Ní bheadh a fhios agat cá mbrisfeadh tobar na Gaeilge amach…

Tá an-chreidiúint ag dul do Chumann na Gaeilge i mBoston as ucht na hagallaimh le muintir Chonamara sa chathair sin a chur ar fáil

Ní bheadh a fhios agat cá mbrisfeadh tobar na Gaeilge amach…

“Ní bheadh a fhios agat ó bhliain go bliain cá mbrisfeadh tobar na Gaeilge amach…An áit a ngabhann na Gaeil gabhann a ndúchas leo agus is dual do dhuine éigin a chuid den inspioráid a bhreith leis.”

Sin cuid den réamhrá a chuir Niall Ó Dónaill le leabhar Dhónaill Mhic Amhlaigh Dialann Deoraí.

B’in sna seascaidí. Sa lá atá inniu ann ní i leabhar is minice a gheofá an dúchas sin inár muintir thar lear ach in agallamh raidió nó teilifíse nó aríst i gcomhrá ar fhíseán agus as sin ar an idirlíon.

Ar chaint Néill Uí Dhónaill a bhí mé ag cuimhneamh nuair a chonaic mé agallamh a chuir Mike Newell as Ros Muc, ar son Chumann na Gaeilge i mBoston, ar bheirt eile as Conamara, Johnny Molloy agus Johnny Joyce.

Ar an mBántrach Ard i bparóiste Charna a rugadh Johnny Molloy sa mbliain 1938. Ní raibh sé ach bliain agus fiche d’aois nuair a chuaigh sé go Bostún.

Chaith se tamall ina bhrícléir agus chuaigh sé isteach ansin i Seirbhís Póilíneachta Bhostúin.

Saol bocht a bhí ina cheantar dúchais ina óige, a dúirt sé. Ní raibh sé ach deich mbliana nuair a cailleadh a athair in aois a cheithre bliana agus dá fhichead.

Bhí seisear mac sa gclann agus iníon amháin. Ní raibh an té ab óige ach timpeall trí mhí nuair a cailleadh an t-athair.

Nuair a d’fhág Johnny Scoil Náisiúnta na hAirde Móire chuaigh sé go Coláiste Muire i nGaillimh. Dúirt sé san agallamh seo nár fhoghlaim sé tada sa gColáiste . Déarfainn gur áibhéil ar fad a bhí sa gcaint sin mar is cumasach uaidh litir Ghaeilge a scríobh agus maidir leis an nGaeilge atá aige róstfadh sí ar an tlú.

Ní hé amháin sin ach nuair a cuireadh scrúdú orthu le dhul isteach sna póilíní i mBostún bhí 1,500 duine istigh ar an scrúdú. Tháinig Johnny sa gceathrú háit.

Choinnigh sé a shuim sa nGaeilge i gcónaí. Baineann sé an-leas as foclóir an Duinnínigh agus tá an-mheas aige ar scríbhinní Thomáis Bairéad.

D’aithneofá ar a chuid Gaeilge gur i mBostún a chaith sé formhór a shaoil. Tá sí níos glaine ná an Ghaeilge atá fanta anois sa mbaile.

Ní éisteann sé le Raidió na Gaeltachta agus ní fheiceann sé TG4. B’fhéidir gurbh é sin a leas. Fágann sé gur tháinig sé slán ón nGaeilge a chodail amuigh.

Tuigeann Johnny go bhfuil athrú mór tagtha ar a cheantar dúchais ó d’fhág seisean é.

Nuair a bhí sé sa mbaile i 1964 chonaic sé duine ag ceannacht máilín fataí i siopa. Chuir sin iontas air. B’aisteach leis nach raibh daoine ag cur fhataí iad féin mar a bhíodh.

B’fhacthas dó go raibh an nádúr ag imeacht as na daoine óga freisin. Chuirfeadh sé dán Mháirtín Uí Dhireáin i gcuimhne dhuit:

‘Gan ‘cé dhár díobh é’ ar a mbéal

Ná fios mo shloinne acu.’

In Inis Bearachain i bparóiste Leitir Móir a rugadh Johnny Joyce sa mbliain 1936. Sa mbliain 1955 a chuaigh seisean go Boston.

Chaith sé tamall ag obair ar an New Haven Railroad, seal gearr ina chonraitheoir tógála agus chuaigh sé ag obair ansin i rannóg chlódóireachta an Boston Globe.

Is beag ócáid Ghaelach ná Éireannach i mBostún nach gcuidíonn sé leo.

Tá suim chéadtach aige i rásaí curach. Ní ábhar iontais é sin mar go raibh a dheartháir Máirtín ar dhuine d’iomróirí cáiliúla Inis Bearachain a bhuaigh rásaí móra ag Tóstal na Gaillimhe fadó.

D’eagraigh Johnny agus daoine eile rásaí curach i Meiriceá freisin. Bhí sé ag tabhairt aire d’ocht gcurach ag a theach cónaithe tamall. Rinne sé féin trí churach.

Tá an-chreidiúint ag dul do Chumann na Gaeilge i mBoston as ucht na hagallaimh seo a chur ar fáil. Tá focal molta faoi leith ag dul don té a cheistigh an bheirt, Mike Newell as Ros Muc.

Ba mhaith an beart agallamh a chur air féin go deimhin. Bheadh neart scéalta le n-inseacht aigesean freisin.

Fág freagra ar 'Ní bheadh a fhios agat cá mbrisfeadh tobar na Gaeilge amach…'