tá eolas ar ainmneacha na mbunaitheoirí sin – Antóin de Baróid agus Antóin Ó Cearbhaill – ar fud na Gaeltachta, mar aon le hainm an Bhreithimh Seán Delap a bhí mar Uachtarán agus a bhronn an corn ba thúisce a ndearnadh iomaíocht air.

Bronnadh boinn ar na buaiteoirí freisin agus ní bheadh sé ceart an bhliain seo a scaoileadh tharainn gan tagairt a dhéanamh don té a chuir iad siúd ar fáil, agus go deimhin a bhí lena linn ar dhuine de phríomhphearsana Chumann Lúthchleas Gael mar a chruthaíonn liosta gairid de chuid de na rudaí a raibh sé freagrach astu. Bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste na Mumhan, ina chathaoirleach ar choiste a chontae ar feadh 25 bliain agus ina bhall den Ardchomhairle. Ba é a spreag an socrú Cluiche Ceannais Peile na hÉireann a imirt i Nua-Eabhrac i 1947 agus fear é a rinne tráchtaireacht ar chluiche ceannais é féin, cé dá mairfeadh sé nach dóigh gurb í sin an chuimhne ab fhearr leis a tharraingt anuas aige.

I gCluain Lára in oirthear an Chláir, ar an mbóthar idir Cill Dalua agus cathair Luimnigh, a rugadh Michael Hamilton sa mbliain 1894. D’fhreastail sé ar an scoil áitiúil agus ina dhiaidh sin ar Choláiste Fhlannáin Naofa in Inis áit ar léirigh sé éirim thar cuimse a bheith ann. Ina dhiaidh sin chuaigh sé le sagartóireacht. Oirníodh é i 1919 agus seachas achar gairid a chaith sé i gCill Dalua agus bliain mar shéiplíneach airm (1924) chaith sé bunáite na mblianta a lean ina mhúinteoir sa mheánscoil a ndearna sé féin freastal uirthi.

Ba í an iománaíocht ba threise i gColáiste Fhlannáin agus gan mórán achair bhí Hamilton sáite go domhain sa gcluiche agus in imeachtaí an chumainn eagair.

Ní raibh sé ach 26 bliain d’aois nuair a toghadh ina Chathaoirleach ar Choiste CLG an Chláir é – rud a rinneadh go féiltiúil na 24 bliain a lean. Toghadh freisin ar Chomhairle na Mumhan é, rud a thug suíochán dó ar an Ardchomhairle. Le linn dó a bheith i mbun an chúraim sin leagadh an dualgas air freastal ar riachtanais bhaill Chumann Lúthchleas Gael sna Stáit Aontaithe ag tráth nach mbíodh ar a gcumas siúd ionadaí a chur chuig cruinnithe na hArdchomhairle de bharr deacrachtaí taistil.

Ábhar colúin eile is ea an chaoi ar éirigh leis a chur ina luí ar an Ardchomhairle gur i Nua-Eabhrac ba chóir Cluiche Ceannais 1947 a imirt, rud a raibh go leor d’ordlathas CLG ina choinne, ach ar glacadh leis tar éis do Hamilton óráid phaiseanta a thabhairt faoi chás na n-imirceach.

Ciarraí agus an Cabhán freisin a bhí san iomaíocht i gcluiche ceannais 1937 a ndearna Hamilton tráchtaireacht air, deis a tháinig ina bhealach siocair Cumann Lúthchleas Gael agus RTÉ a bheith in adharca a chéile – chaon taobh ag rá go mba acu féin a bhí an ceart an tráchtaire a cheapadh.

D’fhág an t-aighneas nach ndearna an craoltóir náisiúnta aon tráchtaireacht ar Chluichí Ceannais an Bhóthair Iarainn, ar Chraobhchomórtais na gCúigí, ar bhabhtaí leathcheannais na hÉireann ná ar Chluiche Ceannais na hIomána 1937.

Ní nach ionadh bhí an pobal thar a bheith míshásta agus leathanaigh na nuachtán laethúil lán le litreacha gearáin.

Le súil agus go bhféadfaí Cluiche Ceannais na Peile ar a laghad a chraoladh ina iomláine tionóladh cruinniú mullaigh idir Stiúrthóir Craolacháin RTÉ agus Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael i lár mhí Mheán an Fhómhair 1937 agus tháinig an bheirt ar réiteach go ndéanfadh an tAth. Hamilton an tráchtaireacht.

Níl tráchtaire dár rugadh riamh nach mb’fhearr leis a bhás ná a bheith air a chúram a dhéanamh agus gan aon amharc aige ar chlár an scór – ach b’in a tharla do Hamilton bocht. Bhailigh an slua ba mhó go dtí sin (52,325) isteach go Páirc an Chrócaigh ag an gcluiche ceannais, áit a bhí chomh plúchta sin nach raibh aon dé ag an tráchtaire ar an scór.

Barr ar an mí-ádh – agus na foirne ar comhscór – scóráil an Cabhán cúilín nár ceadaíodh ag fíordheireadh na himeartha. Chonaic Hamilton an maor ag crochadh na brataí báine ach níor thuig sé go raibh cic saor fógartha ag an réiteoir roimhe sin mar go mb’amhlaidh a caitheadh an pheil agus d’fhógair don saol Fódhlach go raibh an cluiche buaite ag an gCabhán de chúilín.

Ainneoin na tubaiste thuill tráchtaireacht an tsagairt moladh go leor óna lucht éisteachta agus dúradh ag cruinniú Ardchomhairle gurbh í “an tráchtaireacht ab fhearr fós í ar Chluiche Ceannais”.

Seans go bhfuil a chruthúnas sin le feiceáil mar go mba é Michael Hamilton a rinne tráchtaireacht freisin ar an athimirt a bhuaigh Ciarraí 4-4, 1-7.

Is fiú a lua freisin gur tar éis an chluiche comhscóir peile i 1937 a bheartaigh CLG go gcuirfí in iúl go raibh scór cealaithe trí chros a dhéanamh den dá bhratach i mbéal an chúil.

Togha Gaeilgeora ab ea Hamilton a mhol freisin don chumann ceithre scór bliain ó shin go mba cheart dóibh tosú ag smaoineamh ar iarsmalann a thógáil.

Faoin am ar buaileadh boinn Chomórtais Peile na Gaeltachta ina chuimhne bhí sé ina Chanónach le fada an lá agus ina shagart paróiste ar an Aonach i gCo. Thiobraid Árann. Ar an 31 Lúnasa 1969 tar éis dó Aifreann a léamh ansiúd thug sé aghaidh ar Pháirc an Chíosógaigh go bhfeicfeadh sé athimirt ar chluiche ceannais iomána an Chláir idir Cora Chaitlín agus Droichead an Chláir. Bhásaigh sé ansiúd agus an imirt ag déanamh ar leath ama.

Is in ómós Michael Hamilton atá an corn a bhronntar ar na buaiteoirí i gCraobh Shinsearach Iomána an Chláir ainmnithe.

Fág freagra ar 'Ní bheadh sé ceart comóradh bhunú Chomórtas Peile Na Gaeltachta a scaoileadh tharainn gan cuimhneamh ar Michael Hamilton'

  • Pádraig Ó Flannabhra

    Is maith is chuimhin liom é mar sagart ar an Aonach.