‘Ní bheadh ann do Kneecap gan Glór na Móna’ – síntiús tugtha ag an mbuíon rap le hionad pobail a fhorbairt i mBéal Feirste

Tá feachtas tiomsaithe airgid tosaithe ag an eagraíocht Glór na Móna agus é ráite go bhfuil pleananna chun foirgneamh nua a thógáil i mbaol ceal maoinithe

‘Ní bheadh ann do Kneecap gan Glór na Móna’ – síntiús tugtha ag an mbuíon rap le hionad pobail a fhorbairt i mBéal Feirste

Tá síntiús €7,000 tugtha ag an ngrúpa rap Kneecap d’fheachtas tiomsaithe airgid chun forbairt a dhéanamh ar ionad pobail Gaeilge i mBéal Feirste.

Tá an feachtas tosaithe ag an eagraíocht Glór na Móna agus é ráite go bhfuil na pleananna chun foirgneamh úr a thógáil i mbaol ceal maoinithe.

Tá sé i gceist ag Glór na Móna foirgneamh nua a thógáil in aice leis an ionad pobail Gael-Ionad Mhic Goill, ar an suíomh atá acu ar Bhóthar na Carraige Báine in iarthar Bhéal Feirste. Tá cead pleanála faighte cheana féin agus tá sé i gceist an foirgneamh nua a fhorbairt mar áis óige, pobail agus oidhreachta.

Tá maoiniú £1 milliún faighte ag an togra, ar a dtugtar Croí na Carraige, ach meastar go gcosnóidh an chéad chéim den fhorbairt thart ar £1.6 milliún. Deir Glór na Móna go gcaithfear an maoiniú breise a fháil chun tús a chur leis an obair roimh dheireadh na bliana.

Deir Glór na Móna go bhféadfaí an t-airgead atá de dhíth a fháil ón Roinn Pobal agus ón Roinn Oideachais ó thuaidh ach an toil a bheith ann. Tá feachtas GoFundMe tosaithe ag an eagraíocht chun cuid den airgead a bhailiú.

Agus an t-airgead á bhronnadh ag Kneecap ar an bhfeachtas, dúirt Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara mar is fearr aithne air, “nach mbeadh ann do Kneecap gan Glór na Móna”.

Mhaígh sé gur tháinig an t-airgead don síntiús ón £14,000 a bronnadh ar Kneecap nuair a thugadar rialtas na Breataine chun cúirte faoi chinneadh gan maoiniú a thabhairt dóibh.

Fág freagra ar '‘Ní bheadh ann do Kneecap gan Glór na Móna’ – síntiús tugtha ag an mbuíon rap le hionad pobail a fhorbairt i mBéal Feirste'