‘Tá nuacht mhór agam!’ a d’fhógair an Cailín Mór Beag agus í ag teacht isteach an doras ón scoil an lá cheana. ‘Ní chreidfidh tú é seo, Mamaí, fan go gcloisfidh tú!’ Bhí fuadar fúithi agus í ag tarraingt a cóta di agus á chaitheamh go healaíonta trasna ar dhroim an toilg agus a mála scoile tuirlingthe i lár an tseomra is bileoga páipéir ag eitilt amach as.
‘Céard é an scéal mór?’ a d’fhiafraigh mé di.
‘Tá cailín i mo rang ag dul anonn ag breathnú ar an Santaí ceart!’ a deir sí agus í réidh le pléascadh le teann geidimín.
‘Dáiríre,’ a deir mé.
‘Thuas sa Mol Thuaidh, atá mé a rá, tá sí ag dul go dtí a theach. A theach, Mamaí!’
‘Nach iontach é sin,’ a deir mé agus b’álainn an t-áthas a fheiceáil ina héadan. Is dóigh go raibh an-lá acu uilig agus iad ag súil leis na scéalta a bheadh ar ais ó Tí Santaí théis an deireadh seachtaine.
‘Agus, fan go gcloisfidh tú é seo, tá sí a ghabháil a rá leis gur dhúirt mé Heileo!’
Bhí an lá caite ag Cáitín ag bailiú scéalta ó na cailíní beaga eile sa rang agus é de dhualgas mór uirthi iad ar fad a thabhairt anonn go dtí Santaí.
‘Meas tú an bhfuil Gaeilge aige?’ a d’fhiafraigh mé den Chailín Mór Beag. ‘Tá chuile theanga aige, Mamaí,’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga liom go húdarásach. ‘Tuigeann sé gach teanga, ach b’fhéidir go mbeidh sé ag caint North Pole nuair a bheidh sí ann.’
Bhreathnaigh an Babaí agus an Cailín Mór Beag uirthi agus iontas le feiceáil ina n-éadan ag a saineolas agus a húdarás ar an ábhar casta seo.
‘Sin é, Mamaí,’ a dúirt an Cailín Mór Beag. ‘Beidh na heilfeanna ann freisin agus beidh siad sin ag aistriú do Dhaidí na Nollag.’
‘Nach iontach go deo é sin,’ a dúirt mé. ‘Bhuel, b’fhéidir go mbeadh Daidí na Nollag i nGaillimh idir seo agus an Nollaig agus go mbeadh deis agaibh bualadh isteach chuige.’
‘Ní bheidh!’ a deir Beainín na Naíonáin Bheaga, an saineolaí ar gach rud a bhaineann le Santaí.
‘B’fhéidir go mbeadh,’ a dúirt mé, ‘nach bhfaca sibh anuraidh é?’
‘Chonaic,’ a dúirt sí, ‘ach ní hin é an Santaí ceart, is é an chaoi go raibh sé sin GLÉASTA ar nós Santaí, ach ní Santaí a bhí ann.’
‘An bhfuil tú cinnte,’ a deir mé, ‘cheap mé go raibh an-áthas oraibh anuraidh nuair a chuaigh sibh ar cuairt ar Dhaidí na Nollag.’
Is dócha gurb í an fhéasóg bhréige a scaoil an cat as an mála.
‘Tá mé siúráilte cinnte Mamaí,’ a deir sí, ‘an bhfaca tú na bróga a bhí air?’
‘Ní fhaca,’ a deir mé.
‘Bhí sé ag caitheamh runners dubha,’ a deir sí, ‘ní bheadh Santaí ag caitheamh runners, bheadh a chosa préachta.’
Emer Ní Ronáin.
Daidí na Nollag, ní chaitheann sé bróga boga.