‘Ní bheadh aontachtaí ar bith i gcoinne reachtaíocht teanga réasúnta ach ní féidir Stormont a athbhunú beag beann ar an bpraghas’ – Foster

Tá cos i dtaca ag ceannairí aontachtaithe maidir le ceist an achta Ghaeilge. Idir an dá linn, ghlac Comhairle Ceantair Dhoire agus an tSratha Báin le rún ag tacú leis an éileamh ar acht

‘Ní bheadh aontachtaí ar bith i gcoinne reachtaíocht teanga réasúnta ach ní féidir Stormont a athbhunú beag beann ar an bpraghas’ – Foster

Tá cos i dtaca ag ceannairí aontachtaithe maidir le ceist an achta Ghaeilge agus an chuma ar an scéal nach bhfuil aon bhogadh as an tsáinn maidir leis an éileamh ar reachtaíocht teanga ó thuaidh.

Tá ráitis déanta go neamhbhalbh ag ceannairí na bpáirtithe aontachtacha ag cur i gcoinne an éilimh ar acht Gaeilge.

Agus iad triúr faoi agallamh ag nuachtlitir an Oird Oráistigh, an Orange Standard, dúirt Arlene Foster, ceannaire an DUP, Jim Allister, ceannaire an TUV, agus Robin Swann, ceannaire an UPP, nach mbeadh glacadh ar bith acu leis an acht Gaeilge a mhol Sinn Féin le linn na gcainteanna is déanaí maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont. 

Dúirt ceannaire an DUP, Arlene Foster, nach mbeadh “aontachtaí ar bith i gcoinne reachtaíochta a bheadh réasúnta” ach nach bhféadfaí feidhmeannas Stormont a athbhunú “beag beann ar an bpraghas”.

Dúirt Robin Swann nach raibh aon ghá le reachtaíocht Ghaeilge mar go raibh dóthain tacaíochta ag an teanga mar atá agus dúirt Jim Allister gurbh amhlaidh gur ag cuidiú le “feachtas na bpoblachtánach” a bheadh aon duine a ghéillfeadh do reachtaíocht don Ghaeilge.

Idir an dá linn, ghlac Comhairle Ceantair Dhoire agus an tSratha Báin Déardaoin seo caite le rún go n-éileofaí ar rialtas na Breataine gníomhú de réir an ghealltanais i gComhaontú Chill Rímhinn maidir le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach. 

Glacadh leis an rún le 28 vóta in aghaidh 9. Seo an dara húdarás áitiúil a ghlac le rún ar son achta Ghaeilge le tamall anuas. Ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste lena leithéid de rún an mhí seo caite. 

Ba é an comhairleoir de chuid Shinn Féin, Kevin Campbell, a mhol an rún go dtabharfaí acht Gaeilge isteach ó thuaidh de réir an ghealltanais i gComhaontú Chill Rímhinn. 

Ag labhairt dó ag an chruinniú Déardaoin seo caite, dúirt Campbell go raibh gá le reachtaíocht a thabhairt isteach “a thabharfadh aitheantas agus meas d’fhéiniúlacht na hÉireann”. 

Dúirt sé gur ceist cearta í ceist an achta Ghaeilge agus gur chóir na cearta teanga céanna a bheith ann ó thuaidh is atá ó dheas, in Albain agus sa Bhreatain Bheag.  

Mhaígh Campbell go raibh cearta teanga “lárnach” sa socrú a rinneadh mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn 2006. 

Mhaígh an Comhairleoir de chuid Shinn Féin go raibh “sárú leanúnach”  á dhéanamh ag rialtas na Breataine ar gheallúint a tugadh den chéad uair fiche bliain ó shin. 

Dúirt sé go raibh cainteoirí Gaeilge i nDoire agus Tír Eoghain “i dteideal na gcearta céanna a fhaigheann saoránaigh in áiteanna eile ar na hoileáin seo”. 

“Níl bagairt ar bith sna cearta seo; ní náiríonn siad éinne, ní ceart go mbeadh eagla ar aon duine roimh Acht na Gaeilge,” ar sé. 

Thug an Comhairleoir Campbell le fios go raibh pobal na Gaeilge ag fás i gComhairle Ceantair Dhoire agus an tSratha Báin agus go raibh gá cearta teanga a chinntiú don 563 páiste sa cheantar a bhíonn ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge. 

Dúirt David Ramsey, comhairleoir de chuid an DUP nach bhféadfaí glacadh le hAcht Gaeilge agus nár cheart do Shinn Féin ‘líne dhearg’ a dhéanamh den éileamh seo. 

D’aontaigh Derek Hussey, comhairleoir de chuid an UUP leis an dearcadh sin, agus dúirt sé nár thuig sé cén fáth a raibh éileamh á dhéanamh ar acht Gaeilge. 

Dúirt sé gur léiriú é líon na ndaltaí atá ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge sa cheantar go raibh saoirse ag daoine Gaeilge a fhoghlaim. 

Chuir Maolíosa McHugh, Méara Dhoire de chuid Shinn Féin, clabhsúr ar an bplé faoin rún agus dúirt sé go gcreideann sé go láidir nach bhfuil baint ar bith ag an Ghaeilge le cúrsaí polaitíochta agus gur teanga do chách í. 

Fág freagra ar '‘Ní bheadh aontachtaí ar bith i gcoinne reachtaíocht teanga réasúnta ach ní féidir Stormont a athbhunú beag beann ar an bpraghas’ – Foster'

  • Seán Mac Cearáin

    Tá an- mheas go deo agam ar an chomhairleoir Kevin Campbell agus ar an Ardmhéara Maolíosa Mc Hugh i nDoire agus i gcontae Thír Eoghain.Beirt atá go hiomlán díograiseach ar son na teanga.
    Níl ceachtar den dá ráiteas seo fíor áfach.Níl sé fíor go bhfuil 563 páiste ag fáil oideachas iomlán trí mheán na Gaeilge.Tá 563 óna 4 Ghaelscoil agus 4 naíscoil ag fáil bunoideachais trí mheán na Gaeilge.Is beag acu seo a théann ar aghaidh tríd an choras mheánscolaíochta.San áireamh tá líon na bpáisti atá ag freastal ar naíscoileanna(20% nach dtéann ar aghaidh go gaelscoileanna)
    dúirt Maolíosa seo a leanas;
    ” go gcreideann sé go láidir nach bhfuil baint ar bith ag an Ghaeilge le cúrsaí polaitíochta agus gur teanga do chách í.”Féach dá bhfuil le rá ag Ciarán Mac Ghiolla Bhéin agus Fearghal Mac Ionnrachtaigh agus iad ag scríobh in “An Phoblacht”http://www.anphoblacht.com/contents/14021.
    Tá feall á dhéanamh ag Sinn Féin ar an choras gaelscolaíochta i nDoire mar tá sé ráite ag a urlabhraí ar chúrsaí oideachais Karen Mullan nach bhfuil sí sásta aon tacaíocht a thabhairt do aon iarracht teacht ar réiteach fhadhbanna inmharthana na 3 scoil a bhaineas le comhpháirtíocht na n Gaelscoileanna uilig.
    Deargchur i gcéill amach is amach